‘Leibheálfaidh mé thú…’ – físeán d’argóint theasaí i nGaeilge ar thaobh an bhóthair á scaipeadh go mear

Tharla an eachtra buile bhóthair i nGaeltacht Chonamara agus cé gur ag argóint faoi ábhar tromchúiseach a bhí an bheirt fhear, mheas mórán gur comhartha dóchais don Ghaeilge a gcaint thíriúil

‘Leibheálfaidh mé thú…’ – físeán d’argóint theasaí i nGaeilge ar thaobh an bhóthair á scaipeadh go mear

Tá físeán d’argóint theasaí lán eascainí i nGaeilge idir tiománaí agus rothaí ar thaobh an bhóthair i gConamara á scaipeadh go mear ar líne agus tuairimí éagsúla ag daoine fúithi.

Tharla an eachtra buile bhóthair i gCeantar na nOileán i nGaeltacht Chonamara agus cé gur ag argóint faoi ábhar tromchúiseach —  sábháilteacht ar bhóithre — a bhí an bheirt fhear Ghaeltachta, mheas mórán gur comhartha dóchais don Ghaeilge a gcaint thíriúil.

Rabhadh: tá teanga gháirsiúil i gcuid de na naisc sa scéal seo

Tugadh suntas go háirithe don bhealach nádúrtha a meascadh sa bhriatharchath an Ghaeilge agus an Béarla gan struchtúir na Gaeilge a thréigean.

Bhí daoine eile den tuairim, áfach, nár cheart beag is fiú a dhéanamh den ábhar cainte a bhí ag an mbeirt. Tharraing tiománaí na veain suas taobh leis an rothaí, rud a thug air stopadh, agus thosaigh an bheirt ag argóint faoi eachtra a maíodh a tharla níos luaithe ach nach bhfuil le feiceáil san fhíseán.

 

Más gáirsiúil féin é, is cosúil go bhfuil ceann amháin de na habairtí ón argóint imithe i bhfeidhm go háirithe ar Ghaeil ar líne.

Is i mí Mhárta anuraidh a tharla an eachtra ach chuir an rothaí an físeán ar Twitter an tseachtain seo. Scaipeadh go forleathan é ar na meáin shóisialta agus breis is 400,000 amharc faighte aige ar an ardán TikTok amháin. Amharcadh níos mó ná 380,000 uair ar dhá leagan den fhíseán a foilsíodh ar Twitter.

Fág freagra ar '‘Leibheálfaidh mé thú…’ – físeán d’argóint theasaí i nGaeilge ar thaobh an bhóthair á scaipeadh go mear'

  • Seán ÓM

    “Mé náirithe os comhair na gcomharsan. Iad ag síneadh a méara fúm agus ag magadh fúm má théim ar aonach nó ar mhargadh nó fiú chun an Aifrinn Dé Domhnaigh.”

    Máthair Máire – An Triall – Máiréad Ní Ghráda

  • Jerry Kelly

    Binn ceolmhar álainn.