Leithscéal gafa ag PSNI le Fir na gCochall ach ní leor sin amháin

Dhá bhliain agus caoga, nach mór, i ndiaidh an Imtheorannaithe léiríonn imeachtaí na seachtaine seo agus go leor cásanna stairiúla eile nach leor mian na Breataine chun ‘líne a tharraingt’ faoi oidhreacht na dTrioblóidí

Leithscéal gafa ag PSNI le Fir na gCochall ach ní leor sin amháin

Ócáid stairiúil ab ea í.

Bhí tábhacht thar na bearta léi don mhéid d’Fhir na gCochall atá beo agus do mhuintir na bhfear atá ar shlí na fírinne. Thairis sin, i bhfianaise dhiongbháilteacht rialtas na Breataine chun stop a chur le fiosruithe nó cúisimh faoi eachtraí le linn na dTrioblóidí baineadh stad as daoine nuair a fógraíodh go raibh leithscéal faighte ag an ngrúpa as an gcéasadh a d’fhulaing siad os cionn caoga bliain ó shin.

Cuireadh fáilte mhór roimh an leithscéal ón PSNI ach ní hé sin amháin a theastaigh ón ngrúpa. Leanfar lena bhfeachtas chun leithscéal agus admháil gur céasadh iad go neamhdhleathach a fháil ó Roinn Cosanta agus rialtas na Breataine. Is beag cosúlacht ar chur chuige rialtas na gCaomhach go ndéanfaidh siad rud orthu.

Bhí na ceithre fhear déag i measc na gcéadta den phobal Caitliceach a gabhadh ar an 9 Lúnasa 1971 nuair a cuireadh tús le himtheorannú gan triail i dTuaisceart Éireann. Roghnaíodh an bhuíon 14 (go randamach) lena dtabhairt chuig aonad speisialta a bhí faoi réir le haghaidh ‘domhain-cheastóireacht’ in ionad míleata Bhaile Uí Cheallaigh i gcontae Dhoire. Bhí idir shaighdiúirí agus chomhaltaí den RUC i mbun ‘cheistiú’ na bhfear.

Cuireadh cochaill ar a gcloigne mar chuid den díothú céadfach a leanfadh lá i ndiaidh lae. Níor ceadaíodh bia, deoch ná codladh dóibh, b’éigean dóibh seasamh scartha i staid struis, i bhforchultacha nár athraíodh, cé nach raibh cead acu a dhul ag an leithreas. Nuair a thit siad buaileadh iad agus cuireadh iachall orthu seasamh arís. Seinneadh torann ard – torann bán mar a thugtar air. Caitheadh amach as héileacaptar iad, á rá leo go raibh siad ard san aer nuair a bhí an héileacaptar ar foluain gar don talamh.

Teicnící speisialta ceastóireachta is ea iad sin. Bhí leas bainte ag an mBreatain astu sa Chéinia, sa Mhalaeisia, i mBoirneo agus áiteacha eile agus iad cáinte go géar dá bharr. Thug rialtas na hÉireann cás chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ag cur céasadh i leith rialtas na Breataine. Rith an Bhreatain feachtas láidir in aghaidh chás na hÉireann agus dúirt an Príomh-Aire, Ted Heath i 1972 go raibh cosc oifigiúil á chur aige ar na teicnící ceastóireachta sin. I 1978 b’údar mór díomá é do rialtas na hÉireann agus do na fir féin nuair a rialaigh an chúirt sin gur tugadh íde a bhí mídhaonna agus táireach ar an 14 fear ach nár chéasadh é.

Níor cúisíodh éinne den 14 as aon choir agus mhaígh siad ariamh go mba chéasadh (coir thoirmiscthe) ab ea an íde a tugadh orthu. In 2014 nocht clár teilifíse a rinne Brídóg Ni Bhuachalla agus Rita O’Reilly do RTÉ Investigates taifead oifigiúil de chuid rialtas na Breataine a léirigh gur fhaomh státrúnaithe i Londain agus aire in Stormont an ‘domhain-cheastóireacht’.

D’eascair scata cásanna cúirte as an bhfaisnéis sa chlár sin. Rinne rialtas na hÉireann achomharc chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ach dhiúltaigh an chúirt sin a rialú i 1978 a athrú. Rialaigh Cúirt na nAchomharc i mBéal Feirste agus Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe gur cheart an cás a bheith fiosraithe ag an PSNI i ndiaidh an chláir sin agus chinn siad freisin gur ‘céasadh’ an sainmhíniú a dhéanfaí sa lá atá inniu ann ar an drochíde a fuair na fir.

Anois tá leithscéal gafa ag Simon Byrne, Príomh-Chonstabla an PSNI leis an fir as gníomhartha agus faillí na seirbhíse póilíneachta. B’fhada an leithscéal sin á éileamh ag an mbuíon, go háirithe ag Joe Clarke a fuair cóip de theachtaireacht na bpóilíní ar leaba a bháis. Cailleadh é an lá a bhfuair an t-ochtar a mhaireann an leithscéal ón PSNI.

Dúirt urlabhraithe thar ceann na bhfear agus a ndlíodóir nach staonfaidh siad go bhfaighidh siad admháil agus leithscéal ón rialtas. Beidh siad ag súil freisin go gcuirfidh rialtas na hÉireann brú ar an mBreatain faoin gceist.

Gan dabht beidh an Bille Oidhreachta agus Athmhuintearais, a bhfuil íobartaigh agus gach páirtí in Éirinn thuaidh agus theas ina choinne, faoi chaibidil amárach ag cruinniú idir-rialtasach na Breataine agus na hÉireann.

Dhá bhliain agus caoga, nach mór, i ndiaidh an Imtheorannaithe léiríonn imeachtaí na seachtaine seo agus go leor cásanna stairiúla eile nach leor mian na Breataine chun ‘líne a tharraingt’ faoi oidhreacht na dTrioblóidí le pian agus tóir ar an gcóir a chur ar ceal.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag PSNI le Fir na gCochall ach ní leor sin amháin'