LITIR AS LOMBARDIA: ‘An bhuairt is mó atá orainn ná go mbeidh an bheirt againn tinn agus nach mbeimid ábalta aire cheart a thabhairt do na páistí’

Tá cónaí ar Mhairéad Young sa Lombaird san Iodáil, ceann de na ceantair is measa ar domhan atá buailte ag Covid-19. Tá sí féin, a fear agus a mbeirt mhac ag baile le coicís anuas. Labhair sí le Tuairisc.ie

LITIR AS LOMBARDIA: ‘An bhuairt is mó atá orainn ná go mbeidh an bheirt againn tinn agus nach mbeimid ábalta aire cheart a thabhairt do na páistí’

Táimid sa teach anseo in Varese in Lombardia le breis is coicís anuas, mé féin, m’fhear céile Stephen agus ár mbeirt ghasúr, atá ceithre bliana agus sé bliana d’aois. Téann m’fhear chéile Stephen amach chun bia a cheannach agus sin uile. Agus b’fhearr leis féin gan é sin a dhéanamh.

Tá asma air agus tháinig niúmóine éadrom air an uair dheireanach a raibh tinneas air. Is í an bhuairt is mó atá orainn ná go n-éireoidh an bheirt againn tinn agus nach mbeimid ábalta aire cheart a thabhairt do na páistí. Cé go bhfuil sé an-chúramach bíonn sé neirbhíseach ag fágáil an tí.

Tá síocháin ait anseo. Tá sé fíorchiúin. Tá na scéalta ar na meáin faoin mbrú atá ar na seirbhísí sláinte ag dul in olcas ach tá tú in ann iad a sheachaint. Cé go bhfuil na huimhreacha fós ag dul i méid, tuigim go bhfuil an cuar ag lúbadh beagáinín, agus dírím air sin.

Tá trua mór agam do na hoibrithe sláinte ar an líne thosaigh. Níl dóthain acmhainní ag na hospidéil; tá ar dhaoine a bhfuil leaba ospidéil de dhíth orthu fanacht sa bhaile agus tá ar dhochtúirí cinntí uafásacha a dhéanamh.

Leanfaidh an coraintín seo go dtí an 3 Aibreán go hoifigiúil ach creideann gach duine go mairfidh sé i bhfad níos faide ná sin. Ach ar ndóigh, is scéal nua é scéal an víris nach bhfuil cinnteacht ar bith ag baint leis.

Tá an scoil ina mbím féin ag teagasc [An Scoil Eorpach in Varese] fós ag feidhmiú ar líne. B’fhearr liom i bhfad a bheith ag obair os comhair an ranga. B’athrú tobann é agus is dúshlán mór ár gceachtanna a chur in oiriúint dó. Caithfidh mé físeáin a réamhthaifeadadh gach oíche toisc go mbíonn mo mhic lán de bhrí i rith an lae. Chomh maith leis sin is minic go mbíonn an t-ardán ar líne ag streachailt faoi ualach na tráchta.

Bíonn nasc agam leis an obair an lá ar fad tríd an bhfón agus ní féidir liom éalú go hiomlán. Braitheann na daltaí an caidreamh lena múinteoirí uathu freisin agus tá brú millteanach ar na daltaí sa bhliain dheireanach. Tá formhór mór acu ag obair go dian ag baile toisc nach bhfuil mórán eile le déanamh acu.

Déanaimid iarracht cloí le sceideal do na buachaillí beaga. Tá ríméad orthu sin faoin scéal. Ní thugann siad faoi deara go bhfuil siad sáinnithe sa teach ar chor ar bith. Tá an t-ádh orainn go bhfuil spás againn. Déanann siad cúpla turas timpeall an tí gach lá agus cuireann siad dioscó ar siúl sa seomra suí.

Mholfainn do dhaoine in Éirinn cloí le comhairle na seirbhísí sláinte agus an rialtais, agus gan eolas a roinnt nach dtagann ó fhoinsí iontaofa. Cuireann na scéalta míchruinne líonrith ar dhaoine nó cuireann siad daoine amú agus déanann siad a bheag den scéal.

Is cúis mhór imní é sin. Tharla an rud céanna san Iodáil.  Tá níos mó tuisceana againn ar an gcontúirt anois ná mar a bhí againn anseo cúpla seachtain ó shin. Más féidir le gach duine teacht le chéile chun daoine leochaileacha a chosaint bheinn dóchasach go n-éireoidh le muintir na hÉireann.

Is dochtúir í mo dheirfiúr in ospidéal i mBaile Átha Cliath agus tá imní orm go mbeidh an crá croí céanna i ndán di mura gcuirtear moill le scaipeadh an ghalair.

Caithfidh daoine éisteacht le lucht leighis. Is iadsan na daoine a bheidh ag cur a mbeatha i mbaol. Níl jab deacair ag an gcuid eile againn, ach tá siad ag brath orainne a dtreoracha simplí a leanúint.

Fág freagra ar 'LITIR AS LOMBARDIA: ‘An bhuairt is mó atá orainn ná go mbeidh an bheirt againn tinn agus nach mbeimid ábalta aire cheart a thabhairt do na páistí’'

  • Bairbre

    An-litir. GRMA .

  • Áine

    Léargas maith ar a bhfuil i ndán dúinn agus comhairle stuama. Dá leanfadh daoine an chomhairle sin bheadh na mílte daoine leochaileacha níos sábháilte… Tiocfaimid slán!