Leabhar Gaeilge nach dtéann ar chúla téarmaí faoi rud ar bith…

Sa mhír seo roghnaítear leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa. An babhta seo ‘Le Gean ó Mháirtín: marana ar litreacha ó Mháirtín Ó Direáin’ le Rita Kelly, leabhar macánta, faoistiniúil, séimh agus arís ar ais garbh, dian, géar

Leabhar Gaeilge nach dtéann ar chúla téarmaí faoi rud ar bith…

Is geall le trí bheathaisnéis an leabhar seo, fara trácht thar a bheith cumhachtach agus pearsanta ar dhálaí litríocht na Gaeilge le leathchéad bliain anuas. Má bhí Rita Kelly ábhairín tostach maidir le foilsiú na filíochta de le tamall de bhlianta, is beag rud ciúin a bhaineann leis an leabhar spleodrach seo Le Gean ó Mháirtín: marana ar litreacha ó Mháirtín Ó Direáin (Coiscéim €10.00).

Tá cuma thar a bheith neamhchoitianta ar an leagan amach ar an gcéad amharc. Ina choinne sin tuigfear duit go bhfuil an cruth seo thar a bheith oiriúnach don mhéid atá aici le rá. Bhí comhfhreagras leanúnach idir Máirtín Ó Direáin agus Rita Kelly ón gcéad uair ar casadh ar a chéile iad sna 70idí go dtí go bhfuair an file mór bás.

Baintear leas as sleachta ó na litreacha sin chun an t-údar a chur ag machnamh ar a shaol siúd, ar a saol féin, ar shaol Eoghain Uí Thuairisc agus ar gach rud eile a thit ina dtreo lena linn, go háirithe i gcúrsaí litríochta.

Leabhar é seo nach dtéann ar chúla téarmaí faoi rud ar bith. Tá oscailte, macánta, faoistiniúil, pearsanta, moiglí, séimh agus arís ar ais garbh, dian, géar, uaireanta déarfá ag baint cúiteamh as daoine, ach tá sé i gcónaí suimiúil agus éilíonn éisteacht.

Ar an leibhéal is mó ar barra, tugann sé éachtaint nua dúinn ar Mháirtín Ó Direáin é féin. Fág go bhfuil go leor scríte faoina chuid filíochta is beag a nochtar dúinn faoin duine é féin. Tá le tuiscint go soiléir ón leabhar seo gur duine thar a bhí príobháideach ba ea Máirtín, agus chosain sé an saol sin dá chuid féin go fíochmhar.

Bhain sin le dínit an duine ar leith amháin, ach ina theannta sin bhí sé thar a bheith cúthaileach. Sa mhéid sin, is léargas breise luachmhar ann féin an saothar seo a chuireann lenár n-eolas air. Fairis sin, is maith agus is mithid go bhfuil athléamh á dhéanamh arís ar phrós an Direánaigh. Is léir gur dóigh le Rita gur seoidleabhar is ea Feamainn Bhealtaine, agus cé déarfadh nach bhfuil an ceart aici?

RITA KELLY: ‘Seans go raibh mé soineanta ach cairdeas liteartha a bhí uaim le Máirtín Ó Direáin seachas aon rud a bhain leis an ngrá’

Tá nochtadh breise anseo, leis, ar a fear céile Eoghan Ó Tuairisc, nochtadh pearsanta ón aontíos, ón gcomhshaol, ó roinnt na beatha. Is beag rud is corraithí ná an trácht a dhéanann sí ar laethanta deiridh Eoghain, agus ar a bhás. Déantar imeachtaí na laethanta sin a ghreanadh ar do chuimhne. Ná ní cheileann sí na heasaontais ach an oiread, amhras daoine uirthi féin agus ar Eoghan de bharr na bearnan aoise eatarthu, ná a deacrachtaí sláinte féin agus mar ar tháinig sí tríd, agus a cuid oibre mar fhoraoiseoir a d’éiligh an cúram chun na filíochta a mhaolú.

Cuirfidh daoine eile fós spéis ina cuid smaointe (agus smaointe Eoghain nuair a oireann) faoin litríocht agus faoi scríbhneoirí, lucht critice agus gluaiseachtaí éigse a comhaimsire go ró-áirithe. Tá siad seo neamhscáfar, dúshlánach, mífhaiseanta (ar uaire), agus pearsanta mar a chaitear a bheith.

Amhras go raibh Hugh MacDiarmid ‘ina mhórfhile’; déistin gur diúltaíodh ionad do Dhiarmaid Ó Súilleabháin ar cheardlainn scríbhneoireachta i nGaillimh; cáil Mháire Mhac an tSaoi bunaithe ar aon chnuasach filíochta – agus b’fhéidir – aon dán amháin; tuairim Mháirtín Uí Dhireáin go raibh a chuid filíochta “níos fearr” ná filíocht Uí Ríordáin; a léirmheas conspóideach ar Lig Sinn i gCathú Bhreandáin Uí Eithir; comhráite faoi WB Yeats; go leor soncanna faoi fhaillí an acadaimh sa nua-litríocht agus go speisialta faoi Chumann Merriman; agus go leor leor eile.

Is é an fuarú idir í féin agus an Direánach an chuid eile a gcuirfear an dúspéis ann. Níorbh fhuarú iomlán, ach ba dhóigh leat sealadach, a d’éirigh eatarthu toisc gur chuir sé siúd ceiliúr phósta uirthi, rud a bhain geit an domhain aisti, ní nach ionadh. Tá cur síos íogair, agus dar liom anacrach, air seo agus ní compordach an píosa léitheoireachta é.

Ba mhinic mé féin ag argóint le go leor de na tuairimí ann, mar is dual do leabhar ina bhfuil tuairimí, agus beidh léitheoirí eile ag dul chun spairne smaointe agus marana léi, chomh maith. Ach chuige sin an leabhar, fara a bhfuil de léargais úra mhothálacha againn uirthi féin agus ar bheirt de na scríbhneoirí Gaeilge is fearr a bhí againn san aois seo caite.

Fág freagra ar 'Leabhar Gaeilge nach dtéann ar chúla téarmaí faoi rud ar bith…'