LÁITHREACH BONN 24: Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Mark Rutte san Ísiltír?

Tar éis fanacht fada ó thit rialtas Mark Rutte sa samhradh, tá olltoghchán á reáchtáil san Ísiltír inniu

LÁITHREACH BONN 24: Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Mark Rutte san Ísiltír?

I dtús mhí Iúil a thit comhrialtas nualiobrálach Mark Rutte (an ceathrú ceann faoina stiúir ó bhí sé ina Chéad-Aire den chéad uair 13 bliain ó shin) ach ar chúiseanna éagsúla riaracháin agus eile, ní fhéadfaí olltoghchán a reáchtáil go dtí inniu, breis agus ceithre mhí níos déanaí.

Ceann de na cúiseanna ‘eile’ gur shocraigh na húdaráis toghchánaíochta an t-olltoghchán a chur ar an méar fhada ar feadh tamaill ná nár mhaith leo go gcuirfí ina leith nár thug siad a dhóthain ama do pholaiteoir a bhfuil an-ráchairt ag an bpobal air faoi láthair páirtí nua a bhunú.

Go dtí an tseachtain seo, bhí suas le 18% de na vótaí, nó suas le 28 suíochán parlaiminte, á dtuar do pháirtí úrnua Pieter Omtzigt, an NSC (Nieuw Sociaal Contract, nó ‘Conradh Sóisialta Nua’). Ach tháinig laghdú suntasach air sin sna pobalbhreitheanna deireanacha, agus meastar gur éiginnteacht faoi thuairimí Omtzigt ar cheisteanna áirithe ba chúis leis sin. Níl ach 15%, nó 25 suíochán, á dtuar don pháirtí nua anois.

Iarbhall de chuid an CDA, an Páirtí Daonlathach Críostaí, is ea Omtzigt agus ba é den chuid ba mhó ba chúis le titim thríú comhrialtas Mark Rutte thiar in 2021, nuair a tharraing sé aird ar an éagóir chórasach a bhí á déanamh ag coimisinéirí ioncaim na hÍsiltíre ar dhaoine ó chúlra inimirceach.

Laoch atá sásta troid ar son chearta an ‘ghnáthdhuine’ atá in Omtzigt i súile cuid mhór Ísiltíreach ach páirtí de chuid na heite deise atá ina NSC nuabhunaithe den chuid is mó, cé go bhfuil snas ‘sóisialta’ air nach bhfuil ar na páirtithe eile ar an eite dheis.

Acu sin, is iad nualiobrálaigh an VVD, páirtí Mark Rutte, is láidre sna pobalbhreitheanna. Dilan Yeşilgöz-Zegerius, Ollannach de shliocht Coirdíneach, atá ina ceannaire ar an bpáirtí sin ó d’fhógair Rutte go bhfágfadh sé an pholaitíocht, agus má bhíonn bua ag an VVD inniu seans mór go mbeidh Yeşilgöz, ní hamháin ar an gcéad bhean ach ar an gcéad duine de shliocht inimirceach, a bheidh ina Céad-Aire ar an Ísiltír. Ach ná cuireadh na gnéithe sin dul amú ar éinne: tá tuairimí Yeşilgöz ar cheisteanna áirithe cúpla céim ar dheis fós ó thuairimí Mark Rutte.

Tá suas le 19%, nó 30 suíochán, á dtuar don VVD sna pobalbhreitheanna.

An polaiteoir frith-Ioslamach iomráiteach Geert Wilders ba mhó a tháinig i dtír, is cosúil, ar an titim a tháinig ar thacaíocht pháirtí nua Pieter Omtzigt le cúpla lá anuas. Tá suas le 18% de na vótaí, nó suas le 28 suíochán, á dtuar do pháirtí Wilders anois, an PVV, páirtí frith-inimirce seanbhunaithe a d’fhéadfadh a bheith ar an dara páirtí is mó sa pharlaimint tar éis an toghcháin seo.

Comhghuaillíocht ar an eite chlé a bheadh sa tríú háit de réir na bpobalbhreitheanna deireanacha.

Tá suas le 16% de na vótaí, nó suas le 25 suíochán, á dtuar do PvdA/GroenLinks, an Lucht Oibre agus na Glasaigh, atá ag glacadh páirt san olltoghchán le chéile faoi stiúir Frans Timmermans, a bhíodh i gceannas ar chúrsaí aeráide an Aontais Eorpaigh nuair a bhí sé ina Chéad Leas-Uachtarán ar an Choimisiún Eorpach go dtí le fíorghairid.

Tá an-tóir ar Timmermans, atá ag díriú go mór ar chúrsaí aeráide san fheachtas, sna cathracha móra, go háirithe.

Díol suntais go bhfuil titim ollmhór tagtha sna pobalbhreitheanna ar thacaíocht an iarrthóra leath-Éireannaigh Caroline van der Plas, tar éis gur éirigh go hiontach lena páirtí BBB (BoerBurgerBeweging, nó ‘Gluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach’) i dtoghchán na bproibhinsí níos túisce i mbliana.

Mí nó dhó ó shin bhí sí fós á lua le post an Chéad-Aire ach níl ach 6% de na vótaí, nó 11 suíochán ar a mhéid, á dtuar dá páirtí faoi láthair. A hiompar neamhshocair sna díospóireachtaí agus an fás a bhí faoi pháirtí nua Pieter Omtzigt ba chúis leis an titim a bhí ar thacaíocht Van der Plas, dar leis na tráchtairí.

Díol suntais eile nach bhfuil os cionn 19%, nó 30 suíochán, á dtuar do pháirtí ar bith agus go mbeidh ar pé buaiteoir a bheidh ann inniu comhrialtas a chur le chéile ina mbeidh ar a laghad ceithre pháirtí páirteach.

An cheist is mó: an mbeidh páirtithe na heite deise agus an láir in ann comhrialtas a chur le chéile eatarthu féin, nó an é nach mbeidh rogha ag an mbuaiteoir – VVD Yeşilgöz, de réir gach cosúlachta – ach cuireadh a thabhairt do PvdA/GroenLinks Frans Timmermans?

Sa chás sin, beidh cúrsaí aeráide go mór chun tosaigh sa chéad tréimhse rialtais eile.

Ach sa chéad chás, bheadh PVV Geert Wilders, an polaiteoir frith-Ioslamach iomráiteach, páirteach i rialtas den chéad uair riamh.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN 24: Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Mark Rutte san Ísiltír?'