Leithscéal gafa le Ciarán Ó Feinneadha faoi mhaíomh an stáit ‘nach ann dó’

Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge socrú a dhéanamh leis an Phríomh-Oifig Chlárúcháin seiceáil a dhéanamh féachaint an raibh fadhb le sloinnte Gaeilge eile ar chóras cláraithe teastas breithe an stáit

Leithscéal gafa le Ciarán Ó Feinneadha faoi mhaíomh an stáit ‘nach ann dó’

Tá Conradh na Gaeilge le cuairt a thabhairt ar an Phríomh-Oifig Chlárúcháin chun a thuilleadh eolais a lorg faoin scéal gur aistríodh sloinne an ghníomhaí teanga aitheanta, Ciarán Ó Feinneadha, go Béarla ar chóras cláraithe teastas breithe an stáit.

Ghabh oifigeach sinsearach ón Phríomh-Oifig Chlárúcháin, a thagann faoi scáth na Roinne Coimirce Sóisialaí, leithscéal le Ciarán Ó Feinneadha faoin aistriúchán a rinneadh ar a shloinne.

Ach níor thug an Roinn mórán suntais do chás Uí Fheinneadha sa ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie ina dhiaidh sin.

Ní raibh tásc ná tuairisc ar theastas breithe Chiaráin Uí Fheinneadha, gníomhaí teanga cáiliúil agus duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga, nuair a rinne sé iarracht teacht ar an teastas ar bhunachar leictreonach na roinne.

Dúirt oifigeach de chuid na roinne le Ó Feinneadha, a bhí ag iarraidh clárú le haghaidh Cárta Leasa Sóisialaí, nach ann do ‘Ciarán Ó Feinneadha’ ar bhunachar na dteastas breithe.

Agus an scéal á fhiosrú aige, tugadh le fios dó go raibh a theastas breithe cláraithe faoi Ciarán Feeney, sloinne nár úsáid sé féin, ná a chuid tuismitheoirí ná a chlann riamh, a dúirt sé.

Ach i ráiteas a chuir urlabhraí ón Phríomh-Oifig Chlárúcháin ar fáil do Tuairisc.ie dúradh nár aistríodh sloinnte Gaeilge ar bith ar bhunachar digiteach na dteastas breithe.

Thug Oifigeach Sinsearach ón Phríomh-Oifig Chlárúcháin le fios d’Ó Feinneadha idir an dá linn go ndearnadh an t-aistriúchán ar a ainm sa bhliain 1958, nuair a rugadh é agus go raibh an t-ainm ‘Feeney’ le feiceáil fós sna seanleabhráin atá i seilbh na hoifige.

Dúirt an tOifigeach sin le Ó Feinneadha gur sna leabhráin sin a rinneadh innéacsú ar ainmneacha daoine a rugadh sa stát sular cuireadh an córas digiteach i bhfeidhm.

Dúradh leis chomh maith gur bhain an fhadhb le teastais bhreithe a cláraíodh roimh 2004 agus nach raibh aon fhadhb le sloinnte Gaeilge a cláraíodh ó shin.


Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge socrú a dhéanamh leis an Phríomh-Oifig Chlárúcháin seiceáil a dhéanamh féachaint ar aistríodh sloinnte Gaeilge eile.

Sa ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie dúirt urlabhraí ón Phríomh-Oifig Chlárúcháin go rabhthas “freagrach” as bunachar sonraí na ndeimhnithe breithe, idir dheimhnithe páipéir agus deimhnithe digiteacha agus nár aistríodh sloinnte Gaeilge go Béarla.

“Níor cuireadh leagan gallda ar shloinnte na ndaoine, ar cláraíodh a mbreitheanna i nGaeilge, ar bhunachar sonraí na ndeimhnithe breithe,” a dúradh sa ráiteas.

Dúirt Ó Feinneadha go raibh sé “ar buile” nach raibh an Roinn sásta leithscéal a ghabháil leis go poiblí agus dúirt gur gá an scéal a fhiosrú chun a fháil amach an bhfuil sloinnte Gaeilge eile aistrithe go Béarla ar bhunachar na dteastas breithe.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa le Ciarán Ó Feinneadha faoi mhaíomh an stáit ‘nach ann dó’'

  • Jams O Donnell

    GRMA as an iriseoireacht a Mhéabh.

    “YER NAM IS JAMS O DONNELL!!”
    – An Béal Bocht

  • Proinnsias O hUrmoltaigh

    Tá áthas mór orm gur éirí le Ciarán agus le Conradh Na Gaeilge a shloinne a cheartú .
    Bhí mé an-bhuartha faoín scéal seo, nuair a chuala mé an agallamh ar Adhmhaidin, RNAG, níos luaithe sa tseachtain. Táim an-bhródúil as m’ainm agus mo shloinne a bheith agam ar mo cártaí sóisíalta, pas, teastas breithe, teastas baiste agus srl., agus bheadh mé an-fheargach dá n-athrófaí iad.

    Is in Éirinn amháin a cheistítear ” céard é an Béarla” ar na hainmneacha lán-Ghaelach.
    Ní raibh aon deacrachtaí agamsa le mo shloinne nuair a chaith mé tamall sa Ghearmáin, mar shampla.

    Agus cinnte, má as an Pholainn nó aon áit eile sa domhan a thagann tú, ní cheisteofar é sin.