Léargas eile ar fáil ar scaipeadh an Covid-19 sa Ghaeltacht

Tá cuid de na contaetha Gaeltachta i measc na gceantar is lú a bhí buailte ag an ráig

Léargas eile ar fáil ar scaipeadh an Covid-19 sa Ghaeltacht

Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

Tá tuilleadh fianaise ann nár buaileadh na ceantair Ghaeltachta chomh dona leis an gcoróinvíreas i gcomparáid le háiteanna eile sa tír.

De réir staitisticí nua atá foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh faoi líon na ndaoine a fuair bás de dheasca an ghalair Covid-19, tá cuid de na contaetha Gaeltachta i measc na gceantar is lú a bhí buailte ag an ráig.

San Iardheisceart (Corcaigh agus Ciarraí), fuair ochtar as gach 100,000 bás de bharr an ghalair Covid-19 idir mí an Mhárta agus mí Bealtaine. Ochtar as gach 100,000 a fuair bás san Oirdheisceart chomh maith, ceantar ina raibh Port Láirge san áireamh.

I gceantar an Iarthair (Gaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin), bhí an ráta báis beagáinín níos airde agus naonúr as gach 100,000 curtha den saol ag an gcoróinvíreas. É sin ráite, bhí an ráta báis cuid mhaith níos airde ná sin sna ceantair eile ar fud na tíre.

Cuireadh Dún na nGall san áireamh leis an gCabhán, Liatroim, Muineachán agus Sligeach – contaetha atá ar an teorainn leis an Tuaisceart – i staitisticí na Príomh-Oifige Staidrimh. Bhásaigh 29 duine as gach 100,000 de dheasca Covid-19 sa cheantar sin.

Is i mBaile Átha Cliath agus na ceantair mórthimpeall air is measa a bhí an ráta báis.

Fuair 57 duine as gach 100,000 bás sa phríomhchathair. I gceantar an mheánoirthir, ina raibh an Mhí san áireamh, 46 duine as gach 100,000 a fuair bás.

Rinneadh briseadh síos ar líon na mbásanna de réir contae chomh maith don tréimhse idir an 14 Márta agus an 29 Bealtaine. Má bhí níos lú ná cúig bhás i gceist aon seachtain amháin, ní thugtar an figiúr beacht do líon na mbásanna an tseachtain sin.

Ó thaobh na gcontaetha Gaeltachta, is sa Mhí a bhí an líon is mó básanna de bharr Covid-19 agus idir 42 agus 48 duine básaithe sa chontae de bharr an víris le cúpla mí anuas.

Thosaigh an ráta báis ag titim sa chontae, áfach, agus bhásaigh níos lú ná cúigear na cúig seachtaine as a chéile ó dheireadh mhí Aibreáin ar aghaidh.

I Maigh Eo, is idir 35 agus 53 duine a fuair bás, idir 37 agus 49 duine a bhí i gceist i nDún na nGall agus idir 42 agus 48 duine a bhásaigh i gCorcaigh. Níor
cuireadh aon bhás ar an taifead i gCorcaigh sna trí seachtaine deireanacha den tréimhse a bhí i gceist sa taighde.

Fuair idir cúigear agus scór duine bás i nGaillimh de bharr Covid-19, de réir na staitisticí, agus bhain formhór acu sin le buaicphointe na ráige mí Aibreáin.
Idir ceathrar agus 16 duine a fuair bás i gCiarraí agus idir duine amháin agus ceathrar a fuair bás i bPort Láirge sa tréimhse chéanna.

Níor cuireadh aon bhás de bharr an choróinvíris ar an taifead i bPort Láirge i ndeich gcinn den 11 seachtain a bhí á scrúdú sa staidéar seo.

Tugann staitisticí na Príomh-Oifige Staidrimh le fios gur thit líon na ndaoine atá ag fáil bháis de bharr Covid-19 sé seachtaine as a chéile. Bhí 12 contae nach bhfuair aon duine bás iontu de bharr Covid-19 sa tseachtain dheireanach den tréimhse a bhí á scrúdú agus bhí 13 contae eile ina raibh líon na ndaoine a raibh an galar orthu agus a bhásaigh níos ísle ná cúigear.

Fág freagra ar 'Léargas eile ar fáil ar scaipeadh an Covid-19 sa Ghaeltacht'