Léirigh cás dlí faoi mhadra Gaeltachta a seafóidí is atá stádas bunreachtúil na Gaeilge

An bhfuil sé in am breathnú in athuair ar Alt 8 de Bhunreacht na hÉireann agus alt a chur ina áit a chinnteodh cearta teanga do lucht labhartha na Gaeilge?

Léirigh cás dlí faoi mhadra Gaeltachta a seafóidí is atá stádas bunreachtúil na Gaeilge

Tá sé beagnach trí bliana ó shin ó thóg Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, cás in aghaidh Aire Talmhaíochta na hÉireann mar gur i mBéarla amháin a bhí lipéid agus pacáistiú ar chógaisíocht a fuair sé dá mhadra. Níos túisce an mhí seo tuairiscíodh ar an suíomh seo go raibh an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh théis a rialú san Ard-Chúirt, más go drogallach féin é, go gcaithfidh an tAire Talmhaíochta rialacháin nua a thabhairt isteach ag ordú go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmnithe. Bua mór don Ghaeilge a déarfadh daoine áirithe. Ach an ea, i ndáiríre?

Is é bun agus barr an scéil go raibh treoir leagtha síos ag an Aontas Eorpach sa bhliain 2001, a dúirt go gcaithfeadh na lipéid, na treoracha agus an bileog eolais ar chógaisíocht leighis d’ainmhithe a bheith i dteangacha oifigiúla na mballstáit ar raibh siad á ndáileadh. Ag éirí as an treoir ón AE, is cosúil gur eisigh an tAire Talmhaíochta rialachán inar dúradh go bhféadfadh an t-eolas a bheith i mBéarla nó i nGaeilge, má thuigim an scéal i gceart. Nuair nach raibh na lipéid i nGaeilge ar an gcógaisíocht leighis a fuair Peadar dá mhadra thug sé an cás chomh fada leis an Ard-Chúirt. Le bheith feáráilte dhó, bhí dhá bhliain caite aige ag scríobh litreacha chuig an Roinn Talmhaíochta faoin gceist.

Seo mar a chuir an Breitheamh Ní Raifeartaigh síos ar ghearán Pheadair ina breithiúnas faoin gcás:

He has a pet dog and requires veterinary medicinal products for the dog. His complaint is that the information accompanying veterinary medicinal products available in Ireland is written exclusively in the English language. The essence of his claim in these proceedings is that Ireland is in breach of EU law in failing to properly transpose EU Directive 2001/82 which, he says, requires that the information accompanying veterinary products be provided in both of the official languages of Ireland, namely the Irish and English languages.

Nuair a foilsíodh an scéal i dtosach faoi chás Pheadair ar Tuairisc.ie in 2018 scríobh mé an trácht seo: “Ní fhéadfadh bua sa chás seo ach dochar a dhéanamh sa bhfadtéarma do mheon an phobail i leith na Gaeilge, mar nach bhfuil sé bunaithe ar éileamh ciallmhar ar chearta teanga.”

Tháinig an bua sa deireadh an mhí seo agus thosaigh an magadh. Scríobh Gabriel Rosenstock, file, ina thrácht (13 Meitheamh) an méid seo: ‘Is den tábhacht é go mbeadh ainmhithe in ann cógais leighis a léamh ina dteanga féin, bíodh is gur i mBéarla is mó a labhraíonn a n-úinéirí leo.’

“Tá ár madraí Gaeltachta slán. Deo Gratias!” a scríobh duine eile faoin gcás Pheadair.

Bhí breith an Bhreithimh Úna Ní Raifeartaigh le Peadar san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath mí Iúil 2019 nuair a chinn sí go raibh dualgas teanga faoi dhlí Eorpach á shárú ag an stát seo mar gur cheadaigh siad Béarla amháin a úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Níos déanaí in 2019, chinn an Breitheamh ceist a d’eascair as an gcás a chur faoi bhráid na cúirte i Lucsamburg. Cé gur rialaigh sí gur sárú ar an dlí a bhí i gceist, bhí an Breitheamh Ní Raifeartaigh in amhras faoi ar cheart tabhairt ar an Stát Gaeilge a chur ar an bpacáistiú ó tharla go mbeadh deireadh ag teacht leis an dtreoir Eorpach a éilíonn a leithéid ag tús 2022. Go bunúsach, an cheist a chuir sí faoi bhráid na cúirte san Eoraip ná an bhféadfadh na cúirteanna in Éirnn cinneadh dá leithéid a dhéanamh.

Dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa gur sárú ar an dlí a bhí i gceist agus gur faoi na cúirteanna in Éirinn a bhí sé cinneadh a dhéanamh dá réir. D’fhág sin nach raibh de rogha ag an mBreitheamh Ard-Chúirte ach ordú a thabhairt don Aire Talmhaíochta dul agus rialú a dhéanamh go gcaithfeadh lipéid, treoracha agus bileoga eolais ar chógaisíocht d’ainmhithe sa stát seo a bheith i nGaeilge chomh maith le Béarla.

Más bua é don Ghaeilge , is bua gearrthéarmach é: de réir treoir nua ón AE a eisíodh dhá bhliain ó shin beidh cead ag ballstát, ón Eanáir seo chugainn, úsáid a bhaint ar na lipéid agus an pacáistiú as ceann amháin dá theangacha oifigiúla. I bhfocail an bhreithiúnais ‘labelling of veterinary products would soon be regulated in a manner which permitted the English-only labelling of products in Ireland, thus providing a valid legal foundation in EU law to the current practice’.

Cé go leagann Alt 8 de Bhunreacht na hÉireann síos gurb í an Ghaeilge ‘an phríomhtheanga oifigiúil’ atá ag an stát, is é an Béarla teanga an stáit, mar atá a fhios ag duine ar bith a thriaileann gnó a dhéanamh leis an státchóras i nGaeilge. Léiríonn cás na lipéid cógaisíochta d’ainmnithe, cé chomh seafóideach is atá an stádas bunreachtúil atá ag an nGaeilge sa tír seo. Láidríonn rialú na hArd-Chúirte cás na ndaoine a deireann go mba cheart an stádas a athrú.

Le roinnt blianta anuas tá úsáid á bhaint as Alt 8 de Bhunreacht na hÉireann ag roinnt daoine agus comhlachtaí le moill a chur le cásanna dlí nó le héisteachtaí poiblí pleanála. Sé an toradh ar an obair seo go bhfeictear don phobal mór go bhfuil úsáid ciniciúil á baint as Alt 8 den Bhunreacht, a chuireann breis costais ar eagraíochtaí stáit cáipéisí nach léifear a aistriú.

Ag an bpointe seo tá ceist le cur an bhfuil sé in am breathnú in athuair ar Alt 8 de Bhunreacht na hÉireann agus alt de chineál eile a chur ina áit, a chinnteodh go mbeadh an státchóras ag gach leibhéal in ann freastal ar lucht labhartha na Gaeilge ina rogha teanga. Is é sin go mbeadh dualgas bunreachtúil ar an stát seirbhís a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge i nGaeilge, seirbhís nach bhfuil ar fáil faoi láthair in ainneoin Alt 8 den Bhunreacht.

Ach tháinig rud amháin maith as cás Pheadair, im thuairimse.

An tuairim a léirigh Michal Bobek, Abhchóide Ginearálta de chuid Chúirt Bhreithiúnais na hEopra, faoin gcás mí Eanáir seo caite.

“The Court has consistently stated that the protection and promotion of one or more official languages of a Member State may justify derogations to the rules on free movement, and declared national measures adopted for that purpose incompatible with EU law only when found to be disproportionate to that aim.” (Liomsa an aibhsiú)

I bhfocail eile, ghlac an Chúirt Bhreithiúnais le tuairim a d’fhágadh nach gá gur sárú ar dhlíthe an Aontais Eorpaigh a bheadh i gceist le rialacha pleanála sa Ghaeltacht a stopfadh daoine gan Ghaeilge a bheith ag fáil cead pleanála i gceantar ina bhfuil an Ghaeilge le caomhnú. Agus níl aon dlí de chuid an Aontas Eorpaigh, do réir mo léamhsa ar thuairim Michal Bobek, a stopfadh Údarás na Gaeltachta ó bheith ag tabhairt tús áite do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag lorg post i gcliantchomhlacht de chuid an Údaráis, ach an toil a bheith ann sin a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Léirigh cás dlí faoi mhadra Gaeltachta a seafóidí is atá stádas bunreachtúil na Gaeilge'

  • Éilís Ní Anluain

    Cén fáth nach bhfuil gach paicéad i siopaí in Éirinn dhá theangach, mar atá sa Bheilg agus i gCeanada mar shampla? Bheadh sé seo i bhfad níos feiceálaí go laethúil ná eolas oifigiúil amháin.

  • Liam

    Tá an ceart agat, a Éilís. Feicfeadh páistí scoile an teanga amuigh sa phobal