Leagan nua de Logainm.ie le seoladh inniu

Tá béim níos mó ar shonraí geografacha agus léarscáileanna idirghníomhacha ar an leagan nua de Logainm.ie a deirtear

Leagan nua de Logainm.ie le seoladh inniu

Seolfaidh Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta, leagan athfhorbartha den suíomh gréasáin Logainm.ie go hoifigiúil inniu, Déardaoin. Mar chuid den fhorbairt bhreise tá córas cuardaigh feabhsaithe, áiseanna brabhsála breise, agus léarscáileanna nua curtha ar fáil ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann agus OpenStreetMap don suíomh. 

Dúirt Brian Ó Raghallaigh, an Príomhthaighdeoir ar Thionscadal Logainm, le Tuairisc.ie go raibh sé “thar a bheith bródúil as an obair atá déanta ag m’fhoireann in DCU as an leagan nua úrscothach seo de shuíomh logainm.ie a fhorbairt agus a sheoladh, i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha”.

Tá an leathanach baile simplithe agus an bosca cuardaigh chun tosaigh, chomh maith le hathrú beag ar chúrsaí stíle, cló glas a bheidh ar na logainmneacha feasta. 

Deir Brian Ó Raghallaigh go bhfuil an córas cuardaigh níos cumhachtaí agus go mbeidh sé níos éasca teacht ar thorthaí cuardaigh níos iomláine. Tá an leagan amach ar bhraislí áiteanna níos fearr agus cuirtear torthaí gaolmhara ar fáil mar chuid den liosta torthaí. 

Tá comhthéacs geografach le fáil anois le gach toradh ar mhionléarscáil idirghníomhach. 

Deir an príomhthaighdeoir gurb é an difear is mó atá idir an suíomh athfhorbartha agus an seansuíomh ná go bhfuil “béim níos mó ar shonraí geografacha, m.sh. léarscáileanna idirghníomhacha agus teorainneacha áiteanna”.

Chomh maith leis sin, tá nasc níos fearr idir na torthaí cuardaigh agus an suíomh ar an léarscáil. 

“Roimhe seo gheofá léarscáil le bioráin móide liosta téacsúil, ach ní raibh nasc eatarthu. Anois faigheann tú liosta torthaí agus léarscáil le gach ceann. Tagann sé seo i bhfeidhm ar an nascleanúint ordlathach agus ar an gcuardach geografach freisin,” a deir Brian Ó Raghallaigh.

Bíonn thart ar mhíle cuairteoir in aghaidh an lae ag logainm.ie.

Deir Brian Ó Raghallaigh go bhfuil leagan nua de Mheitheal Logainm.ie agus leagan nua den Chóras Bainistíochta Logainm.ie ar na bacáin freisin, agus go bhfuil sé i gceist an cód foinseach ar fad a chur ar fáil faoi cheadúnas oscailte ar GitHub.com amach sa mbliain.

Fág freagra ar 'Leagan nua de Logainm.ie le seoladh inniu'