Chaith mé seachtain an mhí seo ag múineadh na fliúite ar scoil samhraidh Bernard’s i bPrág. Imeacht bhliantúil as an ngnáth í atá dírithe ar an gceol agus ar an rince Gaelach. Bhí múinteoirí as Éirinn, as an mBriotáin, as an tSlóvaic agus as Poblacht na Seice i mbun an teagaisc i mbliana. Ba é James Greenan, duine de phríomhrinceoirí Riverdance, an fear ba cháiliúla ina measc. I measc an lucht freastail, bhí Seicigh, Slóvacaigh. Polannaigh, Gearmánaigh, Úcránaigh agus daoine as tíortha eile. Níl aon amhras ach gurb é an t-imeacht is mó dá shórt i lár na hEorpa.
Am ar dóigh a bhí againn. Chomh maith leis na ranganna teagaisc, bhí seisiúin cheoil ar siúl agus bhí céilí againn an oíche dheireanach a raibh ar gach aon rang píosa gairid a chleachtadh lena aghaidh. Agus an lá ina dhiaidh sin, rinne cuid de na múinteoirí, James Greenan san áireamh, seó ag an bhféile cheoil Skotské hry (Cluichí Albanacha) céad ciliméadar ó Phrág agus glacadh mar réalta móra leo. Bhí 90 duine páirteach an samhradh seo ach bhí blianta ann go raibh breis is a dhá oiread ag freastal ar an scoil atá ar an bhfód le fada, ó 2001.
Le linn na tréimhse sin ar fad, tá duine amháin i mbun an eagraithe – Václav Bernard, díograiseoir a bhfuil obair mhór déanta aige chun an ceol agus an rince Gaelach a chur chun cinn sa tír.
Téann suim na Seiceach sa cheol Gaelach níos faide siar ná bunú na scoile. Thosaigh an tóir ar an gceol (agus cibé rud a bhain leis na Ceiltigh, cuma an raibh bunús stairiúil leis nó nach raibh) sna nóchaidí, go luath tar éis thurnamh an Chumannachais. Nuair a osclaíodh na teorainneacha, bhí éileamh ar gach sórt ruda a tháinig ón Iarthar. Bhí mealladh nach beag sa chultúr Gaelach toisc nach raibh sé cosúil in aon chor leis an mórchultúr Meiriceánach a bhí forleathan sna meáin uile. Rómánsaíocht a bhí i gcuid mhór den tsuim, ar ndóigh, go háirithe agus na Ceiltigh i gceist.
Ach chuir an ceol agus an rince fréamhacha sa tír agus thosaigh daoine á bhfoghlaim i ndáiríre – ar chuairteanna in Éirinn, ó cheirníní agus ó fhíseáin, agus ag an scoil samhraidh ó bunaíodh í. Tá grúpaí ceoil, scoileanna rince agus seisiúin i ngach réigiún den tír anois, beagnach. Gach uile bhliain, bíonn cúig fhéile ar siúl, ar a laghad, dírithe go sonrach ar an gceol Éireannach agus Albanach, agus cúpla míle duine ag freastal ar na cinn is mó acu. Agus bíonn fáilte roimh an gceol seo ag féilte le fócas níos ginearálta chomh maith – nuair a d’fhreastail mé ar cheann dírithe ar an gceol tíre ag deireadh mhí Lúnasa (Folkové prázdniny is ainm don imeacht sin), bhí Daoirí O’Farrell ann, Kateřina García agus Liam Ó Maonlaí, agus fidléir iontach as Albain, Ryan Young.
B’fhéidir go gcuirfeadh Éireannach an cheist cén fáth a mbíonn oiread sin suime i gceol ó thír i bhfad i gcéin – nach bhfuil bhur gceol traidisiúnta féin agaibh?
Tá, ar ndóigh, sa Mhoráiv go háirithe, agus draíocht ag baint leis an gceol sin. Ach ní féidir ceol ar bith a theorannú. Is feiniméan idirnáisiúnta é an ceol Gaelach ó na 1960idí i leith, ar a laghad, agus seinntear é san iliomad áiteanna anois ó Seattle go Tóiceo. Is deis iontach iad na seisiúin sna cathracha móra do dhaoine de náisiúntachtaí éagsúla chun aithne a chur ar a chéile – i gceann de na seisiúin rialta i bPrág, castar ar Ísiltíreach, Danmhargach, Rúiseach agus cúpla Seirbiach, gan trácht ar na Seicigh agus ar na Slóvacaigh. Agus go minic, cuireann an ceol daoine i dtreo na Gaeilge agus chultúr na hÉireann i gcoitinne.
Tá mise ina measc siúd – chuir mé suim in Éirinn ag deireadh na nóchaidí tar éis éisteacht le cúpla closchaiséad le ceol Gaelach, rud a mheall i dtreo na teanga agus na litríochta mé.
Faoi láthair chomh maith, freastalaíonn roinnt mhaith ceoltóirí agus rinceoirí ar mo ranganna Gaeilge san ollscoil chun a gcuid eolais faoin gcultúr a leathnú agus de ghnáth, éiríonn go maith leo. Agus ar scoil samhraidh Bernard’s féin, bhí rang Gaeilge ar siúl i mbliana, á theagasc ag Colene Nee, bean óg as Conamara a mhúin an damhsa freisin. Bíodh dóchas againn go leanfaidh an scoil ar aghaidh sna blianta amach romhainn – cabhraíonn sí go mór leis an mbá idir an dá thír a chothú.
Máire Ní Annracháin
Peirspictíocht an-luachmhar agat ar shaol na Gaeilge, a Radvan. Go raibh míle maith agat.
Máire Ní Annracháin