Dánta Grá agus áir
Mohsen Hosseinkhani/Róise Ní Bhaoill
Éabhlóid €14
San Iaráin a rugadh an file Mohsen Hosseinkhani sa mbliain 1988, tráth a raibh sos comhraic á réiteach ar an gcogadh brúidiúil ocht mbliana idir an Iaráic agus an Iaráin. Is cuimhneach le cuid againn an slad a rinneadh tráth sin na sceimhle le fearúlacht is tiarnas beirt fhear a léiriú.
Tá naoi gcnuasach filíochta dá chuid foilsithe ag Hosseinkhani agus dánta leis aistrithe ón bhFairsis go Tuircis, Araibis, Coirdis agus Béarla.
Chugainn anois leagan Gaeilge a bhuíochas d’údar Rann na Feirste, Róise Ní Bhaoill, atá bunaithe ar aistriúchán Béarla a rinne an t-údar agus an file Iaránach, Tahereh Forsat Safaeian.
In iarracht mo chroí a dhíonadh ar sciúrsáil agus céasadh, seachnaím an nuacht feasta – bíodh na huafáis sin á n-agairt ar mo chomhdhaoine ag ceannairí dúchais nó iasachta. Nach beag a shíl mé go mbuailfí diúracán a bhí dírithe ar an Iaráin sa gcliabhrach orm agus gan i mo lámh fhéin ach leabhar beag álainn faoina pháipéar bog bláthaí agus an ‘Mac Tíre’.
‘Seo muid anois sa dorchadas
Agus rópa lofa
I ngach lámh a shíneann chugainn.’
Ní call ceamara ná iriseoir chun an scéin sin a fheiceáil agus a thuiscint, a bhuíochas d’fhear na háite.
Ba chóir an dán ‘Ciall Chogaidh’ a leagan faoi phus chuile cheannaire a ordaíonn an bás do dhaoine eile mar is é an sainmhíniú is soiléire agus is gonta é dár chuala mise:
Is é is ciall le cogadh
Ná máthair a bhfuil úth
An namhad óna páiste…
Le linn cogaidh,
maraítear fir an t-aon uair amháin
Mná na mílte uair.
Más imníoch tú faoin domhan seo, insíonn ‘An Smután Deireanach’ ár ndán:
Tá an ghrian marbh,
Ina háit tá croíthe dóite…
An smután deireanach den chnoc oighir
Ag leá faoi chosa an bhéir bháin.
Neadaithe i mo chloigeann tá an dán cúig líne ‘Líonadh mo Bhéil’ a phlúchann mé ach a n-airím eitleán eile os mo chionn:
Líonann aerionsaí,
Mo bhéal le fuil linbh,
Agus is cuma
Cá mhéad uair a chaithim amach an cogadh,
Níl maith ann.
Tá an leabhar coscrach seo ó na foilsitheoirí Éabhlóid chomh haoibhinn le gach seod eile a fhoilsíonn siad ón dearadh go cló is clúdach. Tá dán is leathchéad sa leabhar – an leagan Fairsise ar bhileog amháin agus an leagan Gaeilge trasna uaidh – dearadh fíorchumhachtach mar nach ligeann an cló aduain duit an Iaráin a dhearmad – taibhsíonn an téacs Fairsise os do chomhair amach pobal na hIaráine.
Formhór na ndánta, tá siad gearr gonta agus gan aon éalú agat ó na mothúcháin ná ón bpáipéar bán a líonann de do bhuíochas le híomhánna, idir scéin is chion.
‘Cad é mar a mhairfidh duine
Agus gan ina cheann
Ach cumha agus brón?’ a fhiafraítear sa dán ‘Mearadh Croí’ ach meabhraíonn an tIaránach file dúinn i bhfriotal snoite Róise Ní Bhaoill go mbláthaíonn an grá, an dóchas agus an áilleacht i lár an áir, ‘Sruth na Beatha’:
Ní mhairfidh aon ní,
Ach b’fhéidir go bhfásfaidh breis bláthanna
Ar thalamh an dream a thug breis póg dá ngrá.
Chinnfeadh ormsa a bhfuil sa leabhar gleoite seo a choimriú níos fearr ná mar a dhéantar sa mblurba cuimsitheach ar an gclúdach cúil, mar sin seo chugat é:
‘Tugann sé [an file] guth don chaillteanas, d’uaigneas agus d’uamhan an áir. Is i dteacht aniar na ndaoine agus ón ghrá féin a fhaigheann Hosseinkhani faoiseamh.
‘Tá lorg oidhreacht ársa fhilíocht na Fairsise ar a chuid dánta grá, dánta lonracha a léiríonn slánú agus cumhacht uilíoch an ghrá. Is é seo turas fir amháin a chuireann a chroí inár lámha, an gortú agus an cneasú, an scrios agus an slánú. Labhraíonn sé le cách.’
Ní bréag sin mar is léir sa dán ‘Ciúnas’:
Ag an chóisir
Labhair gach duine faoina ngrá le paisean,
Ní raibh eadrainne ach ciúnas,
Ciúnas ar chosúil é le nóta
I measc bhoinn an mhuicín taisce.
Bhí d’ádh orm tráth béile ceiliúrtha a chaitheamh a réitigh Iaránach mná agus tábhacht ghránúll an teidil ina cultúr agus ina cistin féin á mhíniú aici dúinn. Mil na mbeach is gaire do stádas sin na pomagránaite sa traidisiún s’againne, déarfainn. Is cuí agus is tráthúil an toradh dúchais sin a fheiceáil i gcroí an teidil. Faraor géar ní taobh le gránúll atá dearg: ‘Má imíonn tú/Scoiltfear mo chroí gránúill.’
Gorta gáire a sheargann croí an duine mar a fheicimid sa dán ‘Tart’: ‘Déan gáire eile/
Is mian liom mo thart a chosc.’
Ceiliúrtar an teacht aniar agus an dóchas sa saothar seo chomh maith, ‘Coinnímid Orainn’:
Carnann an aimsir coirp
Coinnímid orainn.
Póg mé an fhad sin
Go nglanfar de mo bheola
Nimh an bháis seo go léir.
Nach orainn atá an t-ádh Iaránach a bheith againn le meabhrú dúinn ag an tráth léanmhar seo go gcoinneoidh an pobal sin orthu agus go mbuafaidh an grá agus an áilleacht ar an ngráin agus an ainnise. Leabhar álainn dánta snasta atá lán le mianach is meon na Peirse – míle focal le sú as gach aon fhocailín. Is mór an chomaoin atá curtha ag Róise Ni Bhaoill agus Éabhlóid orainn blaiseadh den tsibhialtacht sin a roinnt linn.
Fág freagra ar 'Ba chóir an dán ‘Ciall Chogaidh’ a leagan faoi phus chuile cheannaire a ordaíonn an bás'