Córas an Spitzenkandidat – iarracht cur le daonlathas na dtoghchán Eorpach

Faoi chóras neamhoifigiúil an Spitzenkandidat, córas an phríomhiarrthóra roghnaíonn páirtithe a bpríomhiarrthóir d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh roimh na toghcháin

Córas an Spitzenkandidat – iarracht cur le daonlathas na dtoghchán Eorpach

Beidh ar pháirtithe polaitiúla na hEorpa cinneadh a dhéanamh roimh thoghcháin na bliana seo chugainn an gcuirfidh siad faoi bhráid an phobail iarrthóirí don phost is sinsearaí i bhfeidhmeannas an AE – Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

Tá go leor cainte faoi láthair faoi chóras Spitzenkandidat, nó córas an phríomhiarrthóra. Bhí an córas sin in ainm is a bheith i bhfeidhm do thoghcháin 2019 ach níor cloíodh leis agus tugadh an post mór do Ursula von der Leyen cé nach raibh sí i measc na bpríomhiarrthóirí a ainmníodh roimh na toghcháin.

Faoi chóras an Spitzenkandidat, ainmníonn na páirtithe éagsúla roimh ré an t-iarrthóir a bheidh acu do phost an Uachtaráin le go mbeidh rogha níos soiléire ag an bpobal agus iad ag vótáil.

Tuairiscítear go bhfuil sé i gceist ag na páirtithe go léir ainmneacha príomhiarrthóirí a chur faoi bhráid an phobail roimh thoghcháin 2024. Meastar go mbeidh von der Leyen ina príomhiarrthóir ag an EPP agus í ar thóir an dara téarma.

Níl aon ní i gconarthaí na hEorpa a leagann dualgas ar pháirtithe príomhiarrthóir do ról an uachtaráin a ainmniú ach thug na páirtithe a mbeannacht do chóras an Spitzenkandidat ó tharla go síltear go mbraitheann an pobal scartha amach ón AE agus go mbíonn amhras orthu faoin a dhaonlathaí is atá córas polaitiúil an Aontais.

Thit an tóin as an iarracht muinín an phobail a fháil nuair a roghnaigh ceannairí na mballstát an post mór a thabhairt do von der Leyen seachas do Manfred Weber, an duine a bhí roghnaithe roimh ré ag an bpáirtí agus a raibh feachtas mór curtha isteach aige.

De réir rialacha pháirtí an EPP ní foláir dóibh príomhiarrthóir a bheith acu. Tá sé deimhnithe cheana féin ag Glasaigh na hEorpa go n-ainmneoidh siad beirt Spitzenkandidat, bean agus fear a roghnóidh baill an pháirtí i Lyon na Fraince mí Feabhra seo chugainn.

Léiríonn pobalbhreitheanna éagsúla go bhfuil fadhb mhór ag an Aontas Eorpach ó tharla dearcadh diúltach a bheith ag daoine faoin a dhaonlathaí agus atá sé. Údar imní é sin agus toghcháin ar siúl i mí an Mheithimh seo chugainn do Pharlaimint na hEorpa.

Cuireadh córas an Spitzenkandidaten i bhfeidhm den chéad uair in 2014.

Ceann de na príomhaidhmeanna a bhí leis an gcóras seo dlisteanacht dhaonlathach níos fearr a thabhairt d’oifig cheann feadhna fheidhmeannas an Aontais Eorpaigh tríd an deis a thabhairt do vótóirí tionchar a bheith acu ar roghnú Uachtarán an Choimisiúin.

Deir na Glasaigh agus daoine eile a mholann córas an Spitzenkandidaten go ndéanann sé níos daonlathaí toghcháin na hEorpa, na toghcháin ina roghnaíonn lucht vótála sna 27 ballstát na feisirí parlaiminte a chuirfidh siad chun na Bruiséile agus Strasbourg.

Faoi chóras an Spitzenkandidaten, is é príomhiarrthóir an pháirtí is mó sa pharlaimint i ndiaidh na dtoghchán is túisce a dhéanfar an uachtaránacht a thairiscint dóibh.

Aidhm eile a bhí leis an gcóras fuinneamh agus suim níos mó a chothú sna toghcháin Eorpacha agus pearsantú a dhéanamh ar an bhfeachtas toghcháin toisc duine ar leith a bheith ainmnithe le clár polaitiúil.

Táthar ag súil go spreagfadh sin saoránaigh le dul amach agus vóta a chaitheamh.

 

Tá an dearcadh ann freisin go bhféadfadh gurb é an próiseas seo ina n-ainmnítear príomhiarrthóir an chéad chéim agus amach anseo go mbeadh iarrthóirí ag feachtasaíocht ar fud an Aontais Eorpaigh uilig agus iad ag díriú ar cheisteanna a bhaineann leis an Aontas ar fad agus ag díriú ar shaoránaigh uilig an Aontais Eorpaigh.

Nuair a roghnaíonn páirtí a bpríomhiarrthóir don uachtaránacht roimh an toghchán, an duine sin a bhíonn i gceann an fheachtais agus a chuireann clár polaitiúil an pháirtí i láthair an phobail.

Nuair a reáchtáladh an córas seo den chéad uair in 2014 toghadh Jean‑Claude Juncker, an príomhiarrthóir a bhí ag Páirtí Phobal na hEorpa (EPP) ina Uachtarán ar an gCoimisiún.

Léirigh taighde a rinneadh ar an tionchar a bhí ag córas an Spitzenkandidaten in 2024 gur cuireadh leis an bplé ar na meáin faoi chúrsaí agus ceisteanna an Aontais Eorpaigh a bhuíochas don chóras sin.

Cuireadh go leor den phoiblíocht sin ó mhaith in 2019 nuair a cheap an Chomhairle Eorpach Ursula von der Leyen ina hUachtarán ar an gCoimisiún d’ainneoin nach ise a bhí ina príomhiarrthóir, ina Spitzenkandidat.

Ceann de na cúiseanna a tugadh le teip an chórais sin in 2019 nach raibh an Chomhairle Eorpach sásta go raibh an taithí riachtanach ag aon duine de na príomhiarrthóirí.

Ó Chonradh na Róimhe go dtí tús na 1980idí, ba bheag ról ar bith ag Parlaimint na hEorpa. Tugadh ról comhairliúcháin don Pharlaimint faoi Fhógra Stuttgart i 1983.

Ba le Conradh Liospóin in 2009 a tugadh isteach an nós imeachta atá i bhfeidhm sa lá inniu nuair a rinneadh ceangal polaitiúil leis an vóta d’Uachtarán an Choimisiúin. Faoi Airteagal 17(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is í an Pharlaimint a thoghann an tUachtarán le toil thromlach na bhfeisirí faoi phróiseas ina molann an Chomhairle Eorpach iarrthóir don Pharlaimint.

Bhí córas an Spitzenkandidaten ar cheann de na bearta a mhol an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa mar ar moladh go mbeadh ionchur níos mó ag saoránaigh na hEorpa i roghnú an té a bheadh ina Uachtarán ar an Choimisiún.

Dúradh go bhféadfaí an deis sin a thabhairt dóibh trí Uachtarán an Choimisiúin a thoghadh go díreach nó trí chóras an Spitzenkandidaten a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Córas an Spitzenkandidat – iarracht cur le daonlathas na dtoghchán Eorpach'