‘Lá dár saol’ – tuairim tugtha sa chéad chás Gaeilge riamh i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Soiléiriú atá á lorg faoi chás a thóg Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit

‘Lá dár saol’ – tuairim tugtha sa chéad chás Gaeilge riamh i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Tá tuairim tugtha sa chéad chás riamh ar phléigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i nGaeilge leis.

Timpeall 9.30 ar maidin, i seomra cúirt 3 ar urlár 6 den Chúirt i gcathair Lucsamburg a cuireadh tuairim an abhcóide ginearálta as Poblacht na Seice Michal Bobek faoi bhráid na mbreithiúna.

Seo an chéad uair ó rinneadh ball den AE d’Éirinn i 1973 gur phléigh an chúirt le cás i nGaeilge agus meastar gurb é an chuid is tábhachtaí den scéal ó thaobh na teanga de ná go bhfuil sé cruthaithe anois gur féidir leis an AE plé, gan aon deacrachtaí, le cás i nGaeilge.

Dúirt an Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil Billy Kelleher “gur lá dár saol é an lá inniu” agus mhaígh sé go gcuirfeadh an cás le stádas na Gaeilge san Aontas.

Cuireadh an cás faoi bhráid na cúirte chun soiléiriú a fháil faoi cé acu an bhfuil sé de rogha ag cúirt i mballstát de chuid an AE diúltú faoiseamh a cheadú i gcás faoi chearta a bhaineann le dlí na hEorpa.

Ba í tuairim Michal Bobek gur faoi na cúirteanna in Éirinn féin a bhí sé an cinneadh a dhéanamh. Déanfaidh cúigear breithiúna a machnamh anois ar thuairim Bobek, ach is iondúil go nglactar le tuairim an abhcóide ginearálta i gcásanna mar seo.

Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis sa tír seo.

Cinneadh san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath mí Iúil 2019 go bhfuil dualgas teanga faoi dhlí Eorpach á shárú ag an stát seo mar go gceadaítear Béarla amháin a úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Cinneadh san Ard-Chúirt ag deireadh na bliana 2019 ceist a d’eascair as cás Mhic Fhlannchadha, a chur faoi bhráid na cúirte i Lucsamburg.

Soiléiriú a theastaigh ón mBreitheamh Ard-Chúirte Úna Ní Raifeartaigh maidir le ceist dlí faoi threoracha Eorpacha.

De réir na réamhthuairime a cuireadh faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar maidin is faoin Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath atá sé cinneadh a dhéanamh faoin scéal.

“Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a áirithiú, i bhfíorais agus i gcomhthéacs gach cáis aonair faoina bráid, go bhfuil coibhneas réasúnta idir cineál na gceart arna n-agairt, tromchúise an tsáraithe nó na díobhála arna fulaingt, agus an cineál leighis arna lorg, agus, mar iarmhairt air sin, an cineál faoisimh a chinneann sí a dheonú (nó, de réir mar a bheidh, gan a dheonú), i bhfabhar an iarratasóra,” arsa Michal Bobek.

Beidh tamall eile ann sula dtabharfar breithiúnas sa chás ach rud neamhghnách a bheadh ann mura nglacfaí leis an réamhthuairim.

Fuair Peadar Mac Fhlannchadha dearbhú na hArd-Chúirte in Éirinn cheana nach raibh a dhualgas faoin treoir Eorpach á chomhlíonadh ag an Stát go fóill.

Fuair sé an dearbhú sin nuair a chinn an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh nár tugadh feidhm cheart don dlí Eorpach sa chás seo.

Ach má ghlactar le réamhthuairim an lae inniu, beidh cinneadh le déanamh anois san Ard-Chúirt cad iad na himpleachtaí a bhaineann leis an mbreithiúnas sin.

An treoir Eorpach (2001/82/EC) a bhaineann le táirgí leighis d’ainmhithe a bhí i gceist.

Faoi réir na treorach áirithe sin, a d’eisigh an tAontas Eorpach in 2001, caithfear sonraí a bhaineann le táirgí leighis ainmhithe a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mballstát ina bhfuil na táirgí á ndíol.

Ó 2022 amach, beidh saoirse ag ballstáit an Aontais maidir le lipéadú agus beidh cead ag an Stát Béarla nó Gaeilge a roghnú do na lipéid.

Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh go mb’fhéidir nárbh fhiú tosú anois ar an bpacáistiú a dhéanamh dátheangach ó tharla go mbeidh an treoir nua faoin ábhar á tabhairt isteach in 2022.

Bhí ceist ann an faoin gcúirt a bhí sé cinneadh a dhéanamh faoin méid sin, a dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh.

Tugadh tuairim shoiléir faoin gceist sin sa Chúirt i Lucsamburg inniu.

Fág freagra ar '‘Lá dár saol’ – tuairim tugtha sa chéad chás Gaeilge riamh i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh'

  • Mánus

    Tá ár madraí Ghaelacha slán. Deo Gratias!

    Tá sé in am anois seans a thabhairt dos na páistí do bheithe ag labhairt na Gaeilge le chéíle agus iad amuigh ar an mbóthar.

    Le go mbeidh todhchaí ag teanga dúchais na tíre seo ba chóir comharchumann tithíochta a bhunú le heastáit LánGhaelacha a thógáil do Gaeilgeoirí na Gaillimhe.

  • Ruán Ó Gliasáin

    An-suimiúil a Mhanúis ansin ;-) Grúpa anseo chun an t-aonteangachas Gaeilge a fhorbairt https://www.facebook.com/groups/398542050173471

  • Mánus

    @Ruan
    Grma a Ruáin. Tá an ceart agaibh. tógfaidh na páistí an Béarla ón aeir!

    Luaigh mé cathair na Gaillimhe go speisialta toisc go bhfuil Peadar Mac Fhlanncha a thóg an cás seo i Lucsamburg ag obair in Áras na nGael sa Ghaillimh do Chonradh na Gaeilge. Tá Gaeilgeoirí ar fud na háite sa Ghaillimh agus b’fhearr do oifigigh an Chonartha do bheith ag díriú ar an Ghaeilge do bheith in úsáid mar theanga phobail sa Ghaillimh agus aonteangachas a chur chun cinn i gcúpla eastát lánGhaelach sa gcathair. .