Arán buí: ’Sé an tslí a ndeinidís arán fadó. D’fhaighidís rud stáin go mbíodh déantús an oighinn air. Chuiridís min ann is d’fhliuchaidís í. Chuiridís ag bácáil i ngreideall é go mbíodh seastán thíos fé. Bhíodh trí cosa fé sin go dtugaidís “braind” air. Cístí mine is bainne a bhíodh acu.
Steaimpí: Dheinidís an steaimpí le prátaí. D’fhaighidís bosca stáin is d’osclaídís é is chuiridís poill ann le tairne. Cheanglaídís le hadhmad é agus bhíodh sé ina ghráta ansan. Bhídís ag scríobadh na bprátaí air nó go mbíodh bascaed lán acu. Ansan chuiridís isteach in éadach na prátaí. Bhíodh beirt bhan á fháscadh go dtí go mbíodh sé brúite acu. Ansan chuiridís isteach san stán seo é is chroithidís plúr ar gach taobh de. Chuiridís ag bácáil sa ngreideall é. Nuair a bhíodh sé bácáilte te d’ithidís le bainne fuar é. Sin é an sórt aráin a bhíodh acu an uair sin. Ní raibh aon chur amach acu an uair sin ar thae ná ar arán bán. Má bhíodh an steaimpí rófhuar ar maidin leis an mbainne fuar chuiridís ag téamh ar an ngreideall é. Bhíodh bacstaí acu leis dá ithe. Is prátaí a dheineadh an t-arán seo ach ní chuiridís puinn prátaí ins an arán seo mar is tóstáilte a bhíodh sé seo. Bhíodh bonn iarainn acu go mbíodh spiaraí beaga anairde air agus ansan an t-arán ar an mbonn iarainn. Bhácálaidís bacstaí fén luaith leis.
An tIasc: Iasc garbh a bhíodh acu. Théidís ag marú pollóg agus ag marú deargán agus ag marú ballach i gcomhair an gheimhridh. Do bhíodh langa acu agus dheinidís puirseach (praiseach) leis. Do chuiridís sáspan plúir síos ar stán agus d’fhliuchaidís é le huisce te. Nuair a bhíodh an t-iasc beirithe do dheinidís é a mhionú agus bhainidís as na cnámha agus chaithidís síos ar an bplúr is ar an uisce é agus chuiridís ag beiriú é os cionn na tine agus nuair a bhíodh sé ag fiuchadh do chaithidís oinniúin síos air. D’ithidís é nuair a bhíodh sé beirithe. D’ithidís le prátaí é. Do bhíodh iasc buí acu le prátaí agus le bainne gabhair agus le bainne caorach. Do théadh Tomás Pháidí Mhóir suas agus chrúdh sé na caoirigh is na gabhair agus thugadh sé abhaile é is d’óladh sé le harán buí é.
Feoil: Feoil gabhair agus feoil caorach a bhíodh acu i gcomhair na Nollag. Do mharaídís caora nó gabhar gach Nollaig. Do théadh na fir siar ins na hoileáin ag marú coiníní agus is mó tráthnóna a thángadar abhaile agus beart mór acu de choiníní saille. Do chuiridís ag beiriú iad thíos i gcorcán mór agus d’ólaidís an t-anraith a bhíodh orthu le harán buí agus is é a bhíodh go breá. Na mná ná féadfadh an t-arán buí do dhéanamh fadó dheinidís leite bhuí ina ionad. Do chuiridís scilléad mór ar an dtine agus chuiridís leath an scilléid de mhin bhreá bhuí síos ins an chorcán, agus d’fhliuchaidís í le huisce te. Nuair a bhíodh an mhin ag fiuchadh ar an dtine do chaithidís dorn eile mine uirthi chun í a dhéanamh ramhar. Nuair a bheadh sí beirithe ansan do chuiridís amach ar mhias mhór í agus bainne gabhair ina teannta agus d’ithidís í go breá.
Do théidís ar an dtráigh agus bhainidís bairnigh agus thugaidís leo stán sáile mar is mar sin is deise a bhíonn na bairnigh. Do chuiridís ag beiriú iad agus d’ithidís iad le bainne ramhar géar agus b’in é an bia maith láidir. Do bhainidís sleaidí agus thugaidís leo sáile. Do chuiridís síos i gcorcán mór é. Do bhrúidís é le dhá shlis mhór agus bhídís dá bhrú thíos ins an gcorcán go dtí go mbíodh sé brúite go maith acu. Nuair a bhíodh sé beirithe te d’íosfá do mhéarasta (mhéara) ina dhiaidh do bheadh sé chomh breá san. D’ólaidís an sáile te agus an t-arán buí.
Do bhíodh arán coirce acu leis. Do bhí bró chun meilt ag Tomás Pháidí Mhóir (Púncán). Do fuair sé thuaidh i mBaile na nGall í agus thug sé leis aduaidh í. Do bhí roth mór uirthi agus lámh mhór. Do bhí poll mór isteach inti chun an coirce a mheilt. Do bhíodh na seanmhná ag teacht go dtí an dtigh agus mála mór coirce ar a ndroim acu chun é mheilt dóibh. Nuair a bádh an Daggory do bhí a lán gráine buí inti agus do dheinidís cístí de. Nuair a bhí an chruithneacht ag imeacht ar an bhfarraige, théidís ag triall uirthi agus mheilidís í agus dheinidís arán di. Do dheinidís min choirce nuair a mheilidís an coirce. D’ólaidís an mhin choirce le harán buí agus le hiasc buí a bhíodh anairde os cionn an ghail acu chun é bheith ag buíú. Do bhíodh ola róin á hól acu agus ola an troisc agus ola an mhíl mhóir. Tine déanta de rabháin a bhíodh acu insan gheimhreadh mar is í is fearr a bhíodh chun lasadh.
– Pádraig Ó Ceárna,
An Blascaod Mór,
Co Chiarraí
a fuair an t-eolas seo ó Sheán Tom Ó Cearna (58) i 1935/36
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Cad a bhíodh ar chlár bia an Bhlascaoid sna 1930idí?'