RITA KELLY: ‘Seans go raibh mé soineanta ach cairdeas liteartha a bhí uaim le Máirtín Ó Direáin seachas aon rud a bhain leis an ngrá’

AGALLAMH: Labhair Tuairisc.ie leis an scríbhneoir Rita Kelly faoina saothar nua 'Le Gean ó Mháirtín – Marana ar litreacha ó Mháirtín Ó Direáin'

RITA KELLY:  ‘Seans go raibh mé soineanta ach cairdeas liteartha a bhí uaim le Máirtín Ó Direáin seachas aon rud a bhain leis an ngrá’

In amharclann na Péacóige sa bhliain 1974 a chas an scríbhneoir Rita Kelly leis an údar agus file aitheanta Máirtín Ó Díreáin.

D’fhás cairdeas idir an bheirt sna deich mbliana a lean agus faightear léargas ar an chaidreamh sin sna sleachta as na litreacha atá i gcló i leabhar nua Rita Kelly, Le Gean ó Mháirtín – marana ar litreacha ó Mháirtín Ó Direáin.

Is léir ó bheith ag caint leis an scríbhneoir agus léirmheastóir as oirthear na Gaillimhe, an gean a bhí aici ar Mháirtín Ó Direáin.

“Ba raconteur den scoth, fear séimh lách a bhí i Máirtín a raibh gáire iontach aige.

“Bhí an bheirt againn chomh cúthail an chéad oíche sin sa Phéacóg, ach thosaigh comhrá agus lean sé ar aghaidh go mór trí mheán na litreacha,” arsa sí.

Agus í ag gabháil dá leabhar nua, an raibh aon doicheall uirthi an caidreamh agus na litreacha pearsanta a scríobh sé chuici a roinnt leis an saol mór?

“Ní raibh,” a deir sí. “Ní dóigh liom go ndéanfainn a leithéid dá gceapfainn nach mbeadh Máirtín sásta leis. Bhí tuiscint eadrainn. Bhíomar in ann cur agus cúiteamh a dhéanamh faoi gach aon ábhar.”

Fear a bhí ann, a deir Kelly, a bhí “an-chúramach” faoin méid a scríobhadh sé, is cuma cén meán a bhí i gceist.

“Ba státseirbhíseach é agus do thuig gur mórfhile a bhí ann. Do thuig sé nach bhféadfadh sé éalú ón méid a scríobh sé. Do thuig sé chomh maith go raibh an t-ádh air a leithéid de chaidreamh a bheith aige liomsa, comhfhile, cé nach raibh mé ar an chaighdeán céanna.”

“Ábhar bróid” do Mháirtín Ó Direáin an cairdeas a bhí idir é féin agus Rita Kelly, dar léi.

“D’fhéach sé orm mar bluestocking, mar bhean léannta, mar bhean na héigse. Bhí sé chomh tugtha sin do na hAngla-Éireannaigh agus don chaidreamh idir Yeats agus Dorothy Violet Wellesley. Bhraith sé go raibh an comhfhreagras eadrainn inchurtha leis an chomhfhreagras sin.”

B’údar mór sásaimh don Direánach an cairdeas a bhí aige le filí agus scríbhneoirí eile, measann Kelly.

“Bhí ardmheas aige ar bhanfhilí eile a bhí páirteach sa ghluaiseacht liteartha Gaeilge, macasamhla Máire Mhac an tSaoi agus Máirín Ní Mhuiríosa,” a dúirt Kelly.

I dtús na 1980idí, bhí an-ghealladh faoi Rita Kelly féin mar fhile agus foilsíodh dhá leabhar filíochta dá cuid – Dialann sa Díseart 1981 agus An Bealach Éadóigh 1984.

Cé nach gceapann sí gur “high output person” í, tá breis agus deich leabhar, idir chnuasaigh filíochta agus saothair phróis, i mBéarla agus i nGaeilge, curtha amach aici ó shin.

“Áiteanna a bhfuil bearnaí ann ó thaobh foilseachán de a bhí an saol á chaitheamh agamsa,” ar sí.

Ag trácht di faoina saothar nua, deir Kelly gur dóigh go nochtar níos mó fúithi féin agus a céile, an file Eoghan Ó Tuairisc, ann ná faoi Mháirtín Ó Díreáin féin.

“Scéal beathaisnéiseach atá ann ar bhealach cé nach raibh sin i gceist agam. Fad is a bhí mé ag cur síos ar na litreacha, bhí gá le cúlra an scéil go minic agus eolas faoina raibh ar siúl i mo shaol féin. Is éard a bhí ann i bhfírinne ná an caidreamh idir mé féin agus Eoghan agus an caidreamh a bhí againn beirt le Máirtín agus nuair a bhásaigh Eoghan bhí an caidreamh idir mé féin agus Máirtín,” a dúirt sí.

Rugadh Rita Kelly ar Eachréidh na Gaillimhe sa bhliain 1953.

“Bhí mé i mo dhalta cónaithe ar Mheánscoil na Trócaire i mBéal Átha na Sluaighe agus bhí saothar le hEoghan ar an siollabas.  Bhí mise 19 mbliana déag agus bhí Eoghan 53 bliain d’aois nuair a chasamar ar a chéile agus phósamar taobh istigh de thrí seachtaine.

“Cinnte ba rud as an ghnáth é, go mórmhór do chuile duine i mBéal Átha na Sluaighe ach domsa níor thuig mé go raibh rud ar bith aisteach i gceist leis. Bhí mo mhuintir an-tógtha leis agus chabhraigh sin. Ba dhuine an-lách é Eoghan,” a dúirt sí.

Ar feadh deich mbliana, chónaigh an bheirt acu i dTeach an Locha ar an Bhearú, idir Achadh agus Ceatharlach.

“Rinne muid gach rud le chéile. Bhí báid rámha againn. Do mhaireamar ansin ag léamh agus ag scríobh. Ní raibh raidió againn, ní raibh teilifís againn agus b’in é an saol a bhí againn ar feadh deich mbliana, go dtí gur bhuail taom croí Eoghan agus bhí orm rud éigin a dhéanamh le teacht isteach a fháil. Bhí muid ar an dé deiridh.”

Measann Kelly gur tháinig “borradh mór” faoi shaothar agus faoi shaol Eoghain Uí Thuairisc agus iad ag maireachtáil le chéile.

Maidir lena caidreamh le Máirtín Ó Direáin, deir sí go raibh an Direánach “iontach ionraic” faoi ach nach raibh sise i ngrá leis.

“Ní bhaineann sé le homaighnéasacht i mo chás-sa, what am I ambidextrous, níl a fhios agam ach má tá mé i ngrá, tá mé i ngrá agus is cuma más fear nó bean atá ann ach mura bhfuil mé i ngrá níl mé chun aon phlámás a dhéanamh agus ní raibh mé i ngrá le Máirtín.”

Tagraíonn Kelly ina leabhar don deacracht a bhíonn ag bean caradas is comhbhá a bheith aici le fear gan eisean a cheapadh gur leaba is pósadh a dheireadh.

“Bhí mé soineanta i ndáiríre agus caithfidh mé féachaint siar. An raibh mé ag cur iachall air? Ar deireadh sin a tharla idir mé féin agus Máirtín. Thit sé i ngrá liom ach ní raibh mé ag smaoineamh air sin ar chor ar bith. Mheas mé agus bhí mé ag tnúth le cairdeas ‘liteartha’ seachas aon rud eile a bhain le grá. Níl sé dodhéanta, seans go bhfuil sé níos éasca sa lá inniu.”

Cé nach raibh Kelly agus Ó Direáin ar aon intinn faoi chúrsaí grá, d’aontaigh siad faoi ábhair go leor.

Bhraith an bheirt acu gurbh “easnamh mór” orthu nach bhfuair siad deis ar an oideachas acadúil.

“Bhí an tuairim sin chun tosaigh sa bheirt againn. Mheasamar go raibh an domhan go léir cáilithe, go raibh lucht na litríochta níos éirimiúla ná muid mar nach ndeachaigh muid ar an ollscoil. Déarfainn go raibh an fhéinmhuinín pas beag níos laige i mo chás féin agus Mháirtín mar gur cheap muid nach rabhamar ar aon chéim le daoine eile.

“Ní raibh an taithí sin againn agus leis sin bhí easpa muiníne i gceist. Mheasamar go raibh scileanna cumarsáide seoigh ag daoine a fuair oideachas acadúil ach bhí muidne pas beag cúthaileach, neirbhíseach go pointe áirithe,” a dúirt sí.

Is mór é meas Kelly ar phrós an Direánaigh dá bheag fonn a bhí air féin tabhairt faoi.

“Bhí prós den scoth cumtha ag Máirtín. Bhí sé chomh fileata sin, bhí sé dochreidte, an chaoi a ndéanann sé cur síos ar an tírdhreach álainn ach ní raibh suim dá laghad aige ann. Bhí foilsitheoirí ag cur brú air saothar próis eile a chur amach ach bhí sé go mór ina choinne sin. Bhí faitíos air dá dtabharfadh sé faoi úrscéal go gceapfadh daoine nach file a bhí ann a thuilleadh. Is trua go raibh sé amhlaidh agus is soineanta an dearcadh sin aige,” a deir sí.

Maidir le filíocht Uí Dhireáin, deir Kelly ina leabhar nua gur theip ar an Direánach aon “tochailt dhomhain” a dhéanamh ina chuid filíochta agus gur chum sé “liricí beaga gearra” a bhí “pas beag leamh nó tuirsiúil”.

An bhfuil sí buartha go gcuirfeadh a leithéid de dhearcadh isteach ar dhaoine?

“Is cuma sa diabhal, tá chuile dhuine in ann a léamh féin a bhaint as gach rud. Mar léirmheastóir, mar chriticeoir, mheas mé go raibh na gearrlínte ina chuid filíochta pas beag teoranta agus meicniúil.

“Éinne atá ag léamh na filíochta, thuigfidís go bhfuil teorainn faoi leith ann. Do chum sé na dánta fada ‘Ó Mórna’ agus a leithéid ach ní dóigh liom go raibh sé chomh compordach leis sin.”

Luann Kelly chomh maith an ‘féachaint-siarachas’ agus ‘maoithneachas’ le filíocht Mháirtín Uí Dhireáin agus í den bharúil gur bac a bhí ansin air agus é ag cumadh filíochta. “Do bhí a fhios aige féin go raibh sin i gceist. Bhí sé sin pléite againn,” a dúirt Rita Kelly.

Tá Kelly ag gabháil do chéim dochtúireachta atá bunaithe ar shaothar dá cuid féin faoi láthair ach ní rómholtach í ar lucht na hacadúlachta ina leabhar nua agus í cáinteach faoin easpa tacaíochta a bhí ar fáil di féin agus d’fhilí eile a linne, Eoghan Ó Tuairisc agus Máirtín Ó Direáin ina measc.

Deir sí sa leabhar go mbíodh ‘lucht acadúil ag imeacht thar sáile chuig comhdhálacha ag cur síos ar shaothar na bhfilí agus na costais íoctha ag na hollscoileanna’.

Is fadhb mhór fós é an easpa tacaíochta atá ar fáil do scríbhneoirí, a deir sí.

“Tá mé dáiríre faoi sin. Measaim gur dualgas atá ann tacaíocht a thabhairt do scríbhneoirí is filí na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh sé sin ann,” a deir Rita Kelly.

Le Gean ó Mháirtín – Marana ar litreacha ó Mháirtín Ó Direáin, le Rita Kelly. Foilsithe ag Coiscéim

Fág freagra ar 'RITA KELLY: ‘Seans go raibh mé soineanta ach cairdeas liteartha a bhí uaim le Máirtín Ó Direáin seachas aon rud a bhain leis an ngrá’'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An spéisiúil ar fad. Is fada liom go bhfaighfidh mé greim ar an leabhar.

  • Gabriel Rosenstock

    Bhí file ann tráth a bhí gearánach:
    “Is leamh é mo shaol is leadránach . . .”
    Chuir sé litreacha grá
    Chuig file mná
    A bhí an-an . . . bhuel, an-an Direánach

  • Simon Ó Faoláin

    Is mór liom alt tathagach bainteach le litríocht na Gaeilge a léamh i Tuairisc arís. Fan inti!

  • Colette nì ghallchòir

    Bhain mè sult mhòr as an scèal sin.

  • Seán Mag Leannáin

    Ceapaim go bhfuil an píosa thuas le Gabriel Rosenstock an-chliste.

  • Éilís Ní Anluain

    Scéal Rita fíor spéisiúil agus an-fhreagra ó Gabriel.