Leithscéal gafa ag Uisce Éireann as gan teagmháil a dhéanamh le cainteoirí Gaeilge ‘ina dteanga féin’

Níor íoc úinéir Tigh Mholly, teach ósta aitheanta sa Ghaeltacht, aon bhille a chuir Uisce Éireann chuige ó 2014 toisc na billí a bheith i mBéarla

Leithscéal gafa ag Uisce Éireann as gan teagmháil a dhéanamh le cainteoirí Gaeilge ‘ina dteanga féin’

Tá leithscéal gafa ag Uisce Éireann as gan teagmháil a dhéanamh le cainteoirí Gaeilge “ina dteanga féin”.

Ghabh Uisce Éireann leithscéal le cainteoirí Gaeilge i ndiaidh fhoilsiú tuairisce ar an suíomh seo nár íoc Peadar G. Ó Máille, úinéir Tigh Mholly, teach ósta sna hAille in Indreabhán, aon bhille a chuir Uisce Éireann chuige ó 2014 toisc na billí a bheith i mBéarla.

Dúirt Ó Máille nach raibh sé ag diúltú a chuid billí uisce a íoc ach nach n-íocfadh sé aon bhille le hUisce Éireann go dtí go gcuirfí ar fáil i nGaeilge é.

I ráiteas a chuir Uisce Éireann ar fáil do Tuairisc.ie maidir leis an scéal, dúradh nach bhféadfaidís aon tagairt a dhéanamh do chás an Mháilligh ach ghabhadar “leithscéal” le daoine nach raibh sásta leis an tseirbhís nó an “easpa” seirbhíse i nGaeilge a bhí á cur ar fáil acu.

“Cé nach féidir le Uisce Éireann tagairt d’aon chás ina aonar mar gheall ar chosaint sonraí, ba mhaith le Uisce Éireann leithscéal a ghabháil leo siúd nach raibh taithí shásúil acu leis an bhfóntas maidir leis an gcumarsáid nó an easpa cumarsáide ina dteanga féin,” a dúradh.

Dúradh sa ráiteas chomh maith go n-aithníonn Uisce Éireann go bhféadfaidís “feabhas” a chur ar an tseirbhís a chuireann siad ar fáil do dhaoine i nGaeilge.

“Tuigeann Uisce Éireann gur féidir linn feabhas a chuir ar an tseirbhís a chuireann muid ar fáil trí Ghaeilge agus déantar athbhreithniú leanúnach ar na bealaí gur féidir linn sin a dhéanamh,” a dúradh.

Maidir le billí a fháil i nGaeilge, dúradh go bhféadfadh custaiméirí “iarratas ar bhille trí Ghaeilge” a dhéanamh le hUisce Éireann agus go “gcuirfear sin ar fáil dóibh”.

Deir Ó Máille, áfach go bhfuil sé “ar theann a dhíchill” le fada ag iarraidh bille i nGaeilge a fháil ó Uisce Éireann, agus gur scéal é atá gan réiteach “le blianta”.

Chuir úinéir Thigh Mholly litir chuig an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun a chuid “frustrachais” a chur in iúl faoi na deacrachtaí a bhí aige le seacht mbliana anuas bille i nGaeilge a fháil ó Uisce Éireann.

Maíonn Ó Máille go bhfuil cur chuige an chomhlachta i leith na Gaeilge ag dul in aghaidh an méid a bhí ráite i leabhrán eolais Uisce Éireann a cuireadh chuige ó 2014.

Agus an cás á phlé aige i nGaeilge le hoifigeach de chuid Uisce Éireann in 2016, tugadh gealltanas dó go gcuirfí an chéad bhille eile chuige i nGaeilge agus go nglanfaí aon riaráistí de bharr na “fadhbanna” a bhí aige bille i nGaeilge a fháil.

Dúirt Ó Máille le Tuairisc.ie nár tháinig ann don bhille agus nár glanadh na riaráistí go fóill.

Cé nach bhfuil aon dualgas reachtúil ar Uisce Éireann seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil, dúradh i ráiteas Uisce Éireann go ndéantar “iarracht” seirbhís dhátheangach a chur ar fáil dá gcuid custaiméirí.

“Cé nach bhfuil Uisce Éireann go hiomlán faoi chúram Acht na dTeangacha Oifigiúla, déanann an fóntas iarracht seirbhís dhátheangach a thairiscint. Mar shampla, is féidir glaoch ar an tsaor-uimhir fóin agus uimhir a 9 a bhrú chun labhairt le gníomhaire le Gaeilge. Mura bhfuil duine ar fáil ag an am, is féidir iarratas a dhéanamh ar ghlaoch ar ais nuair atá.

“Bíonn cuid mhaith de na tvuíteanna a sheoltar maidir le hoibreacha i nGaeilge agus déantar tréaniarracht a chinntiú go mbíonn logainmneacha na gceantar Gaeltachta i gcónaí i nGaeilge,” a dúradh.

Dúirt Uisce Éireann go mbíonn “go leor” dá gcuid “brandála” á dhéanamh go dátheangach agus go raibh “cuid mhaith” de shuíomh an chomhlachta ar fáil i nGaeilge.

Cuirtear leis an ábhar Gaeilge ar an suíomh “go minic”, a dúradh.

Toisc nach bhfuil aon scéim teanga aontaithe ag Uisce Éireann le hAire na Gaeltachta níl aon dualgas reachtúil orthu comhfhreagras a thionscnamh i nGaeilge le daoine.

Deirtear i mbille teanga nua an Rialtais, a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar an Acht Teanga, go dtabharfar isteach córas na gcaighdeán, córas nua ina leagfar amach na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí.

Faoi láthair, aontaíonn gach comhlacht poiblí a scéim teanga féin le Roinn na Gaeltachta ach tá an córas sin tite chomh mór sin in aimhréidh ó d’éirigh an Coimisinéir Teanga as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur “cur amú acmhainní” é.

Faoin bhille teanga nua, leagfaí dualgais chaighdeánacha éagsúla ar chomhlachtaí poiblí amhail Uisce Éireann, ag brath, mar shampla, ar an méid teagmhála a bhíonn acu leis an phobal.

Tá a leithéid de chóras i bhfeidhm cheana féin sa Bhreatain Bheag.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag Uisce Éireann as gan teagmháil a dhéanamh le cainteoirí Gaeilge ‘ina dteanga féin’'

  • Seán ÓM

    Maith thú a Pheadair! Sé Indreabhán an líne thosaigh – ná géill riamh.
    Scaití ceapaim ba chóir dúinn muintir na Breataine Bige a chur i gceannas ar an tír seo – ó thaobh cúrsaí teanga ar a laghad…

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Agus an rugbaí freisean!!!!!!!

  • Darach Ó Scolaí

    Nár laga Dia thú, a Pheadair!
    Tá mé ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar Tigh Mholly gan mhoill le go n-ólfaidh mé braon d’Uisce Éireann!

  • Colm de Búrca

    “Faoin bhille teanga nua, leagfaí dualgais chaighdeánacha éagsúla ar chomhlachtaí poiblí amhail Uisce Éireann, ag brath, mar shampla, ar an méid teagmhála a bhíonn acu leis an phobal.
    Tá a leithéid de chóras i bhfeidhm cheana féin sa Bhreatain Bheag.”
    An mise an t-aon duine a fhiafraíonn dó féin cén fáth – a trí nó a ceathair de ghlúnta tar éis a bheith neamhspleách – go bhfuil muid ag breathnú i dtreo cuid den Ríocht Aontaithe (nach bhfuil meanmspleách) chun tabhairt faoin ár gcuid fadhbanna teanga a réiteach?
    Rinneadh é seo cheana tá fiche bliain ó shin, agus tógadh isteach córas a bhí bunaithe ar chóras na Breataine Bige (córas a bhí ag dul as feidhm de bharr nach raibh ráth air) ansin nuair a ritheadh an tAcht Teanga se’againne.