Leabhar filíochta álainn dána macánta ó Dhairena Ní Chinnéide

Sa chnuasach is déanaí léi tumann an file Duibhneach ina sícé chun an dá thaobh de bheatha mhná na linne seo a thabhairt léi go lom neamhleithscéalach

Leabhar filíochta álainn dána macánta ó Dhairena Ní Chinnéide

Teacht Aniar
Meascra Dánta agus Dánta Nua
Dairena Ní Chinnéide
Foilsithe ag Éabhlóid
€18.00

Leabhar álainn ar gach aon tslí é Teacht Aniar: Meascra Dánta agus Dánta Nua foilsithe ag Éabhlóid, an tarna cnuasach déag de chuid Dairena Ní Chinnéide. Tá dearadh teibí agus cruth an chlúdaigh thosaigh, leis na dathanna dubh, bán is liath suaithinseach, ag teacht leis an dteideal agus le hábhair na ndánta a roghnaigh an file as na cnuasaigh atá foilsithe aici go dtí seo.

Bhíos i láthair nuair a sheol Nuala Ní Dhomhnaill céad chnuasach Dhairena, An Trodaí agus Dánta Eile ag Féile na Bealtaine in Iarthar Dhuibhneach, in 2006 agus d’aithin a raibh i láthair go raibh réalta nua chumasach tagtha ar an bhfód. Tá an tuar tagtha faoin dtairngreacht ó shin agus aistear a hanama le fiche bliain anuas rianaithe go healaíonta, dána, macánta aici sa chnuasach seo.

Tumann an file go domhain ina sícé chun an dá thaobh de bheatha mhná na linne seo, atá préamhaithe ag an am céanna ina dúchas Duibhneach, a thabhairt léi go lom, neamhleithscéalach — gile agus dorchadas, misneach agus sceimhle, aoibhneas is uafás, an grá agus an ghruaim. Tháinig sí ar persona a chuimsíonn an déachas sin sa Trodaí:

Lán de laigíocht agus d’fhíochmhaireacht in aon turas

Aimsíonn sí dhá shamhail chumhachtacha a dheineann pearsanú ar na codarsnachtaí sin in ‘An Trodaí agus an Mac Tíre’; ar thaobh amháin tá an fiántas nach bhfuil ceansaithe, an dúil sa tsaoirse:

Tháinig an Mac Tíre go dtí an Trodaí
…Chuala sí an glór,
Tháinig an sceamhaíl
Is dhein sí athnuachan ar a
Suirí leis an Mac Tíre
Is ar an áit ina meabhair
Ina bhfuil sí saor.

Aithníonn sí an fiántas céanna i ‘Chailleas mo Dhánta ag an bPicnic Leictreach’, mar a mbraitheann sí:

cuisle fhíochmhar fhiántais…
pléascadh i dtreo na saoirse…

Os a choinne sin, tá bó na flúirse is na miotaseolaíochta agus na scéalta áitiúla a cheanglaíonn í le béaloideas, le dinnseanchas, le ‘fáithe’ mar Phat Chonar agus lena dúiche spioradálta, Paróiste Múrach i gCorca Dhuibhne:

Do chonaic sí bó bhreá bhainne
Taibhsíodh di an Ghlas Ghaibhneach
Is í ag tál bainne i scata áiteanna..

Is fada ó lagmhisneach mórán Éireann de na dánta sa chnuasach seo; a mhalairt ghlan agus sonas, pléisiúr is beocht thar meon i Labhraíonn Fungie ‘ina racht aoibhnis ó shaol eile’ i Cloithear Aistear Anama, áit go ndeineann sí ionannú idir í féin agus na dúile timpeall uirthi, mar a tharlaíonn sna Haikuanna Farraige:

Éirim im phléasc bán
Tonn fuinnimh
Tuar dóchais

Buailimid leis an dTrodaí arís insa dán ‘An Trodaí ag Suirí’ as an gcnuasach Fé Gheasa, an file in ardaoibhneas ag móradh an ghrá chollaí a fuair sí:

i mbaclainn sealgaire séimh

Casaimid uirthi arís eile sna Dánta Nua, an Trodaí gafa tríd an Athrú, bean aibí, éirimiúil, í mórtasach gur lean sí a bealach féin agus í ag fógairt a neamhspleáchas iomlán in iardhearcadh ar an bhfiche éigin bliain ó chuaigh sí i mbun pinn ar dtús:

thug sí a cúl le traidisiún

leis an gcoitiantacht

is chuaigh i bhfolach

i bhfarraigí na bhfocal

an áit ar bhain sí amach suaimhneas

cead a cinn aici..

Bean nua-aoise í a cheiliúrann an bhaineannacht i gcoitinne agus an máithreachas mar go bhfuil ceangal seirce a shaibhríonn a saol thar na bearta:

aoibhneas na máthar
le grá chomh domhain sin scanraigh sí lena neart..

Trí thíos seal is thuas seal an tsaoil, a nádúir féin, a hanam agus a bua thar na bearta focal, mar a deir an nath Duibhneach, tá sé tarraicthe aniar ag Dairena sa seoidchnuasach Teacht Aniar.

Fág freagra ar 'Leabhar filíochta álainn dána macánta ó Dhairena Ní Chinnéide'