Úinéir tábhairne Gaeltachta ‘ag impí’ ar Uisce Éireann bille a chur ar fáil dó i nGaeilge

Deir úinéir Thigh Mholly sna hAille i gConamara nár íoc sé aon bhille a cuireadh chuige ó Uisce Éireann ó 2014 mar ‘bheart agóide’ toisc gur i mBéarla amháin a cuireadh ar fáil iad

Úinéir tábhairne Gaeltachta ‘ag impí’ ar Uisce Éireann bille a chur ar fáil dó i nGaeilge

Tá úinéir teach tábhairne aitheanta i nGaeltacht Chonamara nár íoc bille le hUisce Éireann le seacht mbliana anuas “ag impí” ar an chomhlacht bille a chur ar fáil dó i nGaeilge.

Deir Peadar G. Ó Máille, úinéir Tigh Mholly, an teach ósta aitheanta sna hAille in Indreabhán, nár íoc sé aon bhille a chuir Uisce Éireann chuige ó 2014. “Beart agóide” in aghaidh na mbillí a bheith á gcur chuige i mBéarla amháin atá i gceist, a deir sé.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Máille go raibh sé “tinn tuirseach ar fad” a bheith ag plé le Uisce Éireann faoin cheist.

Chuir sé a chuid “frustrachais” in iúl i litir a sheol sé chuig an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tseachtain seo. Deir sé sa litir go bhfuil sé “ar theann a dhíchill” ag iarraidh bille i nGaeilge a fháil ó Uisce Éireann, agus gur scéal é atá gan réiteach “le blianta”.

Dúirt Ó Máille gur “bille eile fós i mBéarla” agus téacs eile fóin ó Uisce Éireann a spreag é chun an scéal a chur faoi bhráid an Aire Darragh O’Brien.

Cuireadh comhairle air sa teachtaireacht ó Uisce Éireann teagmháil a dhéanamh leis an chomhlacht arís chun an scéal a phlé.

“Tá mé ag fáil téacsanna mar seo le blianta agus glaoim ar an uimhir go minic le mo chás a phlé leo,” a dúirt sé.

Mhaígh Ó Máille nach raibh sé ag diúltú a bhillí uisce a íoc ach nach n-íocfadh sé aon bhille le hUisce Éireann go dtí go gcuirfí ar fáil i nGaeilge é.

Dúirt Ó Máille nach raibh aon fhadhb aige billí uisce a íoc nuair a bhí cúrsaí soláthair uisce faoi chúram Chomhairle Chontae na Gaillimhe, toisc gur i nGaeilge amháin nó go dátheangach a chuirtí na billí sin chuige.

Deir Ó Máille go bhfuil cur chuige an chomhlachta i leith na Gaeilge ag dul in aghaidh an méid a bhí ráite i leabhrán eolais Uisce Éireann a cuireadh chuige ó 2014.

Deir sé go raibh sampla de bhille sa leabhrán sin a léirigh sampla den chineál bille i nGaeilge a raibh sé ag súil leis ón chomhlacht.

Ach is i mBéarla amháin a cuireadh gach ceann dá bhillí uisce chuige ó shin.

Agus an cás á phlé aige i nGaeilge le hoifigeach de chuid Uisce Éireann in 2016, tugadh gealltanas dó go gcuirfí an chéad bhille eile chuige i nGaeilge agus go nglanfaí aon riaráistí de bharr na “fadhbanna” a bhí aige bille i nGaeilge a fháil.

“Níor tháinig ann do bhille i nGaeilge agus níor cuireadh ar ceal na riaráistí go fóill,” a dúirt an t-óstóir le Tuairisc.ie.

Ag trácht dó ar na leasuithe atá le déanamh ar an bhille teanga, dúirt Ó Máille nach bhfuil cur chuige Uisce Éireann i leith na Gaeilge “ag teacht le spiorad dhlí na tíre ach ag dul glan ina aghaidh”.

Toisc nach bhfuil aon scéim teanga aontaithe ag Uisce Éireann le hAire na Gaeltachta níl aon dualgas reachtúil orthu comhfhreagras a dhéanamh i nGaeilge le daoine.

Dheimhnigh urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga do Tuairisic.ie nach raibh aon cheangal reachtúil ar Uisce Éireann faoin Acht Teanga mar atá “sonraisc a chur ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach”.

“Is faoi scéim nó plean teanga a leagfaí dualgas reachtúil den chineál sin ar chomhlacht poiblí. Cé go bhfuil Uisce Éireann tagtha faoi scáth na reachtaíochta ó Mheitheamh 2020, níl iarrtha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar an gcomhlacht dréachtscéim a leagan faoina bhráid go dtí seo,” a dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga.

Tá ráiteas faoin scéal seo iarrtha ag Tuairisc.ie ar Uisce Éireann.

Deirtear i mbille teanga nua an Rialtais, a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar an Acht Teanga, go dtabharfar isteach córas na gcaighdeán, córas nua ina leagfar amach na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí.

Faoi láthair, aontaíonn gach comhlacht poiblí a scéim teanga féin le Roinn na Gaeltachta ach tá an córas sin tite chomh mór sin in aimhréidh gur éirigh an Coimisinéir Teanga as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur “cur amú acmhainní” é.

Faoin bhille teanga nua, leagfaí dualgais chaighdeánacha éagsúla ar chomhlachtaí poiblí amhail Uisce Éireann, ag brath, mar shampla, ar an méid teagmhála a bhíonn acu leis an phobal.

Tá a leithéid de chóras i bhfeidhm cheana féin sa Bhreatain Bheag.

Fág freagra ar 'Úinéir tábhairne Gaeltachta ‘ag impí’ ar Uisce Éireann bille a chur ar fáil dó i nGaeilge'

  • Sean ÓM

    Seas an fód a Pheadair! Ná lig d’Indreabhán titim faoi chos an Bhéarla!

  • Mártan

    Ná géill orlach a chomrádaí. Fair play dhuit.