LÉAMHTHUISCINT: Ní chaithfear éisteacht … le tuairimí faisisteacha

Thíos tá ábhar ón gcnuasach Láithreach Bonn mar aon le gníomhaíochtaí don seomra ranga

LÉAMHTHUISCINT: Ní chaithfear éisteacht … le tuairimí faisisteacha

Cordon sanitaire. Bhí an dá fhocal Fraincise sin sa nuacht go minic nuair a bhí mé ag fás aníos, san Ísiltír, sna 1980idí.

B’éard a bhí i gceist, a mhínigh m’athair, ná socrú a bhí déanta ag páirtithe polaitiúla na tíre ar fad, nach mór, nach mbeadh aon phlé acu le páirtí beag amháin darb ainm Centrumpartij (‘Páirtí an Láir’). Is cosúil gur theastaigh sofhriotal i bhFraincis don socrú sin.

Páirtí náisiúnach, frith-inimirce a bhí sa Centrumpartij nach bhfaigheadh ach sciar beag bídeach de na vótaí: 0.8 faoin gcéad san olltoghchán ab fhearr a bhí acu – níor ghnóthaigh siad riamh ach suíochán parlaiminte amháin. Ach bhí eagla an domhain ar na páirtithe eile roimh an Centrumpartij, agus roimh dhream beag eile a scar ón bpáirtí sin sa bhliain 1984, na Centrumdemocraten (‘Daonlathaigh an Láir’).

Bhí an dá pháirtí sin ciníoch go hoscailte, mheabhraigh a ndearcadh náisiúnach an faisisteachas, agus shocraigh gnáthpháirtithe na tíre go raibh na srianta sláinte sin, an cordon sanitaire, ag teastáil ar eagla go scaipfeadh an galar.

Ach scaip.

Inniu, dhá scór bliain níos déanaí, caitheann isteach is amach le duine as gach cúigear san Ísiltír vóta do pháirtithe a bhfuil tuairimí acu atá i bhfad níos radacaí agus i bhfad níos faide amach ar an eite dheis ná mar a bhí tuairimí an Centrumpartij agus na Centrumdemocraten riamh.

Agus ar ndóigh tá an scéal mar a chéile i gcuid mhór tíortha Eorpacha.

Front National na Fraince, AfD na Gearmáine, Fratelli d’Itália na hIodáile, Fidesz na hUngáire, Vlaams Belang na Beilge, FPÖ na hOstaire, Sverigedemokraterna na Sualainne agus Perussuomalaiset na Fionlainne: níl ansin ach cuid de na páirtithe polaitiúla ar an mór-roinn atá i bhfad amach ar an eite dheis. Tá cuid acu (Fidesz, Fratelli d’Ítália, Perussuomalaiset) i gcumhacht, agus cé nach cuid de rialtas na Sualainne iad na Sverigedemokraterna, tá rialtas coimeádach na tíre sin go láidir faoina n-anáil toisc go mbraitheann na páirtithe sa chomhrialtas ar a dtacaíocht.

Eisceacht sa scéal seo í Éire: níor éirigh go rómhaith riamh le páirtithe ar an eite fhíordheis, agus an chúis atá leis sin ná go bhfuil páirtí seanbhunaithe ann a dhéanann freastal ar an sciar sin den mhargadh.

Tagann Sinn Féin i dtír, feictear dom, ar an sciar sin de vótóirí na hÉireann a chaithfeadh vóta do pháirtí éigin de chuid na heite fíordheise dá mbeadh cónaí orthu ar an mór-roinn. Ní ar dheis ach ar chlé ón lár atá Sinn Féin ar ndóigh ach páirtí pobalach, náisiúnach atá ann gan dabht agus – seo an rud is tábhachtaí – páirtí é a thugann le tuiscint go dtugann siad glór, nó ar a laghad ar bith cluas le héisteacht, dóibh siúd sa tsochaí a mhothaíonn nach n-éistear leo, mana a bhíonn ag mórchuid páirtithe de chuid na heite fíordheise.

Gné eile atá i gcoitinne ag Sinn Féin le cuid mhór páirtithe ar an eite fhíordheis ar an mór-roinn ná go bhfuil siad amhrasach faoin Aontas Eorpach.

Ar ndóigh tá difríochtaí móra idir dearcthaí Shinn Féin agus dearcthaí mhórchuid páirtithe de chuid na heite fíordheise (níl SF i gcoinne cearta LADT+ mar shampla agus fanann an páirtí ina thost cuid mhór faoi chúrsaí inimirce) agus tá difríochtaí móra idir páirtithe pobalacha agus náisiúnacha éagsúla na mór-roinne iad féin.

Má tá rud amháin soiléir ón méid thuas, seo é: téarmaí ciotacha iad ‘eite chlé’, ‘eite dheis’ agus ‘lár’. Is féidir le dream ‘Centrumpartij’ (nó ‘Centre Party of Ireland’ – níor aimsigh mé leagan Gaeilge ar shuíomh an pháirtí úd a thugadh ‘Renua’ orthu féin go dtí le gairid) a thabhairt orthu féin ach a bheith fíorchoimeádach, agus is féidir le páirtí a shamhlaítear leis an eite chlé a bheith fíornáisiúnach agus amhrasach faoin Aontas Eorpach.

Ach bíodh ag an mearbhall téarmaíochta.

Cén fáth ar tháinig fás chomh diamhair sin le dhá scór bliain anuas ar a leithéid de pháirtithe ar fud na hEorpa? Ritheann cúig chúis liom féin.

  1. Tháinig fás ar líon na n-inimirceach san Aontas Eorpach dáiríre. (Arís, eisceacht sa scéal seo í Éire. Sna 1990idí deireanacha den chéad uair a thosaigh inimircigh ag tabhairt aghaidhe ar Éirinn ar scála mór seachas sna 1950idí, mar a tharla sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Ísiltír agus sa Bheilg, agus is lú i bhfad sciar na n-inimirceach mar chuid den daonra iomlán in Éirinn i gcónaí i gcomparáid leis na tíortha sin.)
  2. An t-idirlíon. Ní hamháin go scaipeann smaointe i bhfad níos sciobtha ná dhá scór bliain ó shin (gan trácht ar bhréagnuacht agus teoiricí comhcheilge) ach tá muid curtha inár gcuid ‘bolgáin’ féin ag na halgartaim uilechumhachta, rud a chiallaíonn nach gcloisimid ach macallaí ár dtuairimí féin go minic.
  3. Ghlac ‘gnáth’-pháirtithe na heite deise roinnt tuairimí de chuid na heite fíordheise chucu féin ar eagla go gcaillfidís vótóirí, agus ar an gcaoi sin rinne siad tuairimí nach mbeadh glacadh ar bith leo dhá scór bliain ó shin inghlactha.
  4. Ar an gcaoi chéanna, thug na meáin spás do na tuairimí sin ar eagla go gcuirfí ina leith go raibh neamhaird á déanamh acu orthu siúd a raibh na tuairimí sin acu, nó níos measa, go raibh cinsireacht ar bun acu.
  5. Imní faoin todhchaí i gcoitinne. An t-ollchliseadh aeráide atá ar na bacáin, an phaindéim atá díreach thart, an cogadh san Úcráin agus an cogadh sa Mheánoirthear, speicis ionracha, teangacha atá ar an dé deiridh, cumhacht na Bruiséile ag síormhéadú agus féiniúlachtaí atá i mbaol … liosta le háireamh iad na ceisteanna a thagann idir an saoránach Eorpach agus codladh na hoíche na laethanta seo.

Gan dabht ní thógfadh éinne ar mhuintir na hEorpa é go bhfuilid buartha faoin todhchaí. Agus go deimhin tá an ceart ar fad ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh a éileamh go n-éistfí leo.

Go n-éistfí leo go pointe.

Ní hionann an ceart a bheith agat go n-éistfí leat agus a rá go bhfuil cead agat chun faisisteachais, ciníochais nó frithdhaonlathais.

Tá cumha ormsa i ndiaidh na 1980idí.

Seans gurb é scéal an taibhse a d’éalaigh as an mbuidéal atá ann, ach dá gcuirfeadh gnáthpháirtithe na hEorpa (agus ar eagla na míthuisceana, áirím Sinn Féin orthu sin), dá gcuirfidís cordon sanitaire i bhfeidhm arís ar na páirtithe sin ar mhaith leo dochar a dhéanamh do dhaoine áirithe, do ghrúpaí áirithe, nó don daonlathas féin?

Agus dá ndéanfadh na meáin an rud céanna?

 

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna tuisceana agus léirthuisceana

  • Cén fáth a luaitear na focail Fhraincise cordon sanitaire?
  • An féidir leat an abairt thíos a mhíniú i d’fhocail féin?

Ní hionann an ceart a bheith agat go n-éistfí leat agus a rá go bhfuil ceart agat chun faisisteachais, ciníochais nó frithdhaonlathais.

  • Cérbh iad an Centrumpartij?
  • Cén bhaint atá ag an bhfigiúr 0.8 leis an scéal?
  • Cad a tharla in 1984?
  • Cén fáth gur eisceacht í Éire?
  • Luaigh rud amháin a deirtear faoi Shinn Féin.
  • Cén fáth a luaitear an t-idirlíon maidir le fás páirtithe polaitiúla?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh Léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime i teanglann.ie nó abair.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 3 – Nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs.
  • Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
    • Ag fás aníos
    • Is cosúil
    • Sciar
    • Beag bídeach
    • Cluas le héisteacht
  • Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt scríofa.
    • Ghnóthaigh
    • Mheabhraigh
    • Dearcadh
    • Eisceacht
    • Seanbhunaithe
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 4 – Bí ag scríobh agus ag caint

  • An gceapann tú go bhfuil an eite dheis ag fás anseo in Éirnn?
  • An gceapann tú go bhfuil an ciníochas ag éirí níos measa?
  • Déan 5-7 bpointe a scríobh.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Ansin, léigh na pointí atá scríofa ag do pháirtí agus déan iad a phlé leo. An aontaíonn tú leis/léi?

Gníomhaíocht  5 – Nasc ábhartha eile

  • Seo nasc chuig alt Seachtain faoin eite dheis.
  • Léigh é agus déan é a phlé le do pháirtí.

 

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Ní chaithfear éisteacht … le tuairimí faisisteacha'