Léirigh amhrán gránna faoi Michaela McAreavey an normalú atá déanta ar an bhfuath

Cé chomh coitianta is a chaitheann an fuath don ‘eile’ a bheith chun go ndéanfaidh an dream a bhí ag éisteacht neamhshuim den ghraostacht?

Léirigh amhrán gránna faoi Michaela McAreavey an normalú atá déanta ar an bhfuath

Sochraid Michaela McAreavey in 2010. Pic: Leon Farrell/Photocall Ireland

Tá an t-amhrán cáinte as éadan, dá bhféadfaí amhrán a ghlaoch ar an rosc déistineach.

Chuir duine éigin de stró air féin rann a chumadh ag magadh faoi dhúnmharú Michaela McAreavey. Chuir daoine eile de stró orthu féin na focail a fhoghlaim. Cuireadh fonn ‘Mickey Marley’s Roundabout’ leis.

Nuair a canadh é ag teacht le chéile i halla de chuid an Oird Oráistigh le déanaí bhí daoine ag bord fada ag canadh in éineacht leo sin a bhí á rá.

Maraíodh Michaela McAreavey in 2011 agus í ar mhí na meala ar Oileán Mhuirís deich lá tar éis a pósta le John McAreavey. Bhí dúil mhór aici i mbrioscaí lena cupán tae agus d’fhill sí ar a seomra tar éis béile chun paicéad a fháil. Meastar gur tháinig sí ar ghadaí sa seomra; ionsaíodh agus maraíodh í. Bhí sí seacht mbliana fichead d’aois. Bhí aithne mhór ag lucht leanta Chumann Lúthchleas Gael uirthi, í go minic i bhfochair a hathar Mickey Harte, bainisteoir fhoireann peile Thír Eoghain. Múinteoir Gaeilge ab ea í.

Buille uafásach do mhuintir Harte agus McAreavey ab ea a marú a bhain croitheadh as an tír, thuaidh agus theas. D’fhreastail uachtaráin agus íochtaráin ar a tórramh is a sochraid agus bhí tacaíocht trasphobail dá muintir follasach.

Cé a shamhlódh gur údar fonóide a bheadh san tragóid? Gurbh fhiú le duine éigin truflais a chumadh faoin uafás a bhain do Michaela agus John? Tuige? Agus tuige ar dhúirt fir é mar ábhar siamsaíochta ag oíche ólacháin i ndiaidh ceiliúradh aontachtach? Chun a ndintiúir mar fhir chrua a thaispeáint? Chun dlúthchaidreamh a chothú? Chun a neart mar dhílseoirí a dhearbhú? Nó le teann fuatha ar an ‘eile’?

Cibé, fuair sé bualadh bos. Ní léir gur dhúirt éinne ‘stop’ ná gur shiúil éinne amach. Ba léir freisin nár chuir an rann iontas ar dhaoine, taithí mhaith acu air is cosúil. Ní fios cathain a cumadh é – am éigin ó tharla an tubaiste aon bhliain déag ó shin.

Pé ar bith cén fhad a bhí an t-amhrán i gcúrsaíocht ar chúla téarmaí tá sé cáinte go forleathan ó foilsíodh físeán de ar mheán sóisialta an tseachtain seo caite. Náireach, samhnasach a thug polaiteoirí ó gach páirtí air. Déistineach agus doghlactha, a dúirt an tOrd Oráisteach a gheall fiosrú. Chinn an PSNI gur cheart an físeán a scrúdú féachaint ar briseadh aon dlí.

Rinne beirt fhear ráiteas ag gabháil leithscéil as an bhfíseán a phostáil agus as an amhrán féin, iad éirithe as an Ord Oráisteach. Comhlacht de chuid an dílseora aitheanta Jamie Bryson a d’eisigh a ráiteas. Cúpla lá ina dhiaidh sin bhí an tríú fear i measc a chuid cliant nuair a chuir sé ráiteas eile amach ag rá go raibh imeaglú á dhéanamh ar dhaoine a chonacthas ar an bhfíseán agus géarleanúint ar siúl ar na meáin shóisialta. Bhí sé thar am líne a tharraingt faoin scéal, a dúirt sé, agus ligint don PSNI a bhfiosrú a thabhairt chun críche.

Neosfaidh an aimsir an féidir leis na póilíní aon cheo a dhéanamh. Níl sé soiléir gur sáraíodh dlí. Tá sé glan soiléir, áfach, go dtagann focail an amhráin, agus an pléisiúr a baineadh as a gcanadh agus a gcraobhscaoileadh, salach ar luachanna fiúntacha. Cé chomh coitianta is a chaitheann an fuath don ‘eile’ a bheith chun go ndéanfaidh an dream a bhí ag éisteacht neamhshuim den ghraostacht?

Rinneadh dídhaonnú ar Michaela McAreavey agus a muintir; rinneadh é mar thaca náireach le cultúr aontachtach/dílseach. Fiú dá mbeadh aon bhunús lena leithéid d’argóint – rud nach bhfuil – ní féidir a rá gur ag tabhairt faoi chéile comhraic ar an taobh eile a bhí lucht an amhráin; saoránach príobháideach ab ea Michaela Harte McAreavey.

Léiriú é, ar ndóigh, ar chancar an tseicteachais chomh maith le fuath ban. Táthar ag caint i dTuaisceart Éireann le mo chuimhne ar fheachtais in aghaidh an tseicteachais; le tamall de bhlianta tá fuath do mhná agus ciníochas curtha ar an liosta. Saothar in aisce, faraor. Is léir ón eachtra seo nár rud as an gcoitiantacht an t-amhrán sa timpeallacht sin – normalú déanta ar an bhfuath.

Is mór idir é agus dínit mhuintir Michaela. Dúirt a baintreach John gurb í Michaela croí an ionracais, na crógachta agus an ghrá; bhí fuath nimhneach ar sé ach ní ligfear leis.

Má táthar chun an fhís sin a fhíorú tá obair mhór le déanamh.

Fág freagra ar 'Léirigh amhrán gránna faoi Michaela McAreavey an normalú atá déanta ar an bhfuath'

  • Dónall

    Normalú…go bhfóire Dia ar an nGaeilge!!

  • Seosamh Ó Beirgin

    Sin an focal ceart sa chomhthéacs (polaitíocht/socheolaíocht/síceolaíocht) seo.