LÉIRMHEAS SCANNÁIN: An t-uathachas ina uirlis ghrinn i scannán nach bhfuil aon chuntas ar a laigí

Tá cliar cumasach go maith bailithe ina thimpeall ag Ben Affleck in ‘The Accountant’ ach níorbh fhiú an deich triuf aon cheann dá gcarachtair

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: An t-uathachas ina uirlis ghrinn i scannán nach bhfuil aon chuntas ar a laigí

The Accountant

Stiúrthóir: Gavin O’Connor

Cliar: Ben Affleck, Annna Kendrick, L.K. Simmons, Jon Bernthal, John Lithgow.

Deirtear linn go sollúnta in eipealóg neafaiseach ag deireadh an tsaothair seo go léiríonn tuairim is duine as gach seasca a hocht duine tréithe atá ar speictream an uathachais. Déantar mórán seanmóireachta faoin uathachas céanna i rith an scannáin seo ach ní raibh ann sa deireadh ach craiceann le cur ar fheoil an aicsin is na gaiscíochta.

Is liosta le háireamh iad na táirgí a bhfuil an-adhmad bainte acu as meabhairghalair agus uathachas i gcaitheamh na mblianta. Gach rud ó Rain Man (1988) go A Beautiful Mind (2001), agus duaiseanna Oscar á leanúint go minic. Goideann an saothar seo gach ciúta seanchaite acu.

Faoi dheireadh an tsaothair bhíomar ag gáirí in áiteanna go rabhamar in ainm is a bheith tógtha leis an drámaíocht.

Ag tús an scannáin chonaiceamar tuismitheoirí Christian Wolff (Affleck) ag labhairt le ceann feadhna scoile a dhíríonn ar an uathachas fad is atá an Wolff óg ag tabhairt faoi mhíreanna mearaí. D’éirigh sé suaite nuair a chuaigh píosa amú air. Cad é béiceadh agus luascadh anonn is anall aige go dtí gur tugadh an píosa dó agus gur chríochnaigh sé a chúram. Ba ansin a thugamar faoi deara gur dhein sé na míreanna mearaí bunoscionn, agus gan an pictiúr aige lena threorú. Seanchiútaí agus meirg orthu.

Níor bacadh le haon iniúchadh mór a dhéanamh ar uathachas, ach é mar uirlis ghrinn agus aicsin.

I bhfaiteadh súl bhí an Wolff fásta curtha os ár gcomhair. Cuntasóir cáilithe ba ea é anois, ba shaoiste mata é tá’s agat; oidhre Rain Man gan aon agó. É buailte fé in oifig bheag shuarach ag cur comhairle a leasa go greannmhar ar sheanlánúin a bhí ag  streachailt lena dtuairisceáin chánach.

Tugadh le fios dúinn go raibh cliaint aige ar choirpigh iad agus go raibh an cháil amuigh air mar an té a gcuirfeá fios air nuair nach bhféadfá glaoch ar Deloitte and Touche (fé mar a dúradh linn go seanbhlastúil). An chulaith chéanna sa chófra aige, gan aige ach scian/forc/spúnóg amháin srl. Bhí na clichéanna á radadh chugainn tiubh te tapa.

Cadhan aonair agus éan corr ba ea é agus bhain a ráitis sheachantacha gáire asainn. ‘You’re awful goddamn blunt,’ a dúradh leis ag pointe amháin.

Níorbh fhada gur tugadh le fios dúinn gur thug a athair cruálach, diongbháilte cúpla scil eile dó (agus dá dheartháir) mar a bhí: cumas troda agus saineolas gunnaí.

Ba chuma ann nó as an deartháir céanna agus bhíothas in ann an casadh maidir leis siúd a thuar tar éis 15 nóiméad. Ba chiotach mar a láimhseáladh an chuid seo den scéal agus níorbh fhearr an íde a tugadh do bhean an ghutháin agus sean-saoiste sa phríosúin. É sin ar fad agus gan aon chíoradh déanta ar a obair choiriúil. Go deimhin ba jab dleathach le comhlacht rathúil a chuir eachtraí an scannáin sa siúl.

Deineadh radharcanna aicsin a bhí snasta a sholáthar ach faoi dheireadh an scannáin ba gheall le síceapatach ár gceann feadhna agus sinn sna trithí ag gáirí nuair a chuir sé duine de phríomhcharachtair an scannáin de dhroim seoil go beagfhoclach.

Lena cheart a thabhairt d’Affleck d’éirigh leis carachtar caithiseach, ach easnamhach, a chur os ár gcomhair. Bhí cliar cumasach go maith bailithe ina thimpeall ach níorbh fhiú an deich triuf ná an t-aon muileata ceachtar acu.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: An t-uathachas ina uirlis ghrinn i scannán nach bhfuil aon chuntas ar a laigí'