Léirsiú in Westminster le brú a chur ar Rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach

Tá agóid faoi reachtaíocht Ghaeilge á heagrú ag Conradh na Gaeilge in Londain inniu

Léirsiú in Westminster le brú a chur ar Rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach

Beidh gníomhaithe Gaeilge agus feisirí parlaiminte i mbun léirsithe le chéile lasmuigh de pharlaimint Westminster i Londain tráthnóna le brú a chur ar Rialtas na Breataine cloí lena ngealltanas reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach mura ndéantar an beart in Stormont

Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis roimhe seo go dtabharfaí an reachtaíocht teanga agus chultúir isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfaí an cúram in Stormont roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair.

Conradh na Gaeilge atá ag eagrú ócáid an lae inniu i Londain agus beidh lucht feachtais ó Éirinn agus ón mBreatain i láthair chomh maith le feisirí parlaiminte ó ‘fhormhór na bpáirtithe’ in Westminster.

Thug Rialtas na Breataine le fios níos túisce an mhí seo go gcloífidh siad leis an ngealltanas sin, ach níl aon chlár ama curtha ar fáil go fóill a léireodh cén uair go díreach a thabharfaí an reachtaíocht Ghaeilge isteach sa pharlaimint i Sasana.

Gealladh reachtaíocht don Ghaeilge mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua in Eanáir 2020 agus gealladh go bhfoilseofaí straitéis don Ghaeilge laistigh de shé mhí.

Bhí éirí amach san DUP in aghaidh a n-iarcheannaire Edwin Poots mar gheall ar mhargadh a rinneadh le Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mura mbeadh an beart déanta in Stormont faoin tráth sin.

Tá an DUP ag iarraidh ar Rialtas na Breataine gan dul ar aghaidh leis an reachtaíocht tráth a bhfuil an Prótacal Breatimeachta don Tuaisceart ina údar mór aighnis.

Ba nuair a bhagair Sinn Féin i mí an Mheithimh nach bhfillfidís ar Stormont gan gealltanas a fháil ón DUP go dtabharfaí an reachtaíocht teanga isteach a d’aontaigh Rialtas na Breataine go ndéanfaí an cúram in Westminster dá mba ghá.

Fág freagra ar 'Léirsiú in Westminster le brú a chur ar Rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach'

  • Gabriel Rosenstock

    Níl ach duine amháin a chuirfinnse chuig Westminster, an tUasal Fawkes.