Leithscéal gafa ag láithreoir de chuid Raidió na Gaeltachta le fear a bhí míshásta le hagallamh faoin hómafóibe

Tugadh cuireadh don scríbhneoir teilifíse Antoin Beag Ó Colla teacht ar an gclár ‘Barrscéalta’ ar maidin agus ghabh an láithreoir, Edel Ní Chuireáin, leithscéal pearsanta leis

Leithscéal gafa ag láithreoir de chuid Raidió na Gaeltachta le fear a bhí míshásta le hagallamh faoin hómafóibe

Tá leithscéal gafa ag láithreoir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta le fear a bhí faoi agallamh ar an stáisiún i ndiaidh dó a mhíshástacht a chur in iúl faoin tslí ar caitheadh leis agus é ag labhairt faoin hómafóibe ar an gclár Barrscéalta inné.

Tugadh cuireadh don scríbhneoir teilifíse Antoin Beag Ó Colla as Machaire Rabhartaigh teacht ar an gclár arís ar maidin agus ghabh an láithreoir, Edel Ní Chuireáin, leithscéal pearsanta leis.

“Ba mhaith liom a rá nach raibh sé i gceist ag duine ar bith tú a ghortú ná amhras ar bith a chaitheamh ar do scéal agus is léir gur mar sin a mhothaíonn tú ón méid a scríobh tú,” a dúirt Ní Chuireáin ag tús an agallaimh inniu.

“Go pearsanta, sula ndeirim aon rud eile, ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil leat mar gur sin mar a mhothaigh tú i ndiaidh ár gcomhrá. Tá an cás seo tromchúiseach go leor agus an rud deireanach a bhí mise ag iarraidh a dhéanamh ná rudaí a dhéanamh níos measa duitse agus do dhaoine eile.”

Ghlac Ó Colla leis an leithscéal agus dúirt sé go raibh sé buíoch an deis a fháil cur leis an méid a bhí ráite aige ar an gclár inné.

Labhair Ó Colla as Machaire Rabhartaigh ar an gclár Tús Áite an tseachtain seo faoin drogall a bheadh air bogadh abhaile go Gaeltacht Dhún na nGall mar gheall ar an homafóibe atá fulaingthe aige sa cheantar. Dúirt sé gur measa an scéal anois ná nuair a bhí sé óg agus gur measa an homafóibe i Machaire Rabhartaigh ná i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Tar éis dó glacadh le cuireadh dul ar an gclár Conallach Barrscéalta chun an scéal a phlé, dúirt Ó Colla ar Twitter nach mó ná sásta a bhí sé leis an chuma ar caitheadh leis agus tugadh cuireadh dó teacht ar an gclár arís chun labhairt faoin scéal.

Dúirt Ó Colla ar maidin go raibh frustrachas air mar gur mheas sé nach raibh an láithreoir “róshásta le haon rud a bhí mé ag rá”.

Fiafraíodh de le linn an chláir inné ar ghlac sé leis go raibh “smál caite aige ar a mhuintir féin”.

“An rud a chur isteach orm inné, nuair a bhí mise ag caint agus ag déanamh mo phointí, bhí sé cosúil go raibh achan rud a bhí mé ag rá glactha amach as comhthéacs agus go raibh mise ag caitheamh anuas ar achan duine i Machaire Rabhartaigh agus achan duine ar an bhFál Carrach agus ní raibh mé ag déanamh sin,” a dúirt Ó Colla ar maidin.

Dúirt Ní Chuireáin go raibh sí “buartha” go mbeadh aon rud a bhí ráite aici ag cur isteach ar Ó Colla agus go mbítear ag iarraidh “spás sábháilte” a chruthú ar an gclár chun ceisteanna tábhachta mar seo a phlé.

 

Deir Antoin Beag Ó Colla go raibh air cur suas leis an homafóibe ó mhionlach beag i nGaeltacht Dhún na nGall go minic ó bhí sé ina dhéagóir.

Dúirt sé ar Twitter gur tharla sé dó gur ghlaoigh strainséirí air le rá leis lámh a chur ina bhás féin agus go mbítear ag piocadh air agus ag tabhairt ainmneacha air. Gnáthrudaí iad seo a chaitheann an pobal LGBTQ cur suas leo, a dúirt sé.

Ag labhairt dó ar maidin, dúirt Ó Colla go raibh “eagla” ar dhaoine óga aeracha atá ar shiúl i mBaile Átha Cliath filleadh abhaile mar gheall ar an hómafóibe ina gceantair féin. Mheas sé go mbeadh ar na daoine seo bogadh abhaile sna blianta amach romhainn, áfach, de bharr na gcostas tithíochta atá sa phríomhchathair.

Dúirt Ó Colla go bhfuil sé féin chun bogadh abhaile go Gaeltacht Dhún na nGall ar fheadh 6-9 mí féachaint an mbeadh sé sásta agus compordach cur faoi ann go fadtéarmach.

Léadh amach ar Barrscéalta inniu teachtaireachtaí agus litreacha a bhí faighte ag an gclár faoin scéal. Tugadh go leor tacaíochta do Ó Colla sna teachtaireachtaí ach bhí roinnt daoine a mheas go fóill go raibh smál fágtha aige ar chlú an cheantair.

Ag labhairt di faoin chonspóid a tharraing a céad agallamh le Ó Colla, dúirt Ní Chuireáin má bhí rud ar bith maith le teacht ón gconspóid, go bhféadfadh sé tús a chur le díospóireacht agus plé faoi chúrsaí hómafóibe sa cheantar agus ar fud na tuaithe.

I ndiaidh an agallaimh, dúirt Ó Colla ar Twitter go raibh sé an-sásta cuireadh a fháil arís ó Barrscéalta agus ó RnaG agus leis an leithscéal a bhí faighte aige.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag láithreoir de chuid Raidió na Gaeltachta le fear a bhí míshásta le hagallamh faoin hómafóibe'

  • Fear aerach eile

    Níor caitheadh go cuí le hAntoin ach fair play do RnaG as leithscéal mar is ceart a ghabháil leis.

  • Antóin

    D’éist mé siar leis an gclár agus tá sé ag dul dian orm a thuiscint cén fáth an leithscéal ó Edel. Cuireann iriseoirí ceisteanna ar aíonna. Uaireanta ní maith leo na ceisteanna ach sin an jab atá acu. Ní raibh sí maslach ar dhóigh ar bith. Craoltóir den scoth í.

    Cuireadh i leith muintir Mhachaire Rabhartaigh agus Fhál Carrach go raibh siad ‘ignorant’ faoi dhaoine aeracha. Níor thaitin an cur síos sin le hEdel. Sin an méid a dúirt sí. Dúirt sí go raibh sé sin rud beag tromchúiseach agus dúirt seisean gurbh é sin an taithí a bhí aige

    Cuireadh i leith mhuintir Mhachaire Rabhartaigh áfach go raibh siad homafóbach as siocair nár vótail ach 16 dhuine ar son an phósta comhghnéis sa reifrinn. “ sin sampla eile den chineál homafóbachais atá thart” a dúirt sé. Ach b’fhéidir go bhfuil léamh eile ar an scéal sin. Ní hionann a bheith in éadan an phósta comhghnéis agus a bheith homafóbach. B’fhéidir go gcreideann na daoine a vótáil in éadan an phósta comhghnéis gur idir bean agus fear atá an pósadh. B’fhéidir go bhfuil sé in am leithscéal a ghabháil le muintir Mhachaire Rabhartaigh.

  • Caitlin Nic Iomhair

    Chuala mé an chéad agallamh inné agus bhí alltacht orm, ach lena ceart a thabhairt don fhoireann a chuireann Barrscéalta amach, cuireadh rudaí ina gceart inniu agus fuair Antoin cead cainte ceart an iarraidh seo. Maith sibh.

    Go raibh saol sona agat i do cheantar dúchais a Antoin. Bhí tú cróga labhairt amach i gcéaduair agus tá tú le moladh go mór as filleadh ar an chlár le plé stuama, sibhialta a dhéanamh arís inniu.