MO ROGHA BIA…

Don tsraith seo ceistíonn Tuairisc.ie daoine aitheanta faoin mbéile speisialta atá acu. An tseachtain seo Bláithín de Búrca, comhláithreoir Ó Tholg go Tolg ar TG4.

Mo Rogha Bia - Bláithín de Búrca

B’fhéidir gurb é a réitíonn tú nuair a bhíonn ócáid speisialta agat nó dá mbeadh lá fada agat agus bia suaimhneach uait ina dhiaidh. Fiú mura bhfuil ann ach ceapaire cáise, an bhfuil bealach ar leith agatsa lena réiteach; cén t-arán a theastaíonn, nó an gcaithfidh tú im Kerrygold a bheith agat nó an amhlaidh nach bhfuil aon mhaith ann?

B’fhéidir gur maith leat a bheith ag cócaireacht agus go bhfuil mias ar leith a thaitníonn leat a réiteach, stobhach mairteola mealltach, seans. Pé béile nó mias é, más uasal nó íseal é, tá Tuairisc.ie ag iarraidh do scéal faoin mbéile is deise leat.

An tseachtain seo roinneann Bláithín de Búrca, comhláithreoir Ó Tholg go Tolg ar TG4 a scéal linn.

Bridget Bhreathnach: Cén béile speisialta atá agat?

Bláithín de Búrca: ‘Stobhach Chorizo a la Cidre’ is ainm dó.

BB: Cén scéal atá agat leis an mbéile, cén fáth go dtaitníonn sé leat?

Bláithín: Chuaigh mo Dhaid ar saoire cúpla bliain ó shin le roinnt cairde agus fuair sé mias simplí, déanta as chorizo agus ceirtlis, i mbialann bheag sa Chatalóin.

Bhí sé chomh blasta sin agus bhain mo Dhaid an méid sin taitnimh as, gur smaoinigh sé ar mhias nua agus an ceann a bhí aige sa Chatalóin mar inspioráid aige.

Ní chuimhním fiú ar thug sé bronntanas ar ais dom mar gurb é an mhias seo ceann de na rudaí is fearr a thug aon duine ar ais óna laethanta saoire chugam riamh! Fiú sna laethanta seo, ní ithim sa bhaile formhór den am, ach más rud é go bhfuil m’athair ag smaoineamh ar an mbéile seo a dhéanamh, cuireann sé glaoch orm chun ceist a chur orm an mbeidh mé ansin i gcomhair dinnéir, agus ní dhéanann sé é go dtí go mbeidh mé ann (tá mé millte sa tslí sin). Bíonn an-áthas orm nuair a fhaighim an glaoch sin uaidh.

BB: Cén deoch a chuirfeá leis?

Bláithín: Bhuel, tá sé éasca ceirtlis a rá, mar go bhfuil sé sa mhias sa chéad dul síos – ach déarfaidh Ciara, nó aon duine a bhfuil aithne acu orm, déarfaidh siad leat go n-ólaim fíon le gach rud, agus sin é an moladh atá agam. Is maith liomsa fíon geal leis ach bheadh fíon dearg go breá freisin mar is feoil dhearg atá i gceist leis an mias.

BB: Céard iad na comhábhair?

Bláithín: 2 Ispín Chorizo, 4 prátaí sailéad, 2 caréid, 1 canna ceirtlise (tirim seachas milis, dar le Daid), 1 oinniún, 1 canna trátaí, oragán agus basal de réir mar a thaitníonn siad leat fhéin.

BB: Cén modh déantacháin atá leis? – le gur féidir le léitheoirí Tuairisc.ie é a thriáil sa mbaile!

Bláithín:

  1. Ar dtús, déan na glasraí crua (prátaí agus cairéid) a chnagbhruith i gcomhair 15 nóiméad.
  2. Caith formhór den uisce amach, ag fágáil tuairim is aon trian de.
  3. Gearr an t-oinniún ina shlisní, agus gach rud eile a ghearradh ina bpíosaí greim-mhéide (bite-sized)
  4. Cuir gach rud sa phota leis an uisce agus an canna ceirtlise.
  5. Déan an meascán a bhruith, agus ansin a shuanbhruith i gcomhair 15-20 nóiméad. Bí cinnte í a shuaitheadh go rialta.

De ghnáth, le stobhach, ba chóir duit é a fhágáil ina sheasamh ar feadh tamaill ach níl muidne in ann fanacht níos mó ná 5 nóiméad!