Rialú déanta ag an Ard-Chúirt go gcaithfear Gaeilge a chur ar tháirgí leighis d’ainmhithe

Is é seo an cor is déanaí i gcás arbh é an chéad chás ar phléigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leis i nGaeilge

Rialú déanta ag an Ard-Chúirt go gcaithfear Gaeilge a chur ar tháirgí leighis d’ainmhithe

Rialaigh an Ard-Chúirt inniu go gcaithfear rialacháin nua a thabhairt isteach ag ordú go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Is é rialú an Bhreithimh Úna Ní Raifeartaigh an cor is déanaí i gcás arbh é an chéad chás ar phléigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leis i nGaeilge.

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais i Lucsamburg mí an Mhárta go gcaithfeadh an Ard-Cúirt in Éirinn a dhearbhú gur theip ar an Stát cloí leis treoir gur gá an Ghaeilge a chur ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.  Cinneadh gur gá feidhm a thabhairt don treoir sin láithreach in ainneoin go bhfuil sí le hathrú an bhliain seo chugainn.

Dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh nach aon “phléisiúr” di a cinneadh go gcaithfí na rialacháin nua a thabhairt isteach. D’fhéadfadh, a dúirt sí, “impleachtaí diúltacha praiticiúla” a bheith ag an gcinneadh do ghnó na talmhaíochta.

Bhí a cinneadh bunaithe, a dúirt sí, ar an léamh is fearr a bhí aici ar dhlí na hEorpa agus ar an treoir a bhí faighte aici ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Dá mbeadh sí “mícheart” ina  cinneadh gur gá na rialacháin nua a dhéanamh anois, ní raibh aon amhras uirthi, a dúirt sí, ach go gceartófaí í in achomharc.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte inniu roimh chinneadh an Bhreithimh agus dúirt siad gur chóir don Rialtas na rialacháin nua a thabhairt isteach láithreach agus “cothrom na Féinne a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis sa tír seo.

An treoir Eorpach (2001/82/EC) a bhaineann le táirgí leighis d’ainmhithe a bhí i gceist.

Cuireadh an cás faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg chun soiléiriú a fháil faoi cé acu an bhfuil sé de rogha ag cúirt i mballstát de chuid an AE diúltú faoiseamh a cheadú i gcás faoi chearta a bhaineann le dlí na hEorpa.

Ón 1 Eanáir 2022 amach, beidh saoirse ag ballstáit an Aontais maidir le lipéadú agus beidh cead ag an Stát Béarla nó Gaeilge a roghnú do na lipéid.

Fágann sin nach mbeadh aon fheidhm ag aon rialacháin nua a thabharfaí isteach ó mhí Eanáir seo chugainn.

Chinn an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath mí Iúil 2019 go raibh dualgas teanga faoi dhlí Eorpach á shárú ag an stát seo mar go gceadaítear Béarla amháin a úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh san Ard-Chúirt an bhliain chéanna, áfach, go mb’fhéidir nárbh fhiú tosú ar an bpacáistiú a dhéanamh dátheangach ó tharla go mbeidh an treoir nua faoin ábhar á tabhairt isteach ó thús 2022.

Fág freagra ar 'Rialú déanta ag an Ard-Chúirt go gcaithfear Gaeilge a chur ar tháirgí leighis d’ainmhithe'

  • Gabriel Rosenstock

    Is den tábhacht é go mbeadh ainmhithe in ann cógais leighis a léamh ina dteanga féin, bíodh is gur i mBéarla is mó a labhraíonn a “n-úinéirí” leo.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Deirtear sa scéal gur chuir Conradh na Gaeilge ‘fáilte inniu roimh chinneadh an Bhreithimh’ agus tá an eagraíocht ag iarraidh ar an Rialtas na rialacháin a dhéanamh ‘láithreach’ le go mbeidh ar chomhlachtaí lipéid i nGaeilge agus i mBéarla a úsáid feasta ar chogaisíocht leighis do ainmnithe chun go dtabharfar “cothrom na Féinne a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

    Ba mhaith liom a rá mar duine de phobal na Gaeilge agus de phobal na Gaeltachta NACH bhfuil an Conradh ag labhairt ar mo shonsa, nuair a eilíonn siad a leithéid de chothromaíocht theanga sna lipéid a chuirfidh níos mó costais ar táirgeoirí/dáilitheoirí. Ní bheidh duine ar bith ag léamh na lipéidí i nGaeilge.

    Bua Phiorrach atá anseo.

    An faitíos atá orm faoin ‘bua’ seo ná go dtreiseoidh sé an cás go gcaithfear stádas na Gaeilge a ísliú sa Bhunreacht, le nach mbeidh dlí na hEorpa ag cur iachall ar an stát anseo gach lipéad ar gach cogaisíocht a bheith i nGaeilge agus Béarla.

    Muide i saol na Gaeilge a cheapann nach bhfuil san éileamh seo ón gConradh ach seafóid, tá sé in am dúinn labhairt amach ina aghaidh.