LÁITHREACH BONN 24: An margadh idir ceannairí nó mian an phobail a shocróidh cé a bheidh mar Uachtarán an Choimisiúin?

Díol imní dóibh siúd ar cás leo fás agus forbairt an Aontais Eorpaigh go gcaithfí an próiseas i dtraipisí arís tar éis na dtoghchán i mbliana córas an phríomhiarrthóra

LÁITHREACH BONN 24: An margadh idir ceannairí nó mian an phobail a shocróidh cé a bheidh mar Uachtarán an Choimisiúin?

Spitzenkandidat – focal fada Gearmánach a chiallaíonn an príomhiarrthóir. Focal freisin a dhéanann cur síos ar chóras a cuireadh ar bun ag leibhéal na n-institiúidí Eorpacha tar éis teacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin. Faoin gconradh sin, dúradh gur cheart go mbeadh nasc idir an próiseas faoina gceapfaí Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus toradh na dtoghchán Eorpach.

Cuireadh an próiseas i bhfeidhm go héasca in 2014 – roimh thoghcháin Eorpacha na bliana sin mhol Uachtarán na Parlaiminte Martin Schulz go roghnódh na grúpaí a bhí sa Pharlaimint iarrthóir a d’ainmneofaí mar Uachtarán ar an gCoimisiún ag an gcruinniú mullaigh a reáchtáiltear tar éis na dtoghchán. Mhol a ghrúpa féin, na Sóisialaigh, Schulz mar iarrthóir (spitzenkandidat).

Roghnaigh an EPP Jean Claude Juncker ina iarrthóir dóibh féin agus roghnaigh grúpa na heite clé – GUE/NGL – iar-phríomhaire na Gréige, Alexis Tsipras. Bhí iarrthóirí ag grúpa na Liobrálach agus na nGlasach freisin.  Reáchtáladh díospóireacht teilifíse idir na hiarrthóirí éagsúla. Fuair an EPP 29% den vóta sna toghcháin Eorpacha agus dá réir, d’ainmnigh Comhairle na hEorpa Jean Claude Juncker mar Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach agus ceapadh é i mí Iúil 2014.

Níor oibrigh an córas chomh héifeachtach céanna cúig bliana ó shin roimh thoghcháin 2019. Roghnaigh na páirtithe a gcuid iarrthóirí faoin bpróiseas – ceannaire an EPP sa Pharlaimint, Manfred Weber agus roghnaigh na Sóisialaigh leasuachtarán an Choimisiúin, Frans Timmermans. Arís eile, d’éirigh leis an EPP tromlach a fháil sa Pharlaimint ach ní raibh an oiread tacaíochta ag Weber ó ghrúpaí eile taobh amuigh den EPP agus a thabharfadh tromlach dó. Go deimhin, ba chosúil go mbeadh sé níos éasca ag Timmermans tromlach a fháil.

Ní mó ná sásta a bhí ceannairí rialtais ar fud an Aontais a bhain leis an EPP – Leo Varadkar ina measc – go ngéillfeadh an grúpa uachtaránacht an Choimisiúin ar an mbealach sin. Dá réir, caitheadh in aer próiseas an spitzenkandidaten agus reáchtáladh dhá chruinniú mullaigh de Chomhairle na hEorpa. I ndeireadh an lae, roghnaíodh Ursula von der Leyen agus ceapadh í mar Uachtarán ar an gCoimisiún, más go drogallach féin a rinne feisirí é.

Thug von der Leyen le fios an tseachtain seo caite go bhfuil sí sa tóir ar an dara téarma sa ról. Ba chuid bhunúsach den phróiseas a beartaíodh an chéad lá go mbeadh an té a cheapfaí tofa i bParlaimint na hEorpa. Ní raibh Ursula von der Leyen ina hiarrthóir riamh, ní áirím ina feisire. Tá duine de na Coimisinéirí a bhí ag obair léi le tamall de bhlianta roghnaithe ag grúpa na Sóisialach óna gcomhdháil sa Róimh ag an deireadh seachtaine.

As Lucsamburg é Nicolas Schmitt, an coimisinéir fostaíochta agus cearta sóisialta. Ní raibh seisean ina Fheisire Eorpach riamh ach an oiread. Glactar leis gurb í Ursula von der Leyen a ainmneoidh an EPP ag a gcomhdháil i Bucharest Dé Céadaoin agus Déardaoin na seachtaine seo (6-7 Márta).

Tá meas ar an obair a rinne von der Leyen le linn na paindéime agus í molta freisin maidir le cur chun cinn na leasuithe faoi chúrsaí aeráide agus an dearcadh atá glactha aici ó thaobh chás na hÚcráine. Ó tharla go bhfuil sí sa ról cheana féin, tá tuairim ann gur deacair dul thairsti cé go gcuireann sé próiseas an spitzenkandidaten as a riocht uair amháin eile.

Díol imní dóibh siúd ar cás leo fás agus forbairt an Aontais go gcaithfí an próiseas i dtraipisí arís tar éis na dtoghchán i mbliana ach braithfidh go leor ar thorthaí na dtoghchán sin. Caithfidh an t-iarrthóir tromlach a fháil i measc na bhfeisirí a thoghfar i mí an Mheithimh.

Córas an Spitzenkandidat – iarracht cur le daonlathas na dtoghchán Eorpach

Más fíor do na pobalbhreitheanna ar fad d’fhéadfadh go mbeidh athrú suntasach a bheith ar chomhdhéanamh na parlaiminte má thagann an borradh atá á thuar ar thacaíocht na heite deise. Cén tionchar a bheidh acusan ar an idirbheartaíocht d’Uachtarán nua an Choimisiúin agus má bhíonn ‘torthaí na dtoghchán le cur san áireamh’ sa gceapachán, an gcuirfear brú ar an EPP agus ar an PES, na grúpaí móra sa pharlaimint, glacadh le coinníollacha i dtaca le pé margadh a bheith le déanamh?

D’fhéadfadh an grúpa aitheantais agus daonlathais (ID), lena mbíonn páirtithe na heite deise cláraithe, a bheith ar an tríú grúpa is mó sa pharlaimint tar éis na dtoghchán i mbliana. Cá bhfágfaidh sin próiseas an spitzenkandidat mar sin? Braithfidh go leor ar thorthaí na dtoghchán. Braithfidh tuilleadh ar dhearcadh na gceannairí ag Comhairle na hEorpa.

Tá a fhios againn cheana féin go bhfuil Emmanuel Macron glan in éadan an phróisis. Chuir Viktor Orbán in aghaidh cheapachán Jean-Claude Juncker in 2014. Beidh go leor ag brath ar an margáintíocht idir ceannairí Stáit ag cruinnithe Chomhairle na hEorpa tar éis na dtoghchán.

Cé gur bunaíodh an córas spitzenkandidat mar chóras le haitheantas a thabhairt do mhian an phobail sna toghcháin Eorpacha agus le nasc níos mó a dhéanamh idir an Pharlaimint agus an Coimisiún, i ndeireadh an lae is í an Chomhairle príomhuirlis na mballstát san Aontas lena mianta náisiúnta a chur chun cinn. An mairfidh an próiseas spitzenkandidat tar éis thoghcháin na bliana seo?

Inseoidh an mhargáintíocht a bheidh ar siúl mí an Mheithimh nuair a bheidh na feisirí tofa an méid sin dúinn.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN 24: An margadh idir ceannairí nó mian an phobail a shocróidh cé a bheidh mar Uachtarán an Choimisiúin?'

  • Lillis Ó Laoire

    Drochthuar don daonlathas.