LÁITHREACH BONN: Ní gá glacadh leis an idé-eolaíocht teanga a leanann an Béarla beagnach gach áit…

Tá slad á dhéanamh ar theangacha an chine dhaonna ar fud an domhain ach tá rogha eile ann seachas cuibhreach an Anglasféir

LÁITHREACH BONN: Ní gá glacadh leis an idé-eolaíocht teanga a leanann an Béarla beagnach gach áit…

I Mí Mheán an Fómhair 2013, gaireadh comhdháil mhór in Ollscoil Mharyland, an ollscoil teicneolaíochta is gaire do Washington DC, príomhchathair Mheiriceá.

The Anglophone Challenge ab ainm don chomhdháil agus bhí mar théama léi an drogall ainmheasartha a bhíonn ar chainteoirí dúchais Béarla teanga ar bith eile ar chor ar bith a thabhairt orthu féin. Ina measc siúd a bhí páirteach sa chomhdháil, bhí ionadaithe ó na comhlachtaí móra ardteicneolaíochta agus airgeadais, ceannairí na ranna stáit éagsúla a bhíonn ag plé le slándáil náisiúnta agus le bagairt na sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta, agus taidhleoirí sinsearacha. Bhí ionadaithe i láthair ó bhunús mór thíortha an Anglasféir – an Astráil, Ceanada, an Ríocht Aontaithe, an Nua-Shéalainn – agus ba léir gur tuigeadh do na daoine fadcheannacha praiticiúla seo uilig gur contúirt mhór do rathúnas agus do shábháilteacht thíortha an Anglasféir an dúshlán céanna.

Cé nach raibh (go bhfios dom) ionadaí ar bith ón tír seo páirteach i gcomhdháil Mharyland, baineann pobal na hÉireann go dlúth leis an Anglasféar. Nuair a théann Éireannaigh óga ar imirce ag cuartú oibre nó ar mhaithe le dúil san eachtraíocht, ní chun na Gearmáine a théann siad, ach chuig tíortha na mílte míle níos faide i gcéin – go Ceanada nó go Meiriceá nó chun na hAstráile. Ag cuartú compord an Bhéarla a bhíonn siad, is dóiche.

Ní gan chostas, ar ndóigh, a bhíonn an compord sin acu – aistir fhada aistreánacha chun an bhaile agus crá croí go minic ar ócáid sochraide nó breoiteachta. Ach is fiú uilig é, fhad is nach mbíonn d’ualach ar dhuine teanga diomaite den Bhéarla a fhoghlaim nó a úsáid.

Ní mar sin d’achan duine é. Fear óg atá ar lucht m’aitheantais, san India a rugadh é ach i Meiriceá a tháinig sé i méadaíocht agus ba ann a cuireadh bunoideachas air. Antraipeolaí anois é agus is i réimse antraipeolaíocht an leighis a bhíonn sé ag obair. In aimsir seo na géarchéime sláinte, tá éileamh mór ar a chuid scileanna gairme agus é mar chomhairleoir do scéimeanna sláinte poiblí ar fud na cruinne. Béarla agus Urdúis a bhí mar theangacha teaghlaigh aige agus é ag fás aníos agus níl cuimhne anois aige ar thréimhse ar bith ina shaol nach raibh an dá theanga sin ar a thoil aige.

Tá dúil as cuimse sa taisteal aige agus níor luaithe i Londain é (le dul i mbun taighde don dochtúireacht) nó gur fhoghlaim sé an Fhraincis sa dóigh is go mbeadh sé ábalta taisteal ‘mar is ceart’ sa tír sin. D’fhoghlaim sé Úisbéiceastáinis (a bhfuil gaol gar aici leis an Tuircis) lena chuid taighde dochtúireachta a chur i gcrích agus is ar an Rúisis atá sé anois ag díriú. Is í atá mar lingua franca fríd thíortha uilig lár na hÁise agus is sna réigiúin sin is mó a bhíonn sé ag obair faoi láthair. Áiríonn sé an Rúisis a bheith ‘an-éasca’ mar theanga agus tá sé ag súil go mór leis an éascaíocht atá i ndán dó agus é ag plé le heagraíochtaí deonacha sláinte trí mheán na teanga sin.

Ní duine eisceachtúil an fear óg seo. Is ionann cás dó féin agus don tiománaí tacsaí ar casadh ina chomhluadar mé tráthnóna i Leuven na Beilge – fear a d’fhoghlaim Fraincis agus Pléimeannais le go bhféadfadh sé a chomhrá a dhéanamh go cúirtéiseach lena chuid paisinéirí uilig, ach a thug leis chun na Beilge ón mbaile sa Nigéir trí nó ceithre cinn de theangacha difriúla (an Béarla ina measc).

Do na daoine seo agus dá leithéidí ariamh anall, ní ualach teanga ach uirlis úsáideach mheallacach a tharraingíonn siad chucu féin le fonn nuair is gá nó nuair a oireann. Agus má tá teanga úr le foghlaim, téitear i mbun foghlama go fonnmhar agus gan rud mór ar bith a dhéanamh de. Saibhriú ar a saol na teangacha éagsúla seo a bheith acu ach ní saibhreas é a bhfuil mórán airde acu air. Nuair a chuireann tú ceist cé mhéid teanga atá acu, breathnaíonn siad go haisteach ort agus ní furasta leo do cheist a fhreagairt. Tá sé mar a bheifeá i ndiaidh a fhiafraí: ‘Cé mhéid péire stocaí atá agat?’

Ní hé seo dearcadh an Anglasféir. Tá idé-eolaíocht teanga ann a leanann an Béarla i mbeagnach gach áit a dtéann sé. Doicheall roimh an ilteangachas agus amhras ina thaobh is bunchloch don fhealsúnacht seo. Glactar leis gur dual do dhuine teanga amháin a fhoghlaim agus a úsáid agus ar an ábhar sin gur rud neamhghnách (nó gur rud urchóideach go minic) an t-ilteangachas.

I gcomhthéacs an náisiúnachais a tháinig an idé-eolaíocht seo chun cinn agus bhí mar thoradh uirthi (agus mar aidhm léi) cosc a chur le húsáid teanga ar bith taobh istigh de theorannacha an náisiúin nár theanga ‘oifigiúil’ í. Tá contúirt mhór ann, a deirtear, go dtabharfadh daoine dílseacht do phobal na teanga s’acu féin in ionad dílseacht a thabhairt don mhórphobal náisiúnta.

Faoi scáth an amhrais seo, is minic a thugtar le fios do thuismitheoirí, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, go mbeadh sé éagórach acu ualach an dátheangachais a leagan ar a gcuid páistí. Caithfear teanga amháin a roghnú mar theanga teaghlaigh, agus ar ndóigh sa chás sin déanfar rogha de theanga na mbuntáistí. Is í an idé-eolaíocht seo saintréith chultúrtha an Anglasféir agus is aisti a fhásann an dúshlán mór a raibh na ceannairí gnó agus na ceannairí stáit ag dul i ngleic leis in ollscoil Mharyland in 2013. Rómhaith, is cosúil, a d’éirigh leis an phlean.

Ar cheart creidiúint a thabhairt don chóras creidimh seo? I seachtóidí an 20ú haois a tosaíodh ar na ceisteanna seo a iniúchadh ar bhun eolaíochtúil. De dheasca leathchéad bliain d’obair chrua choinsiasach, i saotharlanna ar fud an domhain, ní call dúinn a bheith i muinín na tuairimíochta níos mó. Seo thíos na fíricí:

  • Ní dual don duine a bheith i muinín teanga amháin. Is iomadúla go mór na daoine ilteangacha ná na daoine nach bhfuil acu ach teanga amháin. Seo mar bhí ariamh, is cosúil. Mar sin, ní duine eisceachtúil mo chara óg ón India; is é Béarlóir na haon teanga an t-aonaránach.
  • Tá páistí an-óg lánábalta ar thrí cinn nó níos mó de theangacha a thabhairt leo ag an am céanna agus iad a fhoghlaim go paiteanta. Ceann de mhíorúiltí an domhain nádúrtha is ea cumas urlabhra an naíonáin. Sa bhroinn sa tríú ráithe a thosaíonn foghlaim na dteangacha; a luaithe a osclaíonn siad na súile, bíonn naíonáin nuabheirthe go láidir i mbun anailís shofaisticiúil ar thréithe na dteangacha uilig a chastar leo ina dtimpeallacht shóisialta.
  • Ar an ábhar sin, ní dhéanann sé dochar dá laghad d’fhorbairt intleachta an linbh óig a bheith ar maos i dteangacha éagsúla agus í an-óg.
  • Tá cás láidir déanta ag scoláirí ar nós Ellen Bialystok agus a cuid comhghleacaithe go mbíonn buntáistí cogneolaíochta ag an leanbh dátheangach nach mbíonn ar fáil don leanbh nach mbíonn ina thimpeallacht ach aon teanga amháin – buntáistí atá suntasach agus intomhaiste sa tsaotharlann. An sórt aclaíocht intleachta a bhíonn mar thaithí saoil ag an naíonán i dtimpeallacht ilteangach, téann sí chun sochair don inchinn óg ar an bhealach céanna a dtéann aclaíocht chorpartha chun sochair do ghéaga óga. Ní gá a bheith faiteach roimh an dátheangachas mar sin; ba chiallmhaire fáiltiú roimhe.

Ach fiú más léir nach bhfuil bunús fírinneach le fealsúnacht an Anglasféir, bíonn sí i mbun a cuid oibre i gcónaí go ciúin, éifeachtach, formhothaithe.

Tá slad á dhéanamh i láthair na huaire ar stór teangacha an chine dhaonna. Sé sin le rá, tá tuismitheoirí ar fud na cruinne ag diúltú a gcuid teangacha dúchais a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Cad chuige a bhfuil sé seo ag tarlú? Níl le déanamh ach breathnú ar léarscáil an domhain le cuid de fhreagra na ceiste sin a aimsiú. Tá patrún an-soiléir le feiceáil ar an léarscáil sin – na réigiúin sin is mó ina bhfuil tanú agus díothú déanta ar líon na dteangacha, is ionann iad, a bheag nó a mhór, agus na réigiúin ina bhfuil an Béarla agus idé-eolaíocht an Anglasféir, in uachtar – i Meiriceá Thuaidh ach ní hamhlaidh cás an oiread sin i Meiriceá Láir ná i Meiriceá Theas; san Astráil ach ní go ginearálta i limistéir an Chiúin-Aigéin; san Afraic Theas níos mó ná san Afraic Láir ná san Afraic Thuaidh. Ní dóigh liom go bhféadfaí a bheith in amhras nach í idé-eolaíocht an Anglasféir, agus an doicheall roimh an ilteangachas atá fite tríthi, is fearr a mhíníonn na patrúin sin. Más dóigh leat go gcaithfidh tú rogha a dhéanamh idir dhá theanga, déanfaidh tú rogha de theanga na mbuntáistí agus na céimiúlachta.

Ach ní fíor go gcaithfear rogha a dhéanamh. Agus má amharcaimid níos géire ar an léarscáil chéanna, tá féidearthachtaí eile le feiceáil. Mar ní fíor go hiomlán go n-imíonn teangacha áitiúla i léig gach aon áit a dtáinig an Béarla isteach. Tháinig an Béarla isteach chun na hIndia go luath sa 17ú haois. Mar theanga trádála a tháinig sé isteach ar dtús agus ina dhiaidh sin is é a bhí mar theanga riaracháin, mar theanga oideachais phoiblí, agus mar theanga impireachta. Glacadh go fonnmhar leis agus leis na buntáistí móra a lean de – mar theanga chumarsáide idirnáisiúnta, mar theanga teicneolaíochta agus mar theanga ardchultúir. Ach níor chúlaigh riamh na teangacha áitiúla. Is é is bunrúta do chultúr na hIndia inniu gur tír ilteangach í agus gurb í an tír is saibhre éagsúlacht teanga í ar dhroim an domhain. Ní eisceacht ar bith mo chara óg an t-aintraipeolaí leighis, agus as cultúr saibhir seo na héagsúlachta a d’fhás an toil atá aige féin do theangacha úra agus do chultúir úra.

Sa réigiún sin, mar sin, tá briste ar an dlúthcheangal atá le feiceáil i dtíortha eile idir teacht an Bhéarla agus idé-eolaíocht an Anglasféir, agus tá diúltaithe go hiomlán d’fhealsúnacht an Anglasféir. Cén difríocht atá idir stair agus cultúr na hIndia agus stair agus cultúr na hÉireann a mhíníonn an chontrárthacht bhunúsach seo? Dá mbeadh a fhios sin againn, bheadh deis níos fearr againn cur in éadan an chaillteanais ollmhóir intleachtúil atá thart uilig orainn i láthair na huaire.

Nuair a bhí mé i mo dhéagóir agus mé ar an choláiste samhraidh i Rann na Feirste i dTír Chonaill, bhí de phribhléid agam (ó tharla an darna teanga agam) a bheith ábalta a bheith ag éisteacht le cuid scéalaíochta Mhicí Sheáin Néill Ó Baoill.

I gceann de na scéalta ba mhó a théadh i bhfeidhm orainn sa teach sin oícheanta seanchais, tá an rílaoch Conall Cearnach faoi ghlasa crua ag mac Chú Chulainn agus ar seisean go truacánta: ‘Scaoil as an chuibreach seo mé.’

Nár mhéanar.

Is teangeolaí é Jim McCloskey atá ina Ollamh Taighde in Ollscoil California Santa Cruz. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Ní gá glacadh leis an idé-eolaíocht teanga a leanann an Béarla beagnach gach áit…'

  • Eoghan Ó Néill

    An-suimiúil agus fíor. Is cuimhin liom bheith ag taispeáinteas ina raibh rónta ag déanamh cleasanna i linn mhór i Valencia na Spáine agus an tráchtaire ag caint faoi. Bhí daoine ann ón Phortaingéal, Iodáil Gearmáin etc. i measc an tslua féachana. Éireannaigh a bhí in ár ngrúpa. Nuair a bhí sé thart adúirt cara liom gur ba chirte an trácht a bheith as béarla ionas go dtuigfeadh daoine as as an Ghearmáin etc. é. Sin sampla den mheon anglach atá go smior i gcuid mhaith daoine sa tír seo. Ceapann siad gur Übersprache é an béarla a gcaithfeadh na cinn eile umhlú dó.
    .

  • John Woods

    Alt den scoth. Go mba fada buan ‘Láithreach Bonn’.

  • Eoin Ó Murchú

    Aontaím ar ndóigh leis an gcuid is mó den alt seo, ach ní ón náisiúnachas a thagann dímheas lucht Bhéarla ar theangacha eile, ach ó cumhacht an Bhéarla mar theanga idirbheartaíochta. Más í an Rúisis lingua franca na hÁise Lár is é Béarla lingua franca na hEorpa. Inniu fiú sa bhFrainc – tír nach raibh fáilte ann roimh theangacha iasachta nuair a bhí mise óg – tá sé éasca teacht ar dhaoine a bhfuil Béarla acu.