Léiriúcháin mhóra Ghaeilge san iomaíocht do ghradaim IFTA

Tá ceithre ainmniúcháin faighte ag dhá mhórléiriúchán Gaeilge na bliana seo caite ‘An Bronntanas’ agus ‘Corp agus Anam’ sna gradaim IFTA a bhronnfar ar 24 Bealtaine

Bronntanas Corp + ainm

Tá trí ainmniúchán faighte ag an tsraith teilifíse ‘An Bronntanas’ agus ceann ag ‘Corp + Anam’ ar ghearrliosta na ngradam IFTA don bhliain seo. Beidh na gradaim á mbronnadh ag dhá ócáid dhifriúla i mbliana – ócáid amháin do scannáin agus drámaí i mí Bealtaine agus ceann eile ag deireadh na bliana don teilifís.

Tá foireann ‘An Bronntanas’ ainmnithe sna rannóga scripte agus aisteoireachta.

Is iad Tom Collins, Eoin McNamee agus Paul Walker a scríobh an script atá ainmnithe don ghradam ‘An Script Dráma is fearr’ agus beidh siad san iomaíocht le Love/Hate, Charlie agus The Guarantee.

Tá Michelle Beamish ainmnithe sa rannóg ‘Príomhaisteoir mná is fearr i ndráma’ dá cuid oibre in ‘An Bronntanas’. Ainmníodh Charlotte Bradley sa rannóg ‘Aisteoir mná taca is fearr i ndráma’ dá páirt sa dráma céanna.

Beidh an tsraith ‘Corp + Anam’ ag brath ar Maria Doyle Kennedy atá ainmnithe don ghradam ‘Príomhaisteoir mná is fearr i ndráma’. Craoladh an dara séasúr den tsraith iomráiteach ar TG4 ag deireadh na bliana seo caite.

“Is cúis bróid dúinn go bhfuair muid 3 chinn d’ainmniúcháin, go háirithe leis an iomaíocht a bhí againn,” a dúirt léiritheoir ‘An Bronntanas’ Ciarán Ó Cofaigh. “Tá muid i gcónaí ag díriú ar an gcaighdeán is fearr a bhaint amach ó thaobh dramaíocht na Gaeilge de, fiú leis na hacmhainní teoranta atá againn. Is bua ann féin go bhfuil muid san iomaíocht le léiriúcháin mhóra idirnáisiúnta ar nós Game of Thrones agus Vikings,” a dúirt sé.

Dúirt stiúrthóir Corp + Anam, Darach Mac Con Iomaire go raibh “ríméad” air go raibh Maria Doyle Kennedy ar an ngearrliosta don ghradam tábhachtach seo.

“Tá ríméad orm go bhfuil ainmniúchán faighte ag Maria Doyle Kennedy as ucht a cuid oibre ar Corp + Anam. Is aisteoir den scoth í agus tá an t-ainmniúchán seo tuillte go maith aici creidim.

Ní mhaolaíonn sé ár gcuid diomú áfach, faoi chinneadh TG4 gan tabhairt faoin tríú sraith de Corp + Anam. Guím gach rath ar Mharia agus go deimhin ar na Gaeil uilig atá ainmnithe i nGradaim IFTA na bliana seo,” a dúirt sé le Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Léiriúcháin mhóra Ghaeilge san iomaíocht do ghradaim IFTA'