Leasú á mholadh ar bhille nua le go mbeadh sé ina choir fuath a spreagadh i leith cainteoirí Gaeilge

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go leasófaí dréachtreachtaíocht nua chun go mbeadh sé in aghaidh an dlí fuath a spreagadh i leith duine mar gheall ar an teanga a labhraíonn sé

Leasú á mholadh ar bhille nua le go mbeadh sé ina choir fuath a spreagadh i leith cainteoirí Gaeilge

Pléadh sa Seanad tráthnóna inné éileamh go ndéanfaí leasú ar bhille nua le go mbeadh sé ina choir feasta fuath a spreagadh i leith lucht labhartha na Gaeilge.

Faoin mBille Ceartais Choiriúil (Gríosú chun Foréigin nó Fuatha agus Cionta Fuatha) 2022, déanfar nuashonrú ar na dlíthe a dhéanann coir d’fhuathchaint agus den chéad uair faoi dhlí na hÉireann beidh reachtaíocht againn in aghaidh coireanna fuatha.

Ach níl cosaint ar bhonn teanga i measc na dtréithe a bhfuil cosaint tugtha dóibh sa bhille nua a pléadh sa Seanad an tseachtain seo.

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go leasófaí an dréachtreachtaíocht chun go mbeadh sé in aghaidh an dlí fuath a spreagadh i leith duine mar gheall ar an teanga a labhraíonn sé.

Mhol beirt sa Seanad tráthnóna inné, Robbie Gallagher, Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, agus Niall Ó Donnghaile ó Shinn Féin, go scrúdófaí éileamh an Chonartha ag an gcéad chéim eile den bhille céim an choiste.

Faoin reachtaíocht nua coir a bheidh feasta in aon chumarsáid nó iompar baolach nó toiliúil a d’fhéadfadh foréigean nó fuath a spreagadh in aghaidh duine nó daoine toisc “tréith chosanta” a bheith á ceangal leo.

Tiocfaidh an dlí nua in áit An Achta um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989, acht a dhírigh ar ghríosú chun fuatha ar aon cheann de na boinn seo – cine, dath, náisiúntacht, reiligiún, cúlra eitneach nó náisiúntachta, ballraíocht sa lucht taistil, is claonadh gnéis.

Cuirtear leis na tréithe sin faoin mbille nua agus míchumas, ginealach, tréithe gnéis, agus inscne (léiriú agus féiniúlacht inscne san áireamh) curtha leis an liosta.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil cosaint ar bhonn teanga i measc na dtréithe a bhfuil cosaint ón bhfuath tugtha dóibh faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus gur chóir go mbeadh an scéal amhlaidh anseo más fúinn cloí leis an gcoinbhinsiún sin.

Níl ballraíocht sa bPobal Taistil i measc na dtréithe atá luaite sa reachtaíocht nua toisc go bhfuil sin clúdaithe ag bunús eitneach nó náisiúnta.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee inné go mbeadh cás an chainteora Gaeilge clúdaithe chomh maith ag bunús eitneach, maíomh nár mhínigh sí agus a bhfuil Conradh na Gaeilge go mór in amhras faoi.

Dúirt an Seanadóir Robbie Gallagher de chuid Fhianna Fáil go raibh an reachtaíocht ag teacht salach ar an gcoinbhinsiún sa mhéid is nach raibh ‘teanga’ ar liosta na dtréithe.

“Is cuid mhór cúrsaí teanga de cé sinn féin…. Agus faraor ní gá dúinn dul rófhada ón áit a táimid chun léargas a fháil trasna na teorann ar an tslí go mbaintear leas as cúrsaí teanga chun cur in aghaidh daoine,” arsa an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil.

An duine a dhéanann iarracht fuath a spreagadh in aghaidh duine nó grúpa ag a bhfuil ceann de na tréithe cosanta sin acu, tharlódh go mbeadh an duine sin ciontach i gcion a bhféadfadh cúig bliana príosúin a bheith mar phionós ag dul leis.

Tá an bille cáinte ag roinnt dreamanna agus imní á léiriú acu go gcuirfeadh sé isteach ar an tsaoirse cainte agus gur maoirseacht ar thuairimí an toradh a bheadh air.

Faoin mBille seo is cion feasta an cinedhíothú, coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna in aghaidh na síochána a shéanadh, beag a dhéanamh díobh nó a bheith i bhfách leo.

Tá bearta sa mbille seo freisin chun saoirse cainte a chosaint, lena n-áirítear plé a dhéanamh ar chúrsaí a bhaineann le tréith chosanta.

Nuair a tosaíodh in 2018 ar athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989, thug an Roinn Dlí agus Cirt le fios do Tuairisc go gcuirfí san áireamh  moladh a rinne an Chomhairle um Chearta an Duine go mbeadh sé ina choir fuath a spreagadh do dhuine de bharr an teanga a labhraíonn sé.

Fág freagra ar 'Leasú á mholadh ar bhille nua le go mbeadh sé ina choir fuath a spreagadh i leith cainteoirí Gaeilge'

  • Seán ÓM

    Ba chóir go mbeadh “teanga” ann go ginearálta ar aon chaoi. Is minic a chuala mé daoine as Oirthear na hEorapa ag cúr suas leis an mbigeoideacht chéanna agus “just speak English” maslaí a chaithtar orainne ar iompar poiblí nó sráideanna BÁC thar na blianta.

  • Mícheál Ó Flaithearta

    An mbeidh sé in aghaidh an dlí de réir na reachtaíochta nua labhairt amach faoi dhroch-Ghaeilge agus faoin ‘gCúpla Focalachas’?

  • jpmorley0@gmail.com

    Is mó achrann a tharraing labhairt na Gaeilge dom féin (agus do dhaoine eile ar m’aithne) i gcaitheamh mo shaoil. I Londain, go háirithe, i measc náibhithe agus eile, a hÉirinn. Fear amháin ar theastaigh uaidh dul chun doirne liom (mar tharla) toisc gur cheap sé gur ‘ag magadh faoi’ agus ‘faoi dhaoine eile’ a bhíos. Bhí sé an-mhúinte an-mhánla liom suas go dtí’n pointe sin nó gur chuala sé ag labhairt Gaeilge mé le seanchara dem chuid. Bhíomar ar an bhfoirinn chéanna thall
    (iomáint & peil do ‘Na Piarsaigh’) agus bhí deoch i gceist dar ndóin. An rud ab iontaí liomsa faoi go raibh dream beag eile ag aontú leis go glórach. Ach cuireadh corc ann, mise faoi dhuit, agus iontu freisin. Ár muintir féin ár dtarcaisniú as teanga na hÉireann a labhairt agus Sasanaigh ag iarraidh síocháin a dhéanamh!

  • Antóin

    Tá an bille cáinte ag roinnt dreamanna agus ní gan chúis. Ní thugtar sainmhíniú ar an bhfocal ‘fuath’ mar shampla. De réir an bhille “ciallaíonn ‘fuath’ fuath i leith dream daoine…”

    Maidir leis an gceist a d’ardaigh an Seanadóir MC Dowell; Aithnítear dhá inscne san Acht um Inscne a Aithint 2015. Nuair a fhaigheann duine deimhniú aitheantais inscne, aithnítear gur fear nó gur bean an duine sin. Cad mar sin is ciall le trasinscne nó inscne nach fireann ná baineann í a dtagraítear dóibh sa bhille seo? Sin an cheist a bhí ag an Seanadóir McDowell agus ní shílim go bhfuair sé freagra go fóill.

    Cur chuige una duce una voce cur chuige an chomhrialtais seo. An íoróin!

  • Nioclás Pól Caileán de Ghloucester

    “Nuair a fhaigheann duine deimhniú aitheantais inscne, aithnítear gur fear nó gur bean an duine sin.”
    arsa fear. Ní chiallaíonn inscne gnéas.

    Rinneadh tromionsaithe i m’aghaidh sa bhliain 2013 mar gheall ar teanga. Bacann ionchúisitheoir poiblí an Ghaeilge. D’ordaigh dlíodóir (ar mo shon) gan rá as an Ghaeilge dom, ach bhí gealgháire uirthi mar bhí mise ag caint as an Ghaeilge.