LITIR Ó WASHINGTON: An ‘Glanadh Mór‘ go dtí ‘Bealach na nDeor’

‘An Glanadh Mór’  a tugadh ar an iarracht mhór a rinneadh na hIndiaigh dhúchasacha a ruaigeadh as a dtalamh in oirdheisceart Mheiriceá

LITIR Ó WASHINGTON: An ‘Glanadh Mór‘ go dtí ‘Bealach na nDeor’

Sa mbliain 1830 shínigh Uachtarán Mheiriceá Andrew Jackson an reachtaíocht a ruaigfeadh na hIndiaigh dhúchasacha as oirdheisceart Mheiriceá.

‘An Glanadh Mór’ (‘The Great Removal’) a tugadh ar an iarracht mhór a rinneadh chun iad a ruaigeadh agus an talamh a thabhairt do na Meiriceánaigh ‘nua.’

Cé go gceanglaítear ainm Andrew Jackson leis an mbeart, is é fírinne an scéil ná gur thóg sé tréimhsí ocht nUachtarán eile ina dhiaidh, go dtí go raibh an beart curtha i gcrích go hiomlán.

Bhí mé in Washington D.C. ar chuairt ghairid an tseachtain seo caite. Agus bhí Músaem na nIndiach Meiriceánach –cuid den bhailiúchán músaem Smithsonian – ar bharr an liosta againn le cuairt a thabhairt air.

Ar an mbealach síos thar an ‘Mall’ agus thar na bhfoirgnimh mhóra eile a bhíonn luaite le príomhchathair Mheiriceá go minic, chaith mé súil ar na hoibreacha éagsúla atá ar bun ansin agus ar chúpla séadchomhartha eile a raibh suim agam iontu.

Tá rud amháin cinnte i m’aigne – rachaidh sé rite leo gach ceann de na hoibreacha móra sin a chríochnú sula mbeidh an ceiliúradh USA250 acu ar an 4 Iúil. Seans go bhfillfidh mé ar an ábhar sin arís.

Bhí an ceiliúradh sin ar ‘Mheiriceá 250’ i m’intinn agam nuair a shroicheamar Músaem Náisiúnta Smithsonian an Indiaigh Mheiriceánaigh. (Sheiceáil an deartháir agus muid ar cuairt ann cé acu téarma ba cheart a úsáid – Indiach Meiriceánach nó téarma éicint eile a luafadh gur ‘bundúchasaigh’ iad agus dúradh linn go raibh an dá théarma inghlactha.)

Ní in Washington amháin atá músaem dá shórt. Is cosúil go bhfuil roinnt mhaith acu ar fud na Stát Aontaithe – go deimhin tá ceann a bhaineann le treibh na Cherokee i Stát Carolina Thuaidh.

Mar a bheifeá ag súil, is sa mhúsaem in Washington atá an bailiúchán is mó d’iarsmaí agus doiciméid a bhaineann le stair na ndaoine.

Tá urlár iomlán ann a thugann léargas an-mhion ar na conarthaí síochána a síníodh idir an Rialtas agus treibheanna éagsúla a bhí ag cosaint a gcuid tailte nó a bhí i mbun ‘cogaíochta’ mar a déarfadh an taobh eile.

Ach ní túisce conradh síochána sínithe, ná bhí sé briste ag an dream a raibh an lámh in uachtar acu.

‘The wandering savage’ a thug an t-Uachtarán Jackson orthu agus é ag brú tríd an reachtaíocht a chuirfeadh amach as a gcuid tailte iad.

Agus Acht 1830 rite ag an rialtas, thosaigh siad á gcur siar thar abhainn an Mississippi.

Scríobhadh an reachtaíocht sa gcaoi is gur tugadh le fios gur ar leas na nIndiach a bheadh sé. Agus cé go raibh drogall ar chuid de na polaiteoirí a dtacaíocht a thabhairt, chuaigh sé tríd an Seanad (29-19 vóta) agus an Comhthionól (102-97 vóta).

Thóg sé 28 bliain eile sula mbeadh na treibheanna ar fad ‘glanta’ ón oirdheisceart.

Dúradh gur chosain sé an t-uafás ar an Stát nua na daoine sin ar fad a chur amach as a dtalamh dúchais.

Ach ba é an costas daonna, na daoine a fuair bás ar an mbealach, na daoine a fuair bás nuair a shroicheadar talamh nach raibh feiliúnach dá saol, na daoine a buaileadh le galair éagsúla, na páistí a mb’éigean dóibh taisteal i rith an gheimhridh, b’in é an costas i ndáiríre.

Meastar (agus níl ann ach meastachán) gur ‘glanadh’ 67,000 Indiach dá dtailte agus gur cuireadh siar thar an Mississippi iad. Níl aon fhigiúr oifigiúil ann, áfach, don líon iomlán daoine a cuireadh siar go tailte nua. Tá figiúirí sa mhúsaem don líon daoine a fuair bás ar an mbealach, figiúirí a fuaireadar ó fhoinsí éagsúla. Ina measc, luaitear treibh, na Cherokee, go bhfuair idir 2,000 agus 4,000 duine díobh bás.

Baisteadh ainm ar leith ar an turas a rinne na Cherokee siar – ‘Bealach na nDeor.’

Luaitear chomh maith na Choctaw, dream a thug cúnamh do na hÉireannaigh aimsir an Ghorta. Meastar go bhfuair 4,000 acu sin bás ar an mbealach siar. Deirtear gur bhrúigh Rialtas na Stát Aontaithe conradh ‘síochána’ bréagach orthu agus gur brúdh amach iad i rith geimhreadh a bhí thar a bheith crua. Bhíodar in ainm is a bheith beathaithe agus bia tugtha dóibh don turas ach ba chosúil nár tharla sé sin.

Agus céard a tharla don talamh a d’fhágadar?

Shíl mise i gcónaí go raibh tailte na nIndiach ag teastáil ó na ‘Meiriceánaigh Nua’ toisc go raibh siad ag iarraidh dul ag feirmeoireacht ann. Mar a dúradar féin, níor léir dóibh go raibh na daoine dúchasacha ag baint aon úsáid ‘thairbheach’ as. Ach níorbh shin é an toradh a bhí ar an ‘Glanadh Mór.’

Go tapaidh tar éis an ‘glanadh’ tosaíodh ar olltáirgeadh cadáis sa cheantar mór sin in oirdheisceart Mheiriceá. Cuireadh tús dá bharr sin le ‘míorúilt’ eacnamaíochta ollmhór i Meiriceá. Forbraíodh ceangal idir na Plandálacha sa deisceart agus muilte cadáis i Massachusetts, tithe airgeadais i Nua-Eabhrac agus le trádálaithe i Londain agus Learpholl.

Ach na déanaimis dearmad go raibh lucht oibre ollmhór ar na Plandálacha sa deisceart – na daoine, Afracaigh den chuid is mó, a bhí faoi chuing na sclábhaíochta agus a d’oibrigh go crua ag chuile chéim den táirgeadh cadáis.

Dúradh gur tharla sé go mbíodh na treibheanna Indiacha á dtabhairt amach as a gcuid tailte ar longa a bhí ag seoladh ó thuaidh ar an Mississippi agus uaidh sin chuig a dtailte ‘nua’ in Oklahoma, ag an am céanna is a bhí an cadás a d’fhás ar a gcuid tailte á sheoladh ó dheas ar an Mississippi céanna ag déanamh ar chalafort New Orleans agus uaidh sin go calafoirt an domhain.

Is é an t-iontas gur tháinig an oiread sin de na hIndiaigh-Meiriceánaigh slán ina gcuid tailte nua agus go bhfuil treibheanna fós lonnaithe in áiteacha éagsúla – fiú amháin in oirthear na tíre.

Agus nach é an t-iontas é gur chuimhnigh na Choctaw orainne agus an méid sin péine á fhulaingt acu féin thall i Meiriceá? Meas’ sibh an mbeidh mórán acu ag ceiliúradh USA250?

Fág freagra ar 'LITIR Ó WASHINGTON: An ‘Glanadh Mór‘ go dtí ‘Bealach na nDeor’'