Le gaélique, so chic! ‘Renaissance’ na Gaeilge pléite ar chlár teilifíse sa Fhrainc

Pléadh gnéithe de chás na teanga le déanaí ar chlár cainte de chuid ARTE, an craoltóir seirbhíse poiblí Eorpach

Le gaélique, so chic! ‘Renaissance’ na Gaeilge pléite ar chlár teilifíse sa Fhrainc

Ní foláir go bhfuil an Ghaeilge san fhaisean agus lucht na n-ealaíon sa Fhrainc den tuairim go bhfuil sí ‘chic’.

Pléadh gnéithe de chás na teanga le déanaí ar chlár cainte an chraoltóra seirbhíse poiblí Eorpaigh ARTE.

I mír ar an gclár cainte 28 Minutes ar an stáisiún cultúrtha, mhaígh an tráchtaire Marie Bonnisseau gurb í an Ghaeilge ainnir na huaire in Éirinn.

Mar chruthúnas ar a cás, luaigh sí an scannán Gaeilge An Cailín Ciúin, ar éirigh leis ainmniúchán Oscar a fháil anuraidh, agus óráid Chillian Murphy ag searmanas Oscar na bliana seo inar dúirt sé ‘Go raibh maith agaibh’.

Cé nach ndeachaigh sí ródhomhain isteach sna staitisticí, thagair Marie Bonnisseau freisin do líon na ndaoine a mhaíonn sna daonáirimh go bhfuil Gaeilge acu.

Dar léi go bhfuil athbheochan ar siúl ar an dá thaobh den teorainn agus luaigh sí an tsuim atá á cur sa teanga ag daoine i gceantair Phrotastúnacha sa Tuaisceart.

Bhí Marie Bonnisseau an-tógtha le saothar an ghrúpa rap as Béal Feirste Kneecap. Dúirt sí go mbíonn siad ag rapáil faoi théamaí comhaimseartha amhail saol na ndrugaí agus go raibh téarmaí nua Gaeilge cumtha acu chun cur síos ar an saol sin.

Stáisiún seirbhíse poiblí Eorpach é ARTE a bhíonn ag plé le cúrsaí cultúir. Comhfhiontar idir an Fhrainc agus an Ghearmáin atá ann agus bíonn sé ar fáil i dtíortha go leor san Eoraip agus ar fud an domhain. Craoltar an clár cainte agus díospóireachta 28 Minutes ó Luan go Satharn.

Fág freagra ar 'Le gaélique, so chic! ‘Renaissance’ na Gaeilge pléite ar chlár teilifíse sa Fhrainc'

  • EithneDunbar

    Cillian Murphy said
    “Go raibh maith agaibh” Thank you (to more that one person)
    not
    “Go raibh maith agat” Thank you. (to one person)