LITIR ÓN SPÁINN: Tá súil agam go mbeidh fáilte sa tír seo i gcónaí roimh an uile chineál cuairteoir

Cé nár tugadh an oiread airde go dtí seo sa Spáinn ar an bhfealsúnacht pholaitíochta atá ar fáil an-fhada amach ar an eite dheis, is fealsúnacht í atá ag teacht chun cinn anois…

LITIR ÓN SPÁINN: Tá súil agam go mbeidh fáilte sa tír seo i gcónaí roimh an uile chineál cuairteoir

Le linn dom a bheith sa Spáinn faoi Nollaig scríobhas alt mar gheall ar chúrsaí inimirce ansin. Bhí sé le maíomh agam an uair sin, níl sé ach roinnt seachtainí ó shin, go raibh muintir na Spáinne tríd is tríd, réasúnta fabhrach d’inimircigh.

Ceapadh ar feadh i bhfad nach raibh aon chontúirt ón eite dheis ‘i bhfad amach’ sa Spáinn, toisc go raibh cuimhní géara ann fós ar ré an Ghinearáil Franco. Níl an daonlathas i réim sa tír ach ó 1977. Ón uair sin ar aghaidh bhí dhá mhórpháirtí san iomaíocht i gcónaí i gcúrsaí toghcháin agus ba eatarthu a bhí sé. Ba bheag an tábhacht a bhí ag baint leis an inimirce do cheachtar acu.

Ach más fada an t-achar í an tseachtain i gcúrsaí polaitíochta, is fada freisin an t-achar an mhí– féach thart orainn féin.

Agus mise ag déanamh gaisce faoin Spáinn agus an fháilte a bhíodh ansin san am a caitheadh roimh imircigh as Éirinn agus le tamall anuas, roimh imircigh agus teifigh as tíortha eile, tharla cor nua sa scéal.

Mar a bhí againn féin, bhí an dá mhórpháirtí ann agus iad fréamhaithe sa gcogadh cathartha, cé gur i bhfad i ndiaidh an chogaidh sin a tháinig an daonlathas.

Ach nuair a bhí mé ann i rith shaoire na Nollag agus ina dhiaidh, thug mé faoi deara go raibh caint ar dhream nua a dtugtar ‘Vox’ orthu. Anois, tá roinnt páirtithe nua tagtha ar an saol le tamall anuas ach níor éirigh leo aon chumhacht a bhaint amach. Ach sna toghcháin san Andalúis i mí na Nollag, d’éirigh le Vox 12 suíochán (11% den vóta) a bhuachan sa Rialtas Réigiúnach.

Agus de thoradh comhaontaithe le páirtithe coimeádacha eile, tugadh isteach sa rialtas iad.

Seasann an páirtí nua seo in éadan na hinimirce agus tá go leor le rá acu faoin bhféiniúlacht, an rud sin ar a dtugtar polaitíocht na féiniúlachta. Tá neart le rá acu freisin i gcoinne chearta na mban, i gcoinne chearta daoine aeracha agus go leor eile. Agus cé nár tugadh an oiread airde sa Spáinn ar an bhfealsúnacht pholaitíochta seo agus a tugadh i dtíortha eile san Eoraip, mar sin féin is fealsúnacht í atá ag teacht chun cinn anois.

I bhfíseán a chuireadar amach ar an idirlíon i mí na Samhna thug siad an ‘Reconquista’ chun cuimhne – sin an troid i gcoinne fhórsaí na Moslamach, a chríochnaigh nuair a cloíodh cathair Granada sa 15ú haois.

Ach bhí teachtaireacht láidir eile sa bhfíseán agus sa chaint faoi ‘reconquista’, is é sin an troid in aghaidh na Moslamach agus na hinimirce sa lá inniu.

Is í Málaga príomhchathair na turasóireachta san Andalúis. Éinne a chaitheann saoire ar an gCosta del Sol, tuirlingíonn siad i Málaga i dtosach. Agus imíonn a bhformhór mór ar an toirt go dtí na bailte móra turasóireachta siar ó Málaga.

Ach tá cosán coise ar an gcósta ag dul soir ón gcathair. Agus ar an gcosán tamaillín amach as Málaga, tá fógra faoi fhear as Ceanada, fógra atá beagáinín doiléir ar an gcéad amharc. San fhógra cuirtear buíochas in iúl don Dr Norman Bethune as ucht an chabhair a thug sé nuair a bhí muintir na cathrach i ndroch-chaoi amach is amach. Tá caint faoi ‘gorta’ agus daoine ar an dé deiridh agus iad ag teitheadh as an gcathair i 1937.

Shílfeá cinnte gurbh amhlaidh a ionsaíodh an Spáinn i ndeireadh na dtríochaidí agus go raibh tír eachtrannach éigin á cur faoi chois. Ach níorbh eachtrannaigh iad. Ní raibh na mílte, mílte de mhuintir Málaga ag teitheadh ó ionsaitheoirí ón taobh amuigh. Bhíodar á marú agus á ruaigeadh ag a muintir féin. Ba léir gur thug fear Cheanada cúnamh dóibh agus tá buíochas á léiriú dó i bhfad i ndiaidh na heachtra ar an gcosáinín coise seo.

Tá an Cogadh Cathartha sin ina ábhar conspóide i gcónaí sa Spáinn. Féach an argóint a bhí ann nuair a tosaíodh ag caint faoi thaisí an Ghinearáil Franco a aistriú amach as an áit ar cuireadh é. Téann na sluaite ann le bláthfhleascanna, ag tabhairt ómóis fós dó.

Ach anois, tá roinnt ábhair eile tagtha chun cinn ar an ‘agenda’ polaitiúil. An inimirce – cinnte, an eacnamaíocht, cinnte. Agus cé nárbh í ceist achrannach na Catalóine a tharraing anuas an rialtas le gairid, is cinnte nach mbeifear in ann an cheist a sheachaint sna seachtainí atá amach romhainn agus trialacha cúirte fós le reáchtáil maidir leis an reifreann neamhspleáchais ansin.

Go dtí le gairid, bhí cúrsaí eacnamaíochta sa Spáinn ag breathnú go maith. Dúradh go raibh sí sa gceathrú háit i measc thíortha an Eurozone. Ba chosúil go raibh ag éirí go maith leis na hiarrachtaí a rinneadh sa tír i ndiaidh an chúlaithe eacnamaíochta.

Agus tá margadh maith ann fós don turasóir, is léir nár ardaíodh na praghsanna ansin mar a tharlaíonn in Éirinn nuair a fheabhsaíonn an eacnamaíocht. Chuir sé iontas orm an tseachtain seo caite nuair nár iarradh ach €1.90 orm ar chupán chaife agus cupán tae.

Tá sé de nós acu fós i mbailte áirithe ‘tapa’ a thabhairt duit saor in aisce nó ar bheagán airgid má cheannaíonn tú deoch. Sa phictiúr feicfidh sibh an t-ordú agus an tsóinseáil a fuair mé as €10 i Ciudad Real faoi Nollaig.

Nílim ag cur geall ar bith ar thoradh an toghcháin seo, ná ar na toghcháin eile, Eorpach agus áitiúil, atá ar na bacáin. Guím gach rath orthu agus iad ag caitheamh vótaí. Agus tá súil agam go mbeidh fáilte sa Spáinn i gcónaí roimh an uile chineál cuairteoir.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN SPÁINN: Tá súil agam go mbeidh fáilte sa tír seo i gcónaí roimh an uile chineál cuairteoir'