Litir chuig Daidí na Nollag ó Camelot…

Féachann ár gcolúnaí ar litir chuig Santaí a scríobhadh sa Teach Bán ar an 19 Nollaig 1962

AE_JFK_Carolines5thBirthday_tx800

Dear Santa,

I would like a pair of silver skates – and one of those horse wagons with lucky dips – and Susie Smart and Candy Fashion Dolls and a real pet reindeer and a clock to tell time and a covered wagon and a farm and you decide anything else – and interesting planes or bumpy things he can ride in or some noisy thing or something he can push or pull for John.

Love from Caroline.

P.S. I would like a basket for my bicycle.

Sa Teach Bán i Washington a scríobhadh an litir sin. Ba í Caroline Kennedy, iníon an Uachtaráin, John Fitzgerald Kennedy, a scríobh agus ba é a deartháir an ‘John’ atá i gceist aici sa litir. Cúig bliana d’aois a bhí Caroline Kennedy san am sin.

Cuireann an litir sin tús le leabhar Nollag a chur Caroline Kennedy-Schlosberg, atá ina hAmbasadóir ag Meiriceá sa tSeapáin anois, i dtoll a chéile i 2007. Tharla sé go raibh mé i Leabharlann Cuimhneacháin John F. Kennedy i mBoston taca an ama seo ocht mbliana ó shin nuair a seoladh an leabhar.

Litir bheag stairiúil í an litir sin a sheol Caroline Kennedy chuig Santa i 1962. Ba í an Nollaig dheireanach í a mbeadh an teaghlach uilig in éineacht; feallmharaíodh a hathair, an tUachtarán John Fitzgerald Kennedy, i mí na Samhna 1963. Bheadh athrú ollmhór ar shaol an chailín bhig an Nollaig dár gcionn.

Is dóigh go raibh Caroline Kennedy ag súil le go leor ó Dheaidí na Nollag i gcomórtas leis na mianta a bheadh ag na milliúin eile cailíní beaga dá haois ar fud an domhain an uair sin. Ach ba isteach sa saol sin a tháinig sí agus, mar a dúirt sí féin ag seoladh an leabhair, níor thuig sí go raibh aon bhlas neamhghnách ag baint léi féin seachas cailín beag ar bith eile. Bhí sí ar bís ag súil le Daidí na Nollag – tá an draíocht chéanna ag baint le fear na mbronntanas, bíodh sé sa Teach Bán nó i dteach ar bith eile.

 

Fiche bliain roimhe sin a chas mé le Caroline Kennedy i dtosach. Nuair a deirim gur chas mé léi, ní raibh ann ach dhá fhocal cainte. Bhí sí ag ócáid a bhain le dealbh chuimhneacháin dá hathair le taobh Theach na Parlaiminte i mBeacon Hill i mBoston – an State House. I 2007, bhí i bhfad níos mo den saol feicthe aici, í scór blianta níos sine agus  tanaí as a ceann aghaidh. Is beag nach ndéarfá go raibh sí roinnt cúthaileach.

Ceart go leor, bhí sí ag tabhairt poiblíochta don leabhar Nollag ‘A Family Christmas’ agus bhí cúrsaí gnó ag baint leis an ócáid. Bíodh is go raibh ciste ollmhór airgid carnaithe ag na Cinnéidigh – agus a cuid féin aicise de sin – thuig tú go gcaithfeadh tragóidí an teaghlaigh a bheith ag luí ar a croí freisin. Is í an duine deireanach de ‘Camelot’ í agus an duine deireanach den chomhluadar a bhí sa Teach Bán nuair a scríobhadh as sin chuig Daidí na Nollag i 1962.

‘Camelot’ an teideal a tugadh do na Cinnéidigh sa Teach Bán; daoine saibhre, daoine ábalta, daoine dathúla, daoine cumhachtacha agus daoine a leag béim ar shaol a bheadh níos fearr do chuile dhuine – saol an aoibhnis ar nós an cheoldráma ‘Camelot’. Ba é an scríbhneoir Theodore White a bhaist an teideal sin ar na Cinnéidigh tar éis dó Jacqueline Kennedy an ré sin a chur i gcomórtas le ‘Camelot’ in agallamh a rinne sí leis.

Beag beann ar shaibhreas, léiríonn an litir bheag sin as an Teach Bán roimh Nollaig na bliana 1962 gurb ionann gasúir i chuile áit agus i chuile aicme – agus gurb ionann an Nollaig i gcroíthe gasúr pé ar bith aicme den saol lena mbaineann siad – mar is ionann an draíocht sin agus ‘Camelot’.

Agus maireann na cuimhní cinn i gcaitheamh an tsaoil, fiú is go bhfuil ‘Camelot’ imithe.

 

Fág freagra ar 'Litir chuig Daidí na Nollag ó Camelot…'