Leasú reachtaíochta á mholadh chun an ruaig a chur ar ‘an Uasal’ agus teidil ‘ghallda’ eile

Deir Ó Cuív go bhfuil sé de cheart ag aon duine gan teideal a thabhairt air féin agus gur nós gallda é an leagan ‘an tUasal’ a thug Conradh na Gaeilge isteach

Leasú reachtaíochta á mholadh chun an ruaig a chur ar ‘an Uasal’ agus teidil ‘ghallda’ eile

Bheadh sé de cheart ag aon duine gan aon teideal a úsáid, i mBéarla ná i nGaeilge agus iad i mbun gnó leis an Stát, dá nglacfaí le leasú ar an mbille teanga nua atá le moladh ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.

Dheimhnigh Ó Cuív do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist aige an leasú a mholadh ar an reachtaíocht teanga nuair a bhainfidh sí an chéad chéim eile amach i dTithe an Oireachtais.

Dúirt Ó Cuív go bhfuil an leasú á mholadh aige chun go mbeadh cead ag aon duine diúltú do theidil mar “An tUasal, Mr. nó Mrs.” agus iad i mbun cumarsáide leis an Stát.

Labhair an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil faoin ábhar seo sa Dáil nuair a pléadh an bille teanga nua ann níos túisce an mhí seo.

Deir Ó Cuív go bhfuil sé de cheart ag aon duine gan teideal a thabhairt air féin agus gur nós gallda é an leagan ‘an tUasal’ a chur roimh ainm Ghaeilge.

“Ní théann muintir na Gaeltachta thart ag tabhairt ‘an tUasal seo’ agus ‘an tUasal siúd’ ar dhaoine, mura mbeidís ag scigmhagadh fút,” arsa Ó Cuív.

Muintir Chonradh na Gaeilge “a thug é sin isteach ag tús an chéid, ag aithris ar nósanna Gallda”, ar sé.

Deir an t-iar-aire “go mbrisfeadh sé do chroí an cur in aghaidh an achta teanga a bhíonn ag codanna den státchóras”.

Níos túisce an mhí seo, tar éis díospóireacht a mhair breis is trí uair an chloig agus ar ghlac Teachtaí Dála ó gach dream seachas Fine Gael páirt inti, aontaíodh go gcuirfí an bille ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, céim an choiste.

Fág freagra ar 'Leasú reachtaíochta á mholadh chun an ruaig a chur ar ‘an Uasal’ agus teidil ‘ghallda’ eile'

  • file

    An mbeidh an tUasal Ó Cuív, TD, ag iarraidh fáil réidh le nós gallda eile, mar atá sloinnte? Ar mhaith leis leithéid Jimí Phat Willie a thabhairt orainn uilig?

  • Seán Mac Bhriain

    Bréaga amach is amach a rá nach n-úsáideann muintir na Gaeltachta “an tUasal”. Níos measa fós cén cheart atá ag duine amháin a ligean air féin gurb eol dó dearcadh, meon agus tuairimí an uile dhuine atá ina gcónaí i gceantar ar leith.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Maith go bhfuil seo ag tarlú. Is fuath liom an teideal ‘Iníon’ ar litreacha – aithris ar ‘Miss’ is cosúil. Ba cheart a rud céanna a dhéanamh sa Bhéarla. Tchím go mbíonn sé éigeantach an sonra seo a líonadh isteach ar bhogearraí áirithe agus ní thugtar an rogha ‘gan teideal’ a roghnadh orthu.

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!!