LÉIRMHEAS: Fíor-eispéireas amharclainne ó AerachAiteachGaelach a ardaíonn an croí

Cloch mhíle thábhachtach agus seó den scoth é ‘Grindr, Saghdar agus Cher’

LÉIRMHEAS: Fíor-eispéireas amharclainne ó AerachAiteachGaelach a ardaíonn an croí

Grindr, Saghdar agus Cher
AerachAiteachGaelach
Amharclann an Smock Alley
Baile Átha Cliath

Séarlas a Dó, bail air, a chéad bhronn Cairt Ríoga ar an Theatre Royal at Smock Alley ar oscailt di i 1662. Agus, nuair a sheas Stiofán Ó Briain agus Liam Carson IMRAM amach ar stáitse chun fáilte a chur romhainn chuig an chéad léiriú in amharclann ghairmiúil de dhráma nua LADTA+ le Ciara Ní É, Eoin McEvoy agus Sam Ó Fearraigh – sean-bhunfhalla ard cloch an Royal céanna ar a gcúl – ba i lorg na nDéithe Buana amharclainne fadó – Peg Woffington, Charles Macklin agus David Garrick – féin a shiúladar.

Is fiú an blurba a d’fhógair an dráma nua seo a léamh – an rud is annamh is iontach.

‘Tógann fear tuaithe a chéad chéim isteach i mbeár aerach…. Freastalaíonn leispiach ar chóisir na gcearc le scata bean díreach…Tá fear atá an-chompordach a bheith amuigh agus a thugann bearradh gruaige dó féin ná feicfidh ach fear amháin eile….. Trí mhonalóg. Triúr carachtar LADTA+…  Trí dhearcadh ar leith acu ar an saol…

Is fada an ród atá siúlta ag pobal ealaíne LADTA+. An tseachtain seo caite in Amharclann an Smock Alley baineadh cloch mhíle thábhachtach eile amach ar an mbóthar sin. Shroicheas féin cloch mhíle bheag phearsanta an oíche chéanna.

Sea, bhí éalaithe agam ar deireadh as príosún (vardrús?) an Chóivid. Tar éis dom trí bliana fada a chaitheamh i gcarcair chúng an chuibhrithe, shlogas aer folláin phobal féachana amharclainne. Ríméad mire na saoirse athbhlaiste.

Seo ceiliúradh ar Grindr, Saghdar agus Cher, mar b’fhacthas domsa é, léiriú aon oíche Liam Carson IMRAM ar dhráma ilmheáin de chuid an chompántais drámaíochta AerachAiteachGaelach, in Amharclann Smock Alley.

Má chuir an ‘Saghdar’ sin sa teideal iarrachtín de mo bhuille mé ar dtús, dheineas amach gur ‘cider’ a bhí gceist agus ní raibh aon dabht cá raibh ár dtriall le ‘Grindr’ agus ‘Cher’.

Is léir go dtuigeann an dream seo go gcaithfear a cheart a thabhairt don mhíorúilt bheag sin de rud – an focal scríofa. Ceardaithe focal iad triúr is léir, Ciara Ní É, Eoin McEvoy agus Sam Ó Fearraigh, filí, drámadóirí, scéalaithe, aisteoirí agus fir is mná paiteanta amharclainne.

Monalóg inmheánach phearsanta an duine a chruthaigh siad triúr. Titeann eachtraí uilig an dráma amach san oíche a leaindeálann siadsan, trí chomhtharlúint, isteach sa mbeár aerach céanna. Go hachomair, seasann Amharclann an Smock Alley féin don bheár aerach sin. Is sinne – an lucht féachana, na cliaint go léir atá istigh an oíche úd. Titeann an spotsolas duine ar dhuine ar ár gcairde – a pearsantachtaí agus a saol inmhéanach féinig á nochtadh acu, duine i ndiaidh duine.

Ba iad Bandia (Jill McMahon, Lauren Ní Chasaide agus Simon O’Carroll) banna tís meafarach an bheáir. Cuirtear tús leis an seó le leagan Gaeilge de ‘It’s Raining Men’, FFS!, agus avae linn, ár n-iompar ar charráiste ceoil isteach i ndúichí anama ár dtriúr bhfrithlaoch éagsúil. Cloisfear ‘Running Up That Hill’ (Kate Bush) ‘Believe’ (Cher) ‘Toxic’ (Britney Spears) agus, tá sibh ann romham! – ‘Dancing On My Own’ (Robyn), mar is cuí san aicsean.

Ar chóisir chearc a col ceathrair fulaingíonn carachtar Uí É an comhluadar díreach, iad go léir sa tóir ar an chraic sa bheár aerach. Í féin curtha soir le míthuiscintí agus iompar na gcearc. Iad á maslú, nó ag iarraidh bheith mór léi. Briseann eadarlúid leathair gan choinne amach idir ise agus bean ‘dhíreach’ (cá bhfios?) a bhí thar a bheith fiosrach i seomra na mban. Insítear eachtra áiféise a a bhainfidh siar asat – an súnás finscéalach leispiach sin a bhí cloiste os íseal ag an mbean fhiosrach, í ar bís é a bhlaiseadh di féin faoi dheireadh, murar mhiste leat, le carachtar Uí É.

Is fada óna chéile pearsantacht, dearcadh agus eispéiris na beirte leads. Más sómhar ina chraiceann féin é fear sofaisticiúil McEvoy, is corraithí go mór é fear tuaithe Uí Fhearraigh. Tá macalla Vladimir is Estragon Beckett sa spás sin eatarthu: nó Rosencrantz is Guildenstern Tom Stoppard. Bíodh is nach mbíonn focal eatarthu ar feadh na hoíche, tá an yin is an yang sa scoiteacht idir an dá spotsolas sin.

Sin ráite, le ceol Bandia, ealaín theilgthe spleodrach Margaret Lonergan, fuaim thomhaiste Liam Grant, soilsiú atmaisféarach Alfredo Lopez, agus aisteoireacht phaiteanta ár dtriúr amigos, tugtar le chéile go slachtmhar eilimintí uilig an léirithe.

Rinne AerachAiteachGaelach gaisce a sheol amach an doras ag deireadh an tseó mé le croí maith mór, gáire ar mo bhéal agus an aoibh sin istigh a bhíonn ag duine tar éis dó ‘fíor-eispéireas’ amharclainne a bhlaiseadh.

Tá moladh beag agam don gcompántas. Le beagáinín forbartha ar na heilimintí uilig d’fhéadfaí na féitheanna go léir a tharraingt le chéile níos fearr fós. D’fhéadfaí fad a chur leis an bpíosa agus guth tráchtaireachta a chur leis, b’fhéidir. Duine aiteach, abair, a bheadh saghas searbh gan bheith tarcaisneach, a thabharfadh forléargas ón mbalcóin, cur i gcás, ar imeachtaí uilig na hoíche. Dá gcuirfí sin leis an méid atá ann cheana, chomh maith le córas aistriúcháin comhuaineach – bheadh ‘hit’ beag ag AerachAiteachGaelach a mhaiseodh stáitse na Péacóige féinig. Maisiú Gaelach dá leithéid atá de dhíth go géar ar an éinín bródúil ildaite sin le fada an lá.

Rith an moladh sin liom nuair a chuireas clocha duirlinge an Scabhait Smock agus Barra an Teampaill díom i ndiaidh an taispeántais, mé ag déanamh ar Mulligan’s chun dhá phionta a chaitheamh siar roimh léimt dom ar Dart a thabharfadh slán abhaile mé. Ba bhlasta, maorga an dá phionta sin a chuir an dá lámh timpeall orm –a  barróg phórtarúil a chuir bailchríoch ar m’oíche mhór amuigh liom féinig.

Go raibh Éire fós ag Cáit, agus ag Cathal Uí/Ní Dhuibhir, agus ag an bpobal LGDTA+, agus ag gach mac is iníon sácráilte máthar a aithníonn iad féin in Grindr, Saghdar agus Cher

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Fíor-eispéireas amharclainne ó AerachAiteachGaelach a ardaíonn an croí'