Lárionad Gaeilge do chathair na Gaillimhe pléite ag cruinniú speisialta de choiste Oireachtais sa chathair

Dúirt Cathaoirleach Choiste na Gaeilge gur ‘ócáid stairiúil’ a bhí ann agus an coiste ag cruinniú lasmuigh de Theach Laighean den chéad uair

Lárionad Gaeilge do chathair na Gaillimhe pléite ag cruinniú speisialta de choiste Oireachtais sa chathair

Bríd Ní Chonghóile

Bhí an gá atá le lárionad Gaeilge nua i gcathair na Gaillimhe mar cheann de na príomhábhair a pléadh ag cruinniú speisialta a bhí ar siúl sa chathair inniu.

Reáchtáladh cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais i bhfoirgneamh Chomhairle Chontae na Gaillimhe, an chéad uair don choiste cruinniú a chur ar siúl lasmuigh de Theach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, gur “ócáid stairiúil’ a bhí ann agus an coiste ag cruinniú i gcathair dhátheangach agus ar imeall an cheantair Ghaeltachta is mó sa tír.

Conas Gaillimh a fhorbairt mar chathair dhátheangach agus nasc a chruthú idir an chathair agus ceantair Ghaeltachta an chontae téama an chruinnithe agus ionadaithe ó Ghaillimh le Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus na húdaráis áitiúla i láthair.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Gaillimh le Gaeilge, Bríd Ní Chonghóile, gur theastaigh lárionad cultúrtha Gaeilge a fhorbairt sa chathair.

Tá an plean sin ar cheann de phríomhspriocanna phlean teanga chathair na Gaillimhe, atá á chur i bhfeidhm ag Gaillimh le Gaeilge, agus dúirt Ní Chonghóile go bhfuil staidéar féidearthachta maidir le forbairt an lárionaid curtha i gcrích ag an gcomhlacht CHL & Associates. Dúirt sí go bhfuil an staidéar le cur faoi bhráid bhord stiúrtha Gaillimh le Gaeilge ag deireadh na míosa seo.

“Tá Lárionad Cultúrtha Gaeilge a bhunú sa chathair agus deiseanna sóisialaithe teanga a chur ar fáil ar cheann de na príomhthéamaí a tháinig chun cinn i bPlean Teanga na Cathrach,” a dúirt Ní Chonghóile leis an gcoiste.

“Beidh tionchar dearfach ag an Lárionad seo ar shaol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na cathrach agus ar na Limistéir Pleanála Teanga, agus na Líonraí Gaeilge sa chathair agus sa chontae. Beidh an Ghaeilge i gcroílár na forbartha agus leagfar béim ar chur chun cinn na teanga sa bhforbairt.”

Maidir leis an nGaeilge a chothú agus a neartú sa chathair, dúirt Ní Chonghóile go raibh sé riachtanach go dtabharfaí cosaint níos láidre don Ghaeilge sa Ghaeltacht agus “go ndéanfar feabhas agus forbairt i gcónaí ar na seirbhísí agus ar na háiseanna atá de dhíth chun pobal a chumasú agus a spreagadh inti”.

Mheas sí freisin go bhféadfaí leas níos mó a bhaint as an teanga chun turasóirí a mhealladh chuig an gcathair agus an ceantar máguaird.

“Creideann muid i nGaillimh le Gaeilge, go bhfuil go leor deiseanna ó thaobh na turasóireachta tuaithe ag baint leis na ceantair Ghaeltachta atá suite faoin tuath den chuid is mó. Is féidir saoire ghníomhaíochta a cheangal le foghlaim teanga agus gníomhaíochtaí cultúrtha,” a dúirt Ní Chonghóile.

“Leagann go leor turasóirí luach ar thaithí a bhíonn ‘difriúil’ agus ‘uathúil’. Ní féidir aithris a dhéanamh aon áit eile ar domhan ar fhairsinge agus ar shaibhreas cultúrtha na Gaeilge san Iarthar agus i gceantar na Gaillimhe, go háirithe. Creideann muid go bhfuil deis mhór ann fostaíocht agus maoin a chruthú mar thoradh ar fhorbairt agus margaíocht a dhéanamh ar tháirgí turasóireachta atá fréamhaithe sa Ghaeilge, sa cheol, san amhránaíocht, san amharclannaíocht, agus sa rince.”

Fág freagra ar 'Lárionad Gaeilge do chathair na Gaillimhe pléite ag cruinniú speisialta de choiste Oireachtais sa chathair'

  • Fergus na Foghraíochta

    Cathair dhátheangach – ní leor é sin chun scéal na Gaillimhe a insint. Cathair ilteangach i dtír ilteangach. Buíochas mór le Dia gur tháinig teangacha eile chun cabhrú linn agus comhthéacs idirnáisiúnta a thabhairt do theanga tíre seo in am an ghátair.
    Murach na dteangacha sin is aisficse na mbalbhán a bheadh i ndán dúinn san Anglasféir plúchtach.