Teorainn ‘teicneolaíochta’ ar ais ar an mbord sna cainteanna Breatimeachta

Tá sé ina mhargadh idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach maidir leis an téacs faoina gcaidreamh amach anseo

Teorainn ‘teicneolaíochta’ ar ais ar an mbord sna cainteanna Breatimeachta

Deirtear sa cháipéis Bhreatimeachta is déanaí atá aontaithe ag an AE agus an Ríocht Aontaithe go  dtabharfar san áireamh socruithe “teicneolaíochta” nuair a bheidh scagadh á dhéanamh amach anseo ar réitigh eile a chinnteodh nach mbeidh teorainn chrua in Éirinn feasta.

Tuairiscítear gur ar mhaithe leis an bplána mín a chuir ar scéal na hÉireann do na Breatimeachtóirí agus lucht cáinte Theresa May a thugtar le fios nach é an cúlstop an t-aon leigheas a bheidh ar fáil sa bhfadtéarma ar cheist na teorann. 

D’fhógair Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk ar maidin go raibh sé ina mhargadh idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach maidir leis an gcaidreamh a bheidh eatarthu amach anseo. 

Dúirt Tusk go raibh an téacs maidir leis an ‘caidreamh’ a bheidh idir an dá dhream amach anseo “aontaithe i bprionsabal”. 

Murab ionann agus an dréachtchonradh Breatimeachta a aontaíodh an tseachtain seo ní bheadh aon seasamh ó thaobh an dlí ag baint leis an dréachtcháipéis nua, ach bheadh sí mar bhunús leis na cainteanna iarBhreatimeachta.

Thug Uachtarán Choimisiún na hEorpa Jean-Claude Juncker le fios go raibh an téacs aontaithe ag leibhéal na hidirbheartaíochta agus na polaitíochta agus nach raibh fágtha anois ach faomhadh an 27 stát eile san Aontas Eorpach.

Is é atá sa dréachtmhargadh maidir leis an gcaidreamh a bheidh idir an AE agus an Ríocht Aontaithe amach anseo ná cáipéis ina leagtar amach an cineál caidrimh a bheidh idir an dá dhream ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, slándála, gnóthaí eachtracha agus réiteach aighneas. 

Níl aon gheallúint sa cháipéis maidir le socrú trádála nach mbeadh aon chostas nó srianta sa bhreis i gceist leis – ‘frictionless trade’ – ach go bhfuil geallúintí eile inti a chuideodh na Breatimeachtóirí is diongbháilte ar son imeachta a mhealladh. 

De réir na cáipéise bheadh caidreamh trádála chomh dlúth agus ab fhéidir ann idir an AE agus an Ríocht Aontaithe, ach aithnítear nach féidir bacanna trádála a sheachaint go hiomlán. 

Fág freagra ar 'Teorainn ‘teicneolaíochta’ ar ais ar an mbord sna cainteanna Breatimeachta'