Liam is ainm dom, is Gael mé agus i m’ainm atá mo scéal…

An té nach bhfuil meas aige ar ainm duine, bíonn sé aineolach agus contúirteach

Liam is ainm dom, is Gael mé agus i m’ainm atá mo scéal…

Is follasach go bhfuil ainmneacha – agus leasainmneacha- an duine tábhachtach dó. Léiríonn siad ionannas: deir siad cé tusa agus cárb as tú. I mo chás féin, léiríonn ‘Liam’ gur Gael mé. Léiríonn mo shloinne gur tháinig mo mhuintir ó Chríoch Lochlann na céadta bliain ó shin, gur thaitin Dún na nGall leo d’ainneoin na haimsire, agus gur fhan siad i ndiaidh na gcreach. Tá mo leasainm suimiúil. Is mise Liam Uilliam Eoghain. John William (Uilliam) Eoghain an leasainm a bhí ar m’athair: John, a ainm baiste; William/Uilliam an t-ainm baiste a bhí ar a athair féin; Eoghan an t-ainm a bhí ar a sheanathair. Mar sin, Eoghan – lán-Ghaeilge; William/Uilliam – Béarla/ Gaeilge. John – Béarla. Léiríonn leasainm m’athar an dóigh ar imigh an Ghaeilge óna áit dhúchais, Gleann Gad, i dtuaisceart Inis Eoghain.

Bhí Gaeilge ag gach teaghlach sa cheantar ach beirt de réir dhaonáireamh 1901. Ach taobh istigh de dhá ghlúin,  bhí sí ar shiúl. Tharla an rud céanna in áiteanna eile in Inis Eoghain. ‘In  one generation, Irish went away like snow off the ditches.’ a dúirt Charley Mac Loinsigh, duine de na cainteoirí deireanacha in Iorras, Cluain Maine.

Bhí ainmneacha clainne sa nuacht le déanaí. Dúirt Donald Trump agus é ag caint ar an ionadaí daonlathach, Alexandria Ocasio-Cortez, ‘I don’t  have time to go with three different names. We’ll call her Cortez. It takes too much time.’

Bhí sin thar a bheith maslach. Tá sé maslach úsáid a bhaint as sloinne amháin i mBéarla. Úsáideann na Spáinnigh dhá shloinne, nó sloinne dúbailte. Tá an dara sloinne an-tábhachtach: sin sloinne na máthar. Má shocraíonn duine úsáid a bhaint as sloinne dúbailte, ba chóir úsáid a bhaint as an dá cheann nuair atá tú ag tagairt dó nó di.

Ní don bhean uasal sin amháin a thug Trump masla. Mhaslaigh sé a muintir agus a nósanna. Mhaslaigh sé na milliúin duine ina thír féin agus ar fud an domhain.  Cuireann sé déistin orm gur chreid sé go raibh sin greannmhar. Ach bhí freagra a lucht éisteachta níos déistiní  fós. Chuir an cruinniú sin slógaí faisisteacha na dtríochaidí i gcuimhne dom. Chuir sé imní orm.   

Fág freagra ar 'Liam is ainm dom, is Gael mé agus i m’ainm atá mo scéal…'

  • Sinéad OHanlon Lindsay

    Sinéad is ainm dom, is Gael mé. I m’ainm atá mo scéal: Sinéad an t-ainm a bhí ar bean chéile Éamonn de Valera, mo shloinne: clann mór ó tuaisceart na hÉireann. Tá mé i mo chónaí san Albain agus dá bhrí sin tá tábhacht níos mó ag baint le mo ainm mar nílim’sa bhaile’. Is múinteoir mé, múinim do na páistí go bhfuil ceart acu féiniúlacht a bheith acu. Is duine aineolach é Donald Trump. Níl doimhneacht i rud ar bith a deireann sé.