LÉIRMHEAS: Ní gá aon fhiosrúchán a bhunú chun teacht ar fhírinne an cheoil ar ‘The Whistleblower’

Tá albam sároilte agus fíorchumasach curtha amach ag Cormac Breathnach ar a ndéanann sé ionramháil ealaíonta ar an éagóir a rinneadh ar a dheartháir, Osgur

LÉIRMHEAS: Ní gá aon fhiosrúchán a bhunú chun teacht ar fhírinne an cheoil ar ‘The Whistleblower’

The Whistleblower
Cormac Breathnach, Daire Bracken agus Martin Tourish

Ar an 24 Deireadh Fómhair bhí tuairisc san Irish Times faoi Choimisinéir úr an Gharda Síochána, Drew Harris agus é ag maíomh gur ghá do gach garda cloí go docht le ‘code of ethics’. Is maith sin, ach an lá céanna bhí alt sa nuachtán céanna faoi Osgur Breathnach agus an clár faoina chás a bhí le craoladh sa tsraith Finné ar TG4, inar dúradh go raibh Breathnach fós ag lorg freagraí ó na Gardaí, ó na húdaráis dlí agus chirt agus ón Stát mar gheall ar an bhfeall a rinneadh air daichead bliain ó shin. Bhí seisean ar dhuine de na daoine ar cuireadh ina leith go ndearnadar traein a robáil sna Solláin i gcontae Chill Dara.

Nuair a gabhadh iad buaileadh an cac astu i gcillíní na bpóilíní. Cuireadh iachall orthu ráiteas bréagach a shíniú, cúisíodh iad, ciontaíodh iad agus  daoradh iad agus a fhios ag na muca is na madraí ar gach aon tsráid nach rabhadar ciontach.

53 Garda san iomlán a thug mionn éithigh sna cúirteanna, i bhfianaise Dé, mar dhea. Níor admhaigh éinne acu riamh go ndearnadar aon ní mícheart cé go bhfuarthas amach, tar éis achomhairc, nárbh shlán don chiontú.

Tá Osgur Breathnach fós ag lorg freagraí mar a léiríodh go beacht ar an gclár teilifíse.

Deartháir leis is ea Cormac Breathnach, sárcheoltóir, sárchumadóir agus sárealaíontóir. Le blianta beaga anuas tá iniúchadh ealaíne á dhéanamh aige ar an éifeacht a bhí ag an gcomhcheilg seo air féin go pearsanta agus ar an gcuid eile dá mhuintir.

An bhliain seo caite léirigh sé an gearrscannán  ‘The Whistleblower’.  Scannán é a fhágann an lucht féachana míshocair go leor óir is scéal an-phearsanta atá á insint aige. Ní cheiltear aon mhothúchán.

Agus é ag leanúint leis an domhain-iniúchadh anama seo, chum Cormac Breathnach sé phíosa ceoil atá ar fáil anois ar an albam aige The Whistleblower. Idir spraíúil agus dháiríre an ceol. Tá an dá rud le sonrú, mar shampla, sa phíosa ‘On Board the Dublin and Cork  Travelling Post Office While Justice Sleeps’ agus é ag imeacht ó sheinm go portaireacht bhéil agus ar ais arís. Tá an spraoi ann arís sa rian ‘See No Evil, Speak No Evil, Hear No Evil’, ach ní rófhada uainn riamh an dáiríre agus tá an comhcheol ón mbeirt atá ina theannta, Daire Bracken agus Martin Tourish, dorcha go leor ar uairibh. Tá macallaí an albaim as an Bhriotáin Triptyque ar ‘The Beginning and The End: Aftermath’ agus macallaí seanbhanna an Bhreathnaigh Méiristem le cloisteáil ar an rian ‘Faoi Bhláth’.

Ní gá aon fhiosrúchán a bhunú chun fírinne an cheoil seo a aimsiú – albam sároilte, fíorchumasach é. Ní bheinn ag súil lena mhalairt ó mhéaracha an triúir seo. Tá a fhreagra féin á thabhairt ag Cormac Breathnach ar cad, conas agus cén fáth ar tharla an rud a tharla. Sa cheol éiríonn leis nithe a rá gan focail a chur orthu agus téann na mothúcháin ar deacair insint bhéil a dhéanamh orthu ag damhsa idir na nótaí ceoil agus i bhfolach san ornáidíocht.

Éacht is ea an saothar seo. Albam domhain, albam atá gearr, b’fhéidir, ach atá álainn cumasach agus, thar aon ní eile, tábhachtach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis tráth a bhfuil muid fós ag plé le mionna éithigh na nGardaí, le scéal thuairisc Charleton agus iompar duine d’iarchoimisinéirí na nGardaí i leith chás Maurice McCabe.

Tá mé ag tnúth leis an gcéad saothar eile ó Chormac Breathnach cheana féin.

-Tá The Whistelblower le Cormac Breathnach, Daire Bracken agus Martin Tourish le fáil anseo. Féach chomh maith www.thewhistleblower.ie agus www.cormacbreathnach.com

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Ní gá aon fhiosrúchán a bhunú chun teacht ar fhírinne an cheoil ar ‘The Whistleblower’'