Níor shíl mé riamh go raibh mé ag dul i léig. Shíl mé nach raibh ann ach go raibh mé gnóthach.
Tuirseach? Cinnte, ach nach mbíonn gach duine?
Dúirt mé liom féin, ‘Ní bheidh sé i bhfad go mbeidh sos agam.’
Seachtain amháin eile, a deirinn liom féin. Ach mhair an tseachtain sin míonna. D’éirigh mo chodladh corrach, m’fhoighne gann agus bhí mé de shíor ag osnaíl. Bhí mo chorp ag cur teachtaireachtaí chugam ach ní raibh mé ag éisteacht leis.
Mar chóitseálaí agus éascaitheoir anála, bím ag obair le daoine a mbíonn an bhail chéanna orthu agus a bhí ormsa. Tá siad ag coinneáil gach rud ag imeacht, ach ag sleamhnú go ciúin i dtreo strus iomlán.
Seo í an fhírinne a d’fhoghlaim mé, ní thagann ‘burnout’ thar oíche. Tagann sé i gcogair, i gcomharthaí beaga ciúine ar furasta neamhaird a dhéanamh díobh.
B’fhéidir go mothaíonn tú i gcónaí faoi bhrú, fiú nuair nach bhfuil aon éileamh práinneach ort. Nó go mbíonn tú trína chéile níos tapúla, nó níos maoithní ná mar is gnách leat.
B’fhéidir go mothaíonn tú lom ó thaobh mothúchán, nó go bhfuil tú greamaithe i do chuid smaointe, ar strae ó do chorp. Nó b’fhéidir nach féidir leat stopadh agus nuair a stopann tú, mothaíonn tú ciontach.
Is minic a sháraímid na comharthaí seo agus ceapaimid go gcaithfimid leanúint ar aghaidh. Ach ní locht pearsanta í an chloíteacht. Is comhartha í go bhfuil an nasc briste le do chorp, do theorainneacha, agus do riachtanais.
Ceann de na bealaí is simplí agus is cumhachtaí le filleadh ort féin ná tríd an anáil. Tá sí leat i gcónaí, agus insíonn sí an fhírinne faoi do staid inmheánach. Nuair atá tú faoi strus, bíonn sí gasta agus éadomhain. Nuair atá tú socair, bíonn sí domhain agus mall. Agus nuair a thugann tú aird uirthi tosaíonn athrú i do shaol.
Seo cleachtadh simplí a úsáidim féin agus le mo chuid cliant:
Anáil 4-6: Análaigh isteach trí do shrón ar feadh 4 soicind, agus amach go mall trí do bhéal ar feadh 6 soicind. Déan é seo cúpla babhta. Ansin fiafraigh díot féin, conas atá mé i ndáiríre? Ní gá freagra foirfe a fháil ar an gceist. Is é gníomh na ceiste féin atá tábhachtach. Tugann sé teachtaireacht do do chóras néarógach a deir ‘tá tú sábháilte anois’.
Uaireanta ceapaimid go gcaithfimid rud ollmhór a dhéanamh chun athrú a dhéanamh. Ach is iad na gníomhartha beaga rialta a chruthaíonn an fíorathrú.
Seo roinnt rudaí is féidir a dhéanamh go héasca:
- Tarraing cúpla anáil go machnamhach roimh do ríomhaire a oscailt.
- Téigh ar shiúlóid i d’aonar faoin aer úr.
- Roghnaigh bia a thugann fuinneamh duit
- Téigh isteach i do leaba 20 nóiméad níos luaithe
Lig duit féin sos a thógáil, fiú mura bhfuil gach rud déanta agat.
Is tacaíochtaí riachtanacha iad na cleachtais seo. Agus nuair a dhéanann tú iad go rialta, cruthaíonn siad spás i do chorp, i d’intinn, agus i do shaol.
Má tá cogar i d’intinn ag rá, ‘níl sé seo ag obair níos mó’, éist leis. Ní gá fanacht go dtitfidh gach rud as a chéile. Féadfaidh tú tosú anois, le hanáil amháin, le siúlóid amháin, le gníomh beag a deir, ‘tá mise tábhachtach’.
– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com .
Fág freagra ar 'Éist le do chorp sula dtiteann an tóin as an saol…'