‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ fágtha ar lár ag Easons ar a ‘full list’ de bhuaiteoirí ghradaim náisiúnta An Post

Deir lucht LoveLeabharGaeilge, a rinne urraíocht ar an ngradam Gaeilge ag na gradaim náisiúnta leabhar, go bhfuil ‘an-díomá’ orthu nár chuir Easons Tuatha Dé Danann san áireamh ina ábhar bolscaireachta

‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ fágtha ar lár ag Easons ar a ‘full list’ de bhuaiteoirí ghradaim náisiúnta An Post

Tá buaiteoir an ghradaim do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag National Book Awards An Post fágtha ar lár ag Easons san ábhar poiblíochta atá foilsithe acu faoi na leabhair a thug duaiseanna leo ag gradaim na seachtaine seo.

Tá gach leabhar eile a bhuaigh duais, seachas Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson, ar liosta na mbuaiteoirí ar shuíomh idirlín an chomhlachta díolacháin leabhar.

Fágadh Tuatha Dé Danann ar lár chomh maith sa ‘full list’ de na buaiteoirí a scaip Easons ina nuachtlitir.

Dúirt Breandán Ó hEaghra Stiúrthóir Meas Media, an comhlacht a bhíonn i mbun an fheachtais LoveLeabharGaeilge, a rinne urraíocht ar an ngradam Gaeilge, gur údar “díomá” dó nár chuir Easons Tuatha Dé Danann san áireamh ina ábhar bolscaireachta faoi bhuaiteoirí na nGradam Náisiúnta Leabhar.

“Tá an-díomá orainn faoin scéal seo. Bhí an-oíche againn ag na gradaim náisiúnta seo Dé Máirt agus bhí Tuatha Dé Danann agus na leabhair Ghaeilge eile a bhí ar an ngearrliosta i lár an aonaigh. Go deimhin, cuireadh fáilte speisialta roimh an gcatagóir nua do leabhar Gaeilge na bliana go minic le linn na hócáide.

“Tá roinnt iarrachtaí déanta inniu againn míniú a fháil ó Easons faoi seo ach níor éirigh linn freagra a fháil fós. Is údar díomá ar leith dúinn an scéal seo mar go bhfuil caidreamh maith againn le Easons le tamall agus muid ag iarraidh na leabhair Ghaeilge a chur chun cinn,” arsa Breandán Ó hEaghra.

Agus aird á tarraingt aige ar an scéal ar na meáin shóisialta, dúirt Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac, a d’fhoilsigh saothar Johnson gur ábhar iontais a bheadh ann dó dá mbeadh cinneadh déanta ag Easons Tuatha Dé Danann a fhágáil ar lár toisc gur leabhar Gaeilge é.

Tá ráiteas faoin scéal seo iarrtha ag Tuairisc.ie ó Easons.

Fág freagra ar '‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ fágtha ar lár ag Easons ar a ‘full list’ de bhuaiteoirí ghradaim náisiúnta An Post'

  • Anna Heussaff

    Tá leasú déanta ag Easons ar an mbearna mhór seo anois! Féach an nasc ar líne – é luaite ag barr na bpictiúr agus a áit cheart aige ar an liosta freisin. B’fhiú an t-alt a cheartú lena léiriú go n-éistear le gearáin ó am go ham…
    https://www.easons.com/custom-catalog/irish-book-awards-2018-winners/?utm_source=episerver&utm_medium=email&utm_campaign=ecommerce_irish_book_awards_2018_Nov18&fbclid=

  • Darach Ó Scolaí

    Is léir go mbíonn tuairisc.ie á léamh acu in Easons. Tá TUATHA DÉ DANANN crochta ar an suíomh anois acu — ach mo léan géar, tá sé as stoc!!!! Mar sin féin, is féidir scéala a fhágáil leo agus deir siad go gcuirfidh siad ar an eolas thú nuair a bheas sé acu arís. Mair, a chapaill: https://www.easons.com/tuatha-de-danann-johnson-diarmuid-9781911363200

  • Léitheoir

    An Ghaeilge fágtha in áit na leathphingine arís. Is mór an náire iad Easons. Ní dóigh liom gur ‘botún’ a bhí ann…

  • Tomás de Buitléir

    Anna, a chara. Aontaím gur fiú an t-alt a leasú chun é a thabhairt suas chun dáta ach ní gá an t-alt a “cheartú” mar ní raibh a dhath mícheart leis ag an t-am a scríobhadh é.