Bhí a líofacht sa Ghaeilge ar cheann de na cúiseanna ar shocraigh Sinn Féin tacú le Catherine Connolly mar iarrthóir don uachtaránacht, dar le hurlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí, Aengus Ó Snodaigh.
Agus é ag freastal ar an mórshiúl Cearta ag an deireadh seachtaine, dúirt Ó Snodaigh go bhfuil an Ghaeilge “riachtanach” do ról an uachtaráin agus go dtuigeann Catherine Connolly an tábhacht a bhaineann leis an teanga.
“Measaim féin go bhfuil [an Ghaeilge] riachtanach toisc an ról atá ag an uachtarán, agus sin ceann de na fáthanna go bhfuil Sinn Féin ag tabhairt tacaíocht iomlán do Catherine Connolly toisc go bhfuil an Ghaeilge líofa aici agus go bhfuil tuiscint aici ar an ngá atá le Gaeilge ins an stát agus ins an náisiún,” a dúirt Ó Snodaigh le The Journal.

D’fhógair Sinn Féin Dé Sathairn seo caite go mbeadh an páirtí ag tacú leis an iarrthóir as cathair na Gaillimhe mar chuid den “chomhghuaillíocht” páirtithe ar an eite chlé atá luaite cheana féin léi. Fágann cinneadh Sinn Féin gan a n-iarrthóir féin a chur chun cinn go dtacaíonn cúig pháirtí i nDáil Éireann le Catherine Connolly, agus nach mbeidh ach triúr ar an mballóid go fóill.
Rinne Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge cáineadh géar an tseachtain seo caite ar líomhain a rinne an Taoiseach Micheál Martin go raibh “uirlis troda” á déanamh den Ghaeilge le linn an fheachtais toghcháin don uachtaránacht.
Dúirt an Taoiseach nár cuireadh bac riamh cheana ar dhuine seasamh d’oifig an uachtaráin mar gheall ar easpa Gaeilge agus gur toghadh daoine nach raibh Gaeilge acu ina n-uachtarán cheana.
Ghéill an fear gnó Gareth Sheridan inné go raibh teipthe ar a iarracht ainmniúchán a fháil. Níor éirigh le Sheirdan tacaíocht a fháil ó Chomhairle Chontae na Mí ná Comhairle Contae Uíbh Fháilí. Tá an feachtasóir coimeádach Maria Steen fós ag iarraidh tacaíocht na gcomhairlí contae agus baill Thithe an Oireachtais roimh an sprioclá, Dé Céadaoin, lena hainm féin a chur ar an mballóid.
Tar éis an agóid, dúirt Aengus Ó Snodaigh, an Teachta Dála de chuid @sinnfeinireland, go bhfuil an Ghaeilge ceann de na cúiseanna ann go bhfuil Sinn Féin ag tabhairt tacaíochta iomlán do Chatherine Connolly sa toghchán Uachtaránachta pic.twitter.com/pill5Hwk58
— Conor Brummell (@conorbrummell) September 20, 2025
Tá Jim Gavin agus Heather Humphreys ainmnithe cheana féin mar iarrthóirí ag Fianna Fáil agus ag Fine Gael. Is í Catherine Connolly an t-aon duine den chúigear sin atá ag iarraidh a bheith ina n-uachtarán ar Éirinn a bhfuil Gaeilge líofa aici, cé go bhfuil agus gealltanais tugtha ag Heather Humphreys agus Jim Gavin go gcuirfeadh siad feabhas ar a scileanna teanga dá dtoghfaí iad.
Ní ghlacfar le haon ainmniúchán eile do thoghchán na huachtaránachta tar éis Dé Céadaoin, an 24 Meán Fómhair. Beidh an toghchán féin ar siúl Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair agus insealbhófar comharba Mhichíl D Uí Uigínn go gairid ina dhiaidh sin.
Bhí Heather Humphreys chun cinn ar na hiarrthóirí eile sa phobalbhreith dheireanach a rinneadh faoin toghchán, ach ní raibh cinneadh déanta ag Sinn Féin cé acu an dtacódh nó nach dtacódh siad le Catherine Connolly nuair a rinneadh an suirbhé sin.
Pól Ó Braoin
… “agus gealltanais tugtha ag Heather Humphreys agus Jim Gavin go gcuirfeadh siad feabhas ar a scileanna teanga dá dtoghfaí iad.”
Tinn tuirseach dubh dóite atá mé ag éisteacht lena léithéide ráiméis seo ó na polaiteoirí béarla amháin atá againn. Cuirimis Catherine na Gaeilge isteach mar uachtarán agus bíodh deireadh leis mar scéal!
niall Ó Flaithbheartaigh
Tá an gwailge riachtanach………gaolainn le dealramh, agus ní gwailge BhÁC.-mahogany gaspipe.