Léargas eile ar ghéarchéim na múinteoirí Gaeilge agus ganntanas mór scrúdaitheoirí ann don scrúdú cainte

Tá an ganntanas múinteoirí Gaeilge ag cruthú deacrachtaí móra do scrúdú cainte na hArdteiste agus achainí déanta ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar phríomhoidí na tíre múinteoirí a spreagadh chun cur isteach ar obair mar scrúdaitheoirí

Léargas eile ar ghéarchéim na múinteoirí Gaeilge agus ganntanas mór scrúdaitheoirí ann don scrúdú cainte

Tá léargas eile tugtha ar ghéarchéim na múinteoirí Gaeilge agus easpa mór scrúdaitheoirí ann do scrúduithe cainte na hArdteiste.

Tá an easpa chomh mór sin go bhfuil achainí déanta ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar phríomhoidí na tíre múinteoirí a spreagadh chun cur isteach ar obair mar scrúdaitheoirí do scrúdú cainte Gaeilge na hArdteiste.

Dúirt Ard-Rúnaí an TUI John MacGabhann go raibh ag teip ar scoileanna folúntais do mhúinteoirí Gaeilge a líonadh le múinteoirí a bhí cáilithe chun an Ghaeilge a theagasc, fadhb atá ag cruthú deacrachtaí móra don scrúdú cainte.

“Má scaoileann scoil le múinteoirí Gaeilge chun na scrúduithe [cainte] a dhéanamh, níl aon dul as, geall leis, ach go dteipfidh orthu macasamhail seirbhíse a chur ar fáil toisc go bhfuil ganntanas múinteoirí ionaid cáilithe ann,” a dúirt sé.

Dúirt leasArd-Rúnaí an ASTI, Moira Leydon, gur “fíor-údar imní” an ganntanas múinteoirí do na scrúduithe cainte sa Ghaeilge agus i dteangacha eile.

“Bhí fadhbanna anuraidh againn nuair a bhí an coimisiún ag lorg scrúdaitheoirí agus is amhlaidh gur ag géarú a bheidh na fadhbanna sin arís,” a dúirt Moira Leydon.

Idir an dá linn, léiríonn figiúirí a foilsíodh ar an Irish Times inniu, nach bhfuil formhór mór na múinteoirí a cheaptar i scoileanna áirithe  d’fholúntais pháirtaimseartha mar mhúinteoirí Gaeilge cáilithe chun an teanga a theagasc.

De réir suirbhé a rinne Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha i measc na scoileanna faoina gcúram, le linn na scoilbhliana seo líonadh 62% de na folúntais sin le múinteoirí nach raibh cáilithe chun an Ghaeilge a mhúineadh. Bhí 28% de na múinteoirí a earcaíodh chun an Ghaeilge a mhúineadh cáilithe chuige sin agus níor líonadh 10% de na folúntais a bhí ann do mhúinteoirí Gaeilge.

Dúirt urlabhraí ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit gur éirigh leo dul i ngleic leis an easpa múinteoirí do na scrúdaithe cainte sa Ghaeilge agus i dteangacha eile anuraidh agus go rabhthas ag súil leis an gcomhoibriú agus dea-thoil chéanna ó scoileanna i mbliana.

Fág freagra ar 'Léargas eile ar ghéarchéim na múinteoirí Gaeilge agus ganntanas mór scrúdaitheoirí ann don scrúdú cainte'