MO ROGHA BIA… Dara Ó Cinnéide

Don tsraith seo ceistíonn Tuairisc.ie daoine aitheanta faoin mbéile speisialta atá acu. An tseachtain seo an colúnaí, craoltóir agus láithreoir Seó Spóirt ar TG4, Dara Ó Cinnéide

DARA CINNÉIDE

Don tsraith seo ceistíonn Tuairisc.ie daoine aitheanta faoin mbéile speisialta atá acu. An tseachtain seo an colúnaí, craoltóir agus láithreoir Seó Spóirt ar TG4, Dara Ó Cinnéide.

B’fhéidir gurb é a réitíonn tú nuair a bhíonn ócáid speisialta agat nó dá mbeadh lá fada agat agus bia suaimhneach uait ina dhiaidh. Fiú mura bhfuil ann ach ceapaire cáise, an bhfuil bealach ar leith agatsa lena réiteach; cén t-arán a theastaíonn, nó an gcaithfidh tú im Kerrygold a bheith agat nó an amhlaidh nach bhfuil aon mhaith ann?

B’fhéidir gur maith leat a bheith ag cócaireacht agus go bhfuil mias ar leith a thaitníonn leat a réiteach, stobhach mairteola mealltach, seans. Pé béile nó mias é, más uasal nó íseal é, tá Tuairisc.ie ag iarraidh do scéal faoin mbéile is deise leat.

An tseachtain seo roinneann Dara Ó Cinnéide a scéal linn.

Bridget Bhreathnach: Cén béile speisialta atá agat?

Dara Ó Cinnéide: Curaí Piardán le banana agus rís.

BB: Cén scéal atá agat leis an mbéile, cén fáth go dtaitníonn sé leat?

DóC: Nuair a thosnaíos ag bualadh lem’ bhean chéile ar dtúis, b’shin é an béile ab ansa liom a bheadh ag máthair mo chéile!

BB: Cén deoch a chuirfeá leis?

DóC: Mar de Frades Albarino nó fíoruisce Chiarraí

BB: Céard iad na cómhábhair?

DóC: Piardáin de chuid De Brún Iasc, bainne coconut de chuid Golden Dragon, taos curaí de chuid Patak’s, im & gairleog, banana, rís basmati.

BB: Cén modh déantacháin atá leis? – le gur féidir le léitheoirí Tuairisc.ie é a thriáil sa mbaile!

DóC: Dein an friochtán le him agus gairleog mhionaithe a théamh. Caith isteach mála de phiardáin de Brún agus dein iad a théamh ar feadh 5-7 nóim. Nuair atá na piardáin cócaireáilte agus bánaithe, cur isteach 300 ml bainne coconut, dein an rud ar fad a théamh nó go mbeidh an bainne ag beiriú. Cuir isteach spíonóig mór taos curaí agus measc go maith é. Gearr an banana ina sliosanna beaga agus cuir isteach sa bhfriochtán é. Dein an rud ar fad a théamh ar feadh 2 nóim. agus lig dó gan aon teas ar feadh 8-10 nóim. Cuir ar phláta le leaba ríse. Bain súp as!

Is colúnaí le Tuairisc.ie, láithreoir Seó Spóirt ar TG4  agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta é Dara Ó Cinnéide

Fág freagra ar 'MO ROGHA BIA… Dara Ó Cinnéide'