Léiríonn socrú nua a dhiongbháilte is atáthar faoin gcúlstop a sheachaint – Theresa May

Mhaígh Theresa May tráthnóna go bhfuiltear ‘gar go maith’ do chomhaontú iomlán faoin margadh Breatimeachta agus gur ‘margadh’ maith atá déanta

Léiríonn socrú nua a dhiongbháilte is atáthar faoin gcúlstop a sheachaint – Theresa May

Dúirt Príomh-Aire na Breataine in Westminster tráthnóna go léiríonn an cháipéis Breatimeachta is déanaí a dhiongbháilte is atáthar maidir leis an gcúlstop a sheachaint.

Mhaígh May tráthnóna go bhfuiltear “gar go maith” do chomhaontú iomlán faoin margadh Breatimeachta.

Bhí Theresa May ag caint i bParlaimint Westminster faoin socrú atá déanta leis an Aontas Eorpach maidir leis an gcáipéis faoin gcaidreamh a bheidh idir an AE agus an Ríocht Aontaithe amach anseo.

Leag May béim ina cuid cainte ar cheist achrannach theorainn na Breataine in Éirinn agus dúirt sí go léiríonn an cháipéis nua go bhfuiltear meáite an cúlstop a sheachaint.

Tharraing sí aird ar na moltaí “sonracha” sa cháipéis faoi conas a d’fhéadfaí leas a bhaint as an teicneolaíocht chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint. Ghabh sí buíochas le Iain Duncan Smith agus Owen Paterson, beirt Bhreatimeachtóirí chruthanta, as a gcuid smaointe a roinnt léi faoi na moltaí sin i dtaobh na teorann.

Is é an cúlstop ar mhaithe le teorainn chrua a sheachaint an chuid is conspóidí den mhargadh Breatimeachta a aontaíodh an tseachtain seo caite agus is é an dris chosáin is mó a bheidh roimh May agus í ag iarraidh an margadh sin a chur tríd an bparlaimint.

Is é  atá i gceist leis an gcúlstop ná barántas sa mhargadh nach mbeadh aon teorainn chrua in Éirinn sa chás nach dtiocfaí ar aon chomhréiteach eile a sheachnódh a leithéid.

Dúirt May tráthnóna gur “margadh maith” don Ríocht Aontaithe a bhí ann a chuirfeadh deireadh ar fad le saorghluaiseacht daoine agus a chuirfeadh tús le polasaí inimirce a bheadh bunaithe ar chead isteach a thabhairt do dhaoine a mheastar scileanna riachtanacha a bheith acu.

Is é atá sa dréachtmhargadh maidir leis an gcaidreamh a bheidh idir an AE agus an Ríocht Aontaithe amach anseo ná cáipéis ina leagtar amach an cineál caidrimh a bheidh idir an dá dhream ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, slándála, gnóthaí eachtracha agus réiteach aighneas. 

Cháin ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn an socrú is déanaí sna cainteanna Breatimeachta.

“Chequers has been checked,” arsa Corbyn, ag tagairt don phlean Breatimeachta de chuid May ar dhiúltaigh an tAontas Eorpach do chuid mhór de.

Mhaígh Corbyn gur “26 leathanach de bhladar” a bhí sa cháipéis nua agus gurb ionann a bhfuil ann agus “Breatimeacht an phúicín”.

Dúirt Corbyn nach raibh aon gheallúint sa cháipéis maidir le socrú trádála nach mbeadh aon chostas nó srianta sa bhreis i gceist leis – ‘frictionless trade’ – agus thug sé suntas don scéala nach bhfuil aon tagairt ann ach oiread do ‘leabhar rialacha comónta’.

De réir na cáipéise bheadh caidreamh trádála chomh dlúth agus ab fhéidir ann idir an AE agus an Ríocht Aontaithe, ach aithnítear nach féidir bacanna trádála a sheachaint go hiomlán. 

Dúirt Theresa May go raibh fonn ar mhuintir na Breataine go dtiocfaí ar réiteach faoin mBreatimeacht agus go ndíreodh a gcuid polaiteoirí ar cheisteanna eile, ar nós an NHS.

Mhaígh sí go bhfágfadh an margadh Breatimeachta go mbeadh limistéar saorthrádála ar leith ag an mBreatain leis an AE, a bheadh níos fearr ná an socrú idir an AE agus Ceanada nó an socrú idir an AE agus an Iorua.

Dúirt sí gur “stát cois farraige neamhspleách” a bheadh sa Ríocht Aontaithe agus go mbeadh teacht dá réir ag iascairí na Breataine ar níos mó de na héisc in uiscí na Breataine.

Idir an dá linn, de réir an leagan is déanaí den dréachtsocrú Breatimeachta, d’fhéadfadh na cainteanna iarBhreatimeachta leanúint ar aghaidh go dtí mí na Nollag 2022, más é sin toil an dá thaobh.

D’fhágfadh sé sin go bhféadfadh aon rialtas nua a thiocfadh i gcumhacht tar éis an chéad toghcháin eile sa Bhreatain athrú polasaí a chur i bhfeidhm i dtaobh an Bhreatimeachta.

Fág freagra ar 'Léiríonn socrú nua a dhiongbháilte is atáthar faoin gcúlstop a sheachaint – Theresa May'