LITRÍOCHT BHÉIL: Cúrsaí Bia

Thíos tá leagan trascríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

LITRÍOCHT BHÉIL: Cúrsaí Bia

Gníomhaíocht 1: Mála na nGiuirléidí:

  • Seo gníomhaíocht le samhlaíocht an scoláire a spreagadh.
  • Faigh prapaí/pictiúir a bhaineann leis an gcuntas seo, mar shampla: babhla, ciseog, prátaí, plúr, íomhánna d’éisc éagsúla, bagún, salann, uibheacha.
  • Cuir isteach i mála nó i mbosca iad.
  • Tóg na prapaí/pictiúir amach ceann ar cheann agus taispeáin do na scoláirí iad.
  • Beidh ar na scoláirí (ina n-aonar nó mar chuid de ghrúpa) ábhar an chuntais a thuar.

Gníomhaíocht 2 – Fuaim:

Éist leis an taifeadadh den scéal.

Gníomhaíocht 3 – Léitheoireacht:

  • Tá an leagan trascríofa den ábhar le fáil thíos.
  • Léigh an chéad leath don chuntas os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú leat leis an bhfoghraíocht

Cúrsaí Bia

Is é an méid bia a d’itheadh na seandaoine fadó, ná trí bhéile. D’itheadh siad fataí ar maidin agus iasc agus arís in am dinnéir agus ins an oíche. Bhíodh faochain agus bairnigh acu leis na fataí. Ba ghnách leo obair a dhéanamh ar maidin roimh an gcéad bhéile, mar théadh siad amach ar an ngarraí nó ag an gcladach agus is ann a thugtaí amach na fataí acu le n-ithe. Is fataí a bhíodh acu go minic mar ní bhíodh aon phlúr ann an t-am sin. D’óladh siad bainne go minic mar bhíodh sé acu leis na fataí freisin, bainne leamhnachta agus bainne géar. Is ar an gciseog nó ar an mbord a d’ithidís an béile. Chrochadh siad an bord leis an mballa nuair a bhíodh an béile ite acu. Bhíodh min bhuí agus roinnt plúir acu agus do bhídís ag déanamh sáspain díobh sin. Do bhíodh min choirce acu freisin agus d’ithidís í mar bhéile. Do mheascadh siad an mhin choirce agus na fataí bruite le chéile. Dhéanadh siad na fataí a scríobadh le ‘scraper’ agus é a fháisceadh go maith agus é a bhruith ansin, agus nuair a bheadh sé bruite, é a ithe mar arán.

Ní bíodh aon fheoil rómhinic acu ach nuair a mharaíodh siad beithígh nó caoirigh, is feoil úr a bhíodh acu. Nuair a bhíodh na muca tógtha, mharaíodh siad ceann acu agus shailleadh siad í agus bhíodh siad á hithe goirt. D’ithidís an fheoil gan í a bheith bruite chor ar bith chomh maith is dá mbeadh sí bruite.

D’ithidís iasc an minic, seo cuid de na héisc a d’ithidís – langa, crúdán, scadán, mangach agus cineálacha eile. Bhíodh siad á ithe úr is goirt, d’ithidís uibheacha Domhnach Cásca i gcónaí. Bhíodh dhá ubh nó trí huibhe ag chuile duine acu mar bhíodh sin de ghnás acu. Ní bíodh aon chupán acu go dtí le tamall anuas. Is as na sáspain a bíodh siad á ól agus as babhlaí freisin.

Gníomhaíocht 4 – Deis Taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Déan cur síos ar na béilí a bhíodh ag daoine fadó.
  2. Cár ith siad a mbricfeasta agus cén fáth?
  3. Céard a rinne siad leis an mbord tar éis an béile a ithe agus cén fáth?
  4. Cén saghas bainne a d’ól siad?
  5. Déan cur síos ar an gcineál feola a bhí acu?
  6. Céard a bhíodh acu ar Dhomhnach Cásca de ghnáth?
  7. Cén chanúint atá le cloisteáil sa scéal seo? Tabhair sampla den chanúint sin agus scríobh an focal sin i gcanúint eile.

Gníomhaíocht 6 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le seanfhondúirí sa phobal teanga agus faigh amach faoi na nósanna a bhíodh acu ó thaobh bia blianta ó shin.

Spreagcheisteanna:

Céard a d’itheadh siad go rialta nuair a bhí siad óg?
Céard a bhíodh acu tráth féilte?
Céard iad na hathruithe is mó a chonaic siad maidir leis an mbia atá ar fáil anois?
An bhfuil aon athruithe eile feicthe ag na daoine seo le blianta beaga anuas.

  • Is féidir póstaer a chur le chéile leis an eolas a chur os comhair an ranga.

Gníomhaíocht 7 – Taighde ar Líne:

  • Téigh chuig dúchas.ie (agus suíomhanna eile) agus faigh cuntais faoin mbia a bhí ar fáil aimsir an Ghorta.
  • Céard a bhíodh na daoine saibhre a ithe ag an am?
  • Cén fáth ar tharla an Gorta Mór agus céard a tharla do na daoine ag an am?
  • Déan comparáid idir an t-eolas a fhaigheann tusa agus an t-eolas atá ag daoine eile i do ghrúpa.

Gníomhaíocht 8 – Téigh i mBun Pinn

  • Scríobh alt gearr don nuachtán áitiúil dar teideal “Is mór idir inniu agus inné.” 
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

Smaointe:

Cúrsaí tithíochta
Slite beatha
Caitheamh aimsirí
Imirce
Féilte

Gníomhaíocht 9 – Naisc ábhartha eile:

  • Seo nasc chuig alt ar tuairisc.ie faoin ábhar seo. Déan nóta den eolas breise atá le fáil san alt seo. Déan meabhairmhapa den eolas ar fad atá agaibh faoin ábhar seo.
  • Seo ailt ó tuairisc.ie ina bhfuil agallaimh le daoine éagsúla faoin mbia is ansa leo.

Agallamh 1

Agallamh 2

Agallamh 3

Agallamh 4

    • Déan iarracht cuntas a scríobh ar an mbia is ansa leat féin.
    • Is féidir agallamh/comhrá a bheith agat le do pháirtí faon ábhar ansin.
  • Tá alt anseo faoin bpráta agus an meas atá ag daoine óga ar an mbia traidisiúnta. An gceapann tú go bhfuil an t-údar ceart?
  • Físeán: Féach ar an bhfíseán seo faoin mbia san Airgintín. An bhfuil cosúlachtaí agus difríochtaí idir an bia in Éirinn agus san Airgintín?

Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo.

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: Cúrsaí Bia'