Leabhar Beag Glas na Drámaíochta Gaeilge – forógra do dhrámadóirí óga curtha amach ag ‘Mao Óg’

Tá paimfléad ‘réabhlóideach’ foilsithe ar mhaith leis an té a chum go gcuirfeadh sé tús le díospóireacht faoi dhrámaíocht na Gaeilge

Leabhar Beag Glas na Drámaíochta Gaeilge – forógra do dhrámadóirí óga curtha amach ag ‘Mao Óg’

Tá leabhar beag mistéireach tagtha ar an saol ar forógra paiseanta é do dhrámadóirí óga na Gaeilge. 

‘Mao Óg’ a thugann an t-údar air féin agus deir sé gur chuir sé an leabhar beag glas amach chun tús a chur le díospóireacht faoi dhrámaíocht na Gaeilge. 

Is dócha go bhfuil na freagraí ar fáil sa leabhar féin,” a deir sé. “Creidim nach bhfuil dóthain díospóireachta nó dioscúrsa ann faoi dhrámaíocht na Gaeilge, ar cad is drámaíocht Ghaeilge ann nó ar céard a dhéanann an drámaíocht Ghaeilge sainiúil agus uathúil, nó éagsúil ó dhrámaíocht an Bhéarla.” 

Creideann Mao Óg go nglactar leis i saol na Gaeilge gurb í an drámaíocht liteartha nó an drámaíocht stáitse thraidisiúnta “an t-aon chineál drámaíochta a bhfuil fiúntas leis”. 

Cé nach bhfuil tada aige in aghaidh an chineáil sin drámaíochta, deir sé go bhfuil “múnlaí agus bealaí eile ann a fheileann níos fearr do shuíomh sochtheangeolaíochta agus cultúrtha na Gaeilge, don suíomh uathúil ina maireann pobal na Gaeilge”. 

“An príomhchuspóir atá agam, mar sin, ná drámadóirí óga na Gaeilge a chur ag smaoineamh ionas go ndéanfar díospóireacht ar na ceisteanna seo,” a deir Mao Óg. 

Ábhar spéise nár chuir Mao Óg a ainm féin leis an leabhar ach bhain sin le stíl an leabhráin seachas leis an rúndacht.  

Ní hé nach raibh mé ag iarraidh m’ainm a chur leis, ach bhí mé ag iarraidh píosa spraoi a bheith agam leis an bhforógra, an leabhrán,” a a deir Mao Óg.  

“Tá cuid den ábhar cineál acadúil agus foclach, mar sin, bhí mé ag iarraidh go mbeadh spraoi agus samhlaíocht ann fosta.” 

Tá dearadh an leabhair bunaithe ar mhúnla The Little Red Book‘ le Mao Tse Tung agus ar stíl na bpaimfléad agus na bhforógraí polaitiúla agus sóisialta a raibh an-tóir orthu ó na 1930idí go dtí na 1980idí.   

“An cineál paimfléad réabhlóideach a bhí an-choitianta tráth,” ar sé.  

Cleasaíocht atá san ainm ‘Mao Óg’, a deir sé. 

“Tá aithne orm mar Mick Óg [Magee], mar sin is cineál greann ‘tongue-in-cheek’ nó cleas é an t-ainm ‘Mao Óg’ a úsáid. Is cleas margaíochta an cur chuige seo; an cineál aeistéitic réabhlóideach/chumannach a úsáid sa dearadh agus mar choincheap don fhorógra.” 

Deir sé nach dóigh leis gur cheart an ‘Leabhar Beag Glas…’ a mheas, nó léirmheas a dhéanamh air “mar ghnáthleabhar nó mar ghnáth-théacsleabhar”.  

“Is forógra atá ann – paimfléad a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a chur ag machnamh ar cheisteanna maidir leis an drámaíocht Ghaeilge.” 

Sula gcuirtear tús leis an leabhar ar chor ar bith, deir Mao Óg: “Ba mhaith le Mao Óg buíochas a ghabháil leis an ghnáthdhream de mhaoinitheoirí nár thug maoiniú ar bith don fhoilseachán seo.” 

Dar le Mao Óg, an phríomhchúis nár tháinig drámaíocht na Gaeilge i mbláth go fóill ná “go ndearnadh iarracht í a chur in oiriúint do mhúnla Angla-Eorpach den litríocht dhrámata”. 

Deirtear sa leabhar go bhfuil níos mó drámadóirí mná de dhíth orainn.  

“Ní mór dúinn glúin úr de dhrámadóirí mná a chothú agus a chur chun cinn,” a deirtear i bpointe 37 sa bhForógra. Deirtear freisin, i bpointe 55, gur “againn féin atá na freagraí agus is againn féin atá an réiteach. Is muid a dhéanfaidh cinnte de go mbeidh rath agus bláth ar dhrámaíocht na Gaeilge”. 

Ní raibh foilsitheoir ag Mao Óg agus rinne sé an leabhar a chur le chéile é féin gan tacaíocht ar bith. Is í a bhean chéile a rinne an dearadh. 

“Níl ach 100 cóip foilsithe agam agus tá mé chun iad a thabhairt saor in aisce do dhaoine a bhfuil meas agam orthu agus a bhfeicim iad mar laochra i saol na n-ealaíon Gaeilge agus i saol na drámaíochta Gaeilge. Tá súil agam na leabhair a thabhairt dóibh go pearsanta, más féidir.”  

Tá clúdach páipéir ar an leabhrán atá déanta as cóipeanna de nuachtáin ó ré an chumannachais sa Rúis (Pravda) agus sa tSín (ré Mao Tse Tung). 

“Lena ais sin, beidh cóip dhigiteach ar fáil ar Kindle saor in aisce, agus cóip dhigiteach ar fáil saor in aisce mar Flip Book. Beidh daoine ábalta cóip chrua a fháil ar amazon ar thart fá €5. Ní bhfaighidh mise pingin as ach cabhróidh an t-airgead sin le Jeff Bezos dul ina roicéad go spás, is dócha,” a deir Mao Óg. 

Deir Mao Óg gur as cathair na Gaillimhe dó, gur fhreastail sé ar Ghaelscoil agus ar Ollscoil na Gaillimhe, agus gur tógadh le Gaeilge é.  

“Táim báite i saol na n-ealaíon Gaeilge agus saol na drámaíochta Gaeilge leis na blianta: na Fánaithe, Fíbín, an Taibhdhearc agus eile. Táim ag obair i ngort na Gaeilge leis na blianta fosta,” ar sé. “Bhíodh mé ag eagrú ócáidí agus imeachtaí ealaíon/siamsaíochta thar na blianta. Bhí mé mar bhainisteoir urláir i Ros na Rún agus ag obair san earnáil teilifíse i go leor rólanna éagsúla. Chaith mé deich mbliana i m’oifigeach ealaíne do Ghaeltacht Dhún na nGall agus trí bliana i m’Oifigeach Pleanála Teanga i gCloich Cheann Fhaola.” 

Tá Mao Óg ag obair i ról bainistíochta sa Taibhdhearc faoi láthair. 

Maidir lena chúlra drámaíochta, tá neart taithí aige. 

Tá drámaí Gaeilge léirithe aige le blianta agus d’oibrigh sé chomh maith mar bhainisteoir stáitse. Chuir sé tús lena shaol drámaíochta sa Chumann Drámaíochta in Ollscoil na Gaillimhe agus leis na Fánaithe. 

“Chaith mé tréimhsí thar lear agus bhí tionchar mór aige sin ar m’fhealsúnacht i leith na drámaíochta, go háirithe an dá bhliain a chaith mé in São Paulo,” ar sé. 

Is in São Paulo a scríobh Mao Óg an leabhar, cé go ndearna sé roinnt eagarthóireachta agus oibre air ó d’fhill sé. 

“Chonaic mé go raibh múnlaí agus stíleanna drámaíochta eile ann agus go bhfuil cur chuige agus smaointeoireacht dhifriúil ann i leith na drámaíochta, go háirithe ag pobail mhionteangacha eile agus ag bundúchasaigh – múnla atá níos oiriúnaí, dar liom, do shuíomh na Gaeilge – cultúr agus teanga a chuaigh trí phróiseas díláithrithe cultúrtha agus teanga.” 

Deir Mao Óg go ndeachaigh pobal Gaeilge iarthar Bhéal Feirste go mór i bhfeidhm air nuair a thug sé cuairt ansin le drámaí sna 1990idí. 

“Pobal uirbeach le Gaeilge a bhí ann a bhí oscailte do smaointe nua agus a bhí ag cur cruth nua ar an teanga, teanga a bhí ag dul i ngleic leis an saol comhaimseartha, mar shampla filíocht Ghearóid Mhic Lochlainn agus ceol Bréag. 

Tá súil agam go gcuirfidh an leabhar seo daoine ag machnamh nó go mbeidh tionchar aige ar dhrámadóir óg éigin,” a deir Mao Óg. 

Fág freagra ar 'Leabhar Beag Glas na Drámaíochta Gaeilge – forógra do dhrámadóirí óga curtha amach ag ‘Mao Óg’'

  • Gabriel Rosenstock

    Tá dhá leabhar ghlasa sa tigh anois againn, Leabhar Beag Glas na Drámaíochta Gaeilge le Mao Óg agus an leabhar glas seo:
    https://www.amazon.co.uk/Green-Book-introduction-Caleb-Maupin/dp/B08B3335LY/ref=pd_lpo_1?pd_rd_i=B08B3335LY&psc=1
    Ceist: cé a scríobhfaidh Leabhar Beag Glas na Filíochta Gaeilge?

  • Mao óg

    Go raibh maith agaibh @tuairiscnuacht
    Alt deas.
    Gan dabht, tá Tuairisc.ie seacht n-uaire níos fearr ná Pravda nó 人民日报 (an Peoples Daily, an tSín).

    Beannachtaí
    Mao óg