MO ROGHA BIA… le Tristan Rosenstock

MO ROGHA BIA: Don tsraith seo ceistíonn Tuairisc.ie daoine aitheanta faoin mbéile speisialta atá acu. An tseachtain seo, Tristan Rosenstock ón gclar Imeall ar TG4.

B’fhéidir gurb é a réitíonn tú nuair a bhíonn ócáid speisialta agat nó dá mbeadh lá fada agat agus bia suaimhneach uait ina dhiaidh. Fiú mura bhfuil ann ach ceapaire cáise, an bhfuil bealach ar leith agatsa lena réiteach; cén t-arán a theastaíonn, nó an gcaithfidh tú im Kerrygold a bheith agat nó an amhlaidh nach bhfuil aon mhaith ann?

B’fhéidir gur maith leat a bheith ag cócaireacht agus go bhfuil mias ar leith a thaitníonn leat a réiteach, stobhach mairteola mealltach, seans. Pé béile nó mias é, más uasal nó íseal é, tá Tuairisc.ie ag iarraidh do scéal faoin mbéile is deise leat.

An tseachtain seo, roinneann Tristan Rosenstock, láithreoir an chláir IMEALL ar TG4 agus ball den ghrúpa ceoil Téada, a scéal linn.

Bridget Bhreathnach: Cén béile speisialta atá agat?

Tristan Rosenstock: Sicín Amok na Cambóide.

BB: Cén scéal a bhaineann leis?

TR: Thugas cuairt an samhradh seo caite ar Ríocht na Cambóide le mo chailín, Sadhbh. Níl radharc níos fearr feicthe riamh agam ná an radharc ar theampaill Angkor Wat le héirí na gréine. Agus an bia? Álainn ar fad! Rinneamar cúrsa cócaireachta ann mar gur thaitin an bia chomh mór sin linn. Agus is ann a d’fhoghlaimíos conas an béile seo a ullmhú.

BB: Cén deoch a chuirfeá leis?

TR: Beoir na Cambóide más féidir teacht air!

BB: Céard iad na cómhábhair?

Cómhábhair

  • Duilleoga brocailí …………….. 2 phíosa gearrtha go tanaí.
  • Muisiriúin …………….. 100g
  • Oinniún …………….. Leathcheann.
  • Taos Amok …………….. 2 spúnóg bhoird
  • Bainne cnó cócó …………….. 4 spúnóg bhoird
  • Siúcra …………….. 1 taespúnóg
  • Salann …………….. beagáinín
  • Taos éisc …………….. 1 taespúnóg

Tao Amok

  • Féar líomóideach …………….. Píosa amháin gearrtha go tanaí (“small small!”, mar a dúirt an cócaire linn!)
  • Tuirmiric …………….. Píosa beag gearrtha go tanaí
  • Seallóid …………….. 2 phíosa
  • Gairleog …………….. 2 phíosa

BB: Cén chaoi a réitíonn tú é? – le gur féidir le léitheoirí Tuairisc.ie é a thriáil sa mbaile!

TR: Clúdaigh an sicín leis an taos agus caith gach aon rud ar an bhfriochtán isteach sa bhainne cnó cócó ar feadh 15 nóiméad. Tá sé go hálainn ar fad le rís. Is féidir pláta a dhéanamh as duilleoga banana má tá taithí na cambóide uait. Bon appetit!

– Cuireann Tristan Rosenstock an tsraith ealaíon IMEALL i lathair ar TG4 gach Déardaoin ar a 10.15i.n.. Bíonn sé ag seinm ar an mbodhrán i dteannta an ghrúpa Téada chomh maith. Is minic é ar an mbóthar agus nuair a bhíonn sé ag taisteal is aoibheann leis bia an cheantair a bhlaiseadh.