LITIR Ó CALIFORNIA: Anocht tá an baile beag sléibhe seo beo le lucht cuardaigh agus tarrthála…

In Lone Pine a ghlacann siúlóirí an chéad sos mór agus iad ar an mbealach ó Mheicsiceo go Stát Washington, ach anocht tá an baile beo le lucht cuardaigh, foirne nuachta agus baill d'fhórsaí míleata na Stát Aontaithe 

LITIR Ó CALIFORNIA: Anocht tá an baile beag sléibhe seo beo le lucht cuardaigh agus tarrthála…

Lone Pine, California, 22.00 am an Aigéin Chiúin.

Tá cáil ar Lone Pine, an baile sléibhe ina bhfuilim faoi láthair, mar gheall ar Chonair Dhroim an Aigéin Chiúin, cosán fada sléibhe a shíneann ó thuaidh ar chósta thiar Mheiriceá. Is anseo a ghlacann siúlóirí an chéad sos mór agus iad ar a mbealach ó Mheicsiceo go Stát Washington.

Ach anocht tá an baile beo le lucht cuardaigh agus tarrthála, foirne nuachta agus baill d’fhórsaí míleata na Stát Aontaithe. 

Gortaíodh seachtar turasóirí i nGleann an Bháis inniu nuair a thuairteáil eitleán F/A 18-A de chuid Chabhlach SAM ar maidin. Níl tásc ná tuairisc ar phíolóta an aerárthaigh ó tharla an timpiste breis agus 12 uair an chloig ó shin.

Níor gortaíodh an seachtar Francach, as aon teaghlach amháin, go dona ach tugadh duine amháin acu go hospidéal Los Angeles ar fhaitíos na bhfaitíos. 

Bhí na turasóirí ag áit darbh ainm Fr Crowley Viewpoint in iarthar Pháirc Náisiúnta Ghleann an Bháis ar maidin nuair a thuairteáil an trodaire. Tuairiscítear go raibh siad taobh istigh de chúpla céad méadar den aerárthach nuair a tháinig sé i dtír. 

Agus mé ag tiomáint thar an láthair níos deireanaí sa lá, bhí an talamh dóite agus smionagar ón aerárthach le feiceáil go soiléir san áit agus lucht cuardaigh i mbun a gcuid oibre. 

Ní hiondúil go ligtear d’aerárthaigh eitilt os cionn Pháirceanna Náisiúnta Mheiriceá ach tá cead speisialta ag an Aerfhórsa traenáil a dhéanamh anseo i nGleann an Bháis. Is minic a bhíonn turasóirí sa gcarrchlós atá ag Fr Crowley Viewpoint agus súil acu aghaidheanna na bpíolótaí a fheiceáil agus na heitleáin ag imeacht ar luas lasrach os a gcionn. 

Tugtar ‘Star Wars Valley’ ar an áit ina mbíonn na heitleáin seo mar gheall ar a chosúla le Tattooine, pláinéad tábhachtach sna scannáin fiscin eolaíochta, is atá sé. Is cinnte go dtiocfadh domhan dúchais mhuintir Skywalker chun cuimhne agus tú ag breathnú ar aerárthaigh nua-aoiseacha ag réabadh thar an bhfásach lom rua. 

Níl mórán eolais tugtha ag an gCabhlach ná ag Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta faoin gcuardach don phíolóta go dtí seo. 

Ag a 10.00 a tharla an timpiste agus bhí an teocht chomh te le 50°C inniu i nGleann an Bháis, an áit is teo agus is tirime ar domhan. Tá an píolóta amuigh sa bhfásach millteanach sin le 12 uair an chloig anuas agus an oíche the tite le ceithre uair an chloig. 

Agus mé ag siúl timpeall na páirce inniu, níor fhéad mé dul 100m gan a bheith ag bárcadh allais. Níor fhéadfainn níos mó ná 20 nóiméad a sheasamh sa teas damanta gan teitheadh ón ngrian go dtí carr nó foirgneamh aerchóirithe agus mo bhuidéal mór uisce. 

Deir na seirbhísí éigeandála go leanfaidh an cuardach ar feadh na hoíche. 

Fág freagra ar 'LITIR Ó CALIFORNIA: Anocht tá an baile beag sléibhe seo beo le lucht cuardaigh agus tarrthála…'