Léarscáil pholaitiúil an Tuaiscirt ag éirí níos glaise

Fuair páirtithe náisiúnacha níos mó vótaí ná páirtithe aontachtacha i dtoghcán den chéad uair, ach cén tionchar a bheidh ag na torthaí ar phairilis pholaitiúil Stormont?

Léarscáil pholaitiúil an Tuaiscirt ag éirí níos glaise

Ba iad toghcháin áitiúla na seachtaine seo caite an chéad choimhlint i stair Thuaisceart Éireann ina bhfuair páirtithe náisiúnacha níos mó vótaí ná páirtithe aontachtacha. Ní hamháin go raibh farasbarr 22 comhairleoir ag Sinn Féin ar an DUP ach bhí iomlán na vótaí a fuair páirtithe a chaitheann an lipéad ‘náisiúnach’ in Stormont 19,000 chun tosaigh ar an méid a fuair na páirtithe a chláraíonn mar ‘aontachtaithe’.

Casadh nua ar fad is ea é sin, ceann a bhain croitheadh as aontachtaithe agus cúis mhór gairdeachais ag lucht tacaíochta Shinn Féin ach cén treo ina dtabharfaidh sé iad? Bhí na torthaí chomh suntasach sin gur fiú iad a bhreacadh anseo in iomláine. Vótáil 55% de na toghthóirí.

Sinn Féin
144 suíochán, 30.9 % de na vótaí; méadú 39 suíochán agus 7.7% ar 2019

DUP 
122, gan athrú, 23.3% de na vótaí agus laghdú -0.8% ó 2019

Páirtí na Comhghuaillíochta
67 suíochán, 13.3% de na vótaí, méadú 14 suíochán agus 1.8% ó 2019

UUP
54 suíochán, 10.9% de na vótaí, laghdú 21 suíochán agus -3.2% ó 2019

SDLP
39 suíochán, 8.7% de na vótaí, laghdú 20 suíochán agus -3.3% ó 2019

TUV
Naoi suíochán agus 3.9% de na vótaí, méadú trí shuíochán agus 1.7% ó 2019

Comhaontas Glas
Cúig shuíochán, 1.7% den na vótaí, laghdú trí shuíochán agus -0.4% ó 2019

Pobal Roimh Bhrabach
Dhá shuíochán, 1%  de na vótaí, laghdú trí shuíochán agus – 0.4% ó 2019

PUP
1 suíochán (-2), Aontú 0 (-2) agus Neamhspleáigh 19 (-5).

Beidh anailís le déanamh lá is faide anonn ar a bhfuil i ndán do na páirtithe a chruthaigh go dona, go háirithe an SDLP agus an UUP. Díol suntais é freisin cúlú Phobal Roimh Bhrabach agus na nGlasach le linn géarchéime eacnamaíochta agus aeráide, gach dream seachas Alliance fáiscthe sa choimhlint idir Sinn Féin agus an DUP.

Is iad caithréim Shinn Féin agus cosaint a choda ag an DUP is tábhachtaí an tseachtain seo. An mbeidh éifeacht ag na torthaí sin ar phairilis pholaitiúil Stormont? Tá iarrtha ag ceannaire na státseirbhíse in Stormont, Jayne Brady, ar na ceithre pháirtí a bheadh sa bhFeidhmeannas – Sinn Féin, DUP, Páirtí na Comhghuaillíochta agus an UUP – a bualadh lei amárach chun an bealach chun tosaigh a phlé, go háirithe géarchéim an bhuiséid.  Tá trí cinn de na páirtithe sin ag iarraidh athnuachan Stormont.

Mhaígh Michelle O’Neill ceannaire Shinn Féin abhus agus ‘an chéad-aire tofa’ gur léirigh na vótóirí go dteastaíonn athnuachan Stormont uathu. Ag an am céanna bhí Jeffrey Donaldson in ann a mhaíomh gur dhaingnigh an DUP a dhún agus go raibh sainordú aige don mbaghcat ar Stormont mura bhfaighidh sé sásamh ó rialtas na Breataine i leith Chreat Windsor agus an phrótacail iarBhreatimeachta.

Is léir gur chuidigh teaictic an DUP i leith Stormont le fás Shinn Féin. Bhain Sinn Féin suíocháin ó gach páirtí ach is ón SDLP a bhain siad leath na suíochán sa bhreis a ghnóthaigh siad. Rinne vótóirí náisiúnacha cinneadh go seolfadh siad teachtaireacht chuig an DUP go raibh sé doghlactha post an chéad-aire a cheilt ar ionadaí náisiúnach a thuill é. Creideann go leor gurb é sin is cúis leis an mbaghcat toisc gur dhiúltaigh Donaldson a rá roimh thoghchán an Tionóil anuraidh go mbeadh an DUP toilteanach cumhacht a roinnt le céad-aire ó Shinn Féin.

Tháinig Sinn Féin i dtír ar an dearcadh sin i measc an phobail agus chuidigh dearfacht a bhfeachtais leo freisin, iad ag éirí níos tarraingtí ná mar a bhídís le haghaidh aistrithe ó vótóirí lasmuigh dá gcosmhuintir. Déanann siad dianstocaireacht i measc a ndílseoirí féin ach lá i ndiaidh lae freisin scaip siad an teachtaireacht gur ‘céad-aire do gach éinne’ a bheadh i Michelle O’Neill. Mhaígh saineolaí a scrúdaigh craoltaí na bpáirtithe polaitíochta nach n-aithneofaí an difríocht idir Sinn Féin agus Alliance dá gceilfí a n-ainmneacha.

Is mór idir sin agus cur chuige an DUP. Tuigeann Jeffrey Donaldson go bhfuil gá le tacaíocht lasmuigh den phobal aontachtach, atá ag dul i laghad, má táthar chun ról an Tuaiscirt san Ríocht Aontaithe a chaomhnú. Mar sin féin, níor deineadh iarracht ar bith vótóirí seach-aontachtacha a mhealladh.

A mhalairt a tharla, an DUP ag cúlú chuig seasamh an TUV chun an páirtí ba neamhghéilliúla a shárú. D’éirigh leis in aghaidh an TUV ach bhí an ráta vótála i measc aontachtaithe níos ísle na an ráta náisiúnach, an chluas bhodhar tugtha d’áitiú a bpolaiteoirí. Sé freagra Jeffrey Donaldson ar a bheith sa dara háit i rialtas áitiúil chomh maith le Stormont go gcaithfidh aontachtaithe éirí as scoilteadh na vótaí. Níor luadh athbhreithniú ar a dteachtaireachtaí diúltacha.

D’ainneoin rabharta Shinn Féin b’údar sóláis ag an DUP é, a dúradar, nach raibh sciar na bpáirtithe náisiúnacha den vóta méadaithe le 25 bliain.

Sna toghcháin seo fuair náisiúnaithe 300,565 vóta. B’in 40.8%, méadú 4.5% ó 2019. Fuair na páirtithe aontachtacha 281,196 vóta, 38.2%, laghdú 3.7%. Is fíor do cheannaire an DUP nár leor sciar 40% nó 41% chun reifreann faoin teorainn a bhaint ach thug na torthaí uchtach dóibhsean a bhfuil reifreann uathu.

D’éiligh Sinn Féin go mbunódh rialtas na hÉireann Tionól Saoránach chun tabhairt faoin obair ullmhúcháin.

Sa ngearrthréimhse i ndiaidh na dtoghchán is baolach gur beag a bhogfaidh cé go bhfuil an léarscáil pholaitiúil glasaithe. Tá an DUP ag triall ar Londain ag iarraidh sciath chosanta faoi Chreat Windsor. Tá na páirtithe eile ag súil le cruinniú idir-rialtasach chun fuascailt na sáinne a chíoradh agus iad sin a buaileadh go dona i mbun machnaimh.

Fág freagra ar 'Léarscáil pholaitiúil an Tuaiscirt ag éirí níos glaise'

  • Sibéal

    “Ag eirí níos glaise” agus trí suiochán caillte ag an bPáirtí Glas?

    Ní pairtí glas é Sinn Féin; is páirtí le trí dath iad – oráiste, bán agus uaithne.

  • Gabriel Rosenstock

    Tá an cheannlíne ábhairín débhríoch i mo thuairimse, sa mhéid go bhfuil dhá chiall le ‘glas’ i gcúrsaí polaitiúla. Seans go bhfuil an bhrí éiceolaíochta níos coitianta na laethanta seo ná an tseanbhrí thraidisiúnta.